Language of document :

Caingean arna tabhairt an 1 Márta  2024 – Ty v EUIPO – Carletto Management & Logistik (Glubschis)

(Cás T-137/24)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Ty, Inc. (Westmont, Illinois, na Stáit Aontaithe) (ionadaithe: V. von Bomhard, J. Fuhrmann agus A. Malkmes, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Carletto Management & Logistik AG (Wollerau, an Eilvéis)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an Aontas Eorpach i ndáil leis an bhfocalmharc “Glubschis” – Clárú idirnáisiúnta Uimh. 1 281 710 lena n-ainmnítear an Aontas Eorpach

Nós imeachta os comhair EUIPO: Nós imeachta cealúcháin

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 13 Nollaig 2023 i gCás R 1835/2021-2

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO agus, má dhéanann sé idiragairt, don idiragraí na costais a íoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 59(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

____________