Language of document : ECLI:EU:T:2023:67

BREITHIÚNAS NA CÚIRTE GINEARÁLTA (an Dara Dlísheomra)

an 15 Feabhra 2023 (*)

(Fuinneamh – Inniúlacht ACER – Tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas – Earráid dlí – Pointe 1 d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/943 – Airteagal 92 den Chomhaontú um Tharraingt Siar – Córas díolúine ad hoc Airteagal 308 agus Iarscríbhinn 28 den Chomhaontú Trádála agus Comhair)

I gCás T-492/21,

Aquind Ltd, arna bhunú i Londain (an Ríocht Aontaithe),

Aquind Energy Sàrl, arna bhunú i Lucsamburg (Lucsamburg),

Aquind SAS, arna bhunú in Rouen (an Fhrainc),

arna n-ionadú ag S. Goldberg, solicitor, agus E. White, Dlíodóir,

iarratasóirí,

v

Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER), arna hionadú ag P. Martinet agus E. Tremmel, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó B. Creve, Dlíodóir,

cosantóir,

le tacaíocht ó

Pharlaimint na hEorpa, arna hionadú ag A. Tamás agus O. Denkov, i gcáil Gníomhairí,

agus ó

Chomhairle an Aontais Eorpaigh, arna hionadú ag A. Lo Monacó, L. Vétillard agus M. É. Sitbon, i gcáil Gníomhairí,

idiragraithe,

tugann AN CHÚIRT GHINEARÁLTA (an Dara Dlísheomra),

agus í comhdhéanta, le linn na bpléití, mar seo a leanas: V. Tomljenović, Uachtarán, P. Škvařilová-Pelzl agus I. Nõmm (Rapóirtéir), Breithiúna,

Cláraitheoir: I. Kurme, Riarthóir,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,

i ndiaidh éisteacht an 24 Deireadh Fómhair 2022,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1        Lena gcaingean atá bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí, Aquind Ltd, Aquind Energy Sàrl agus Aquind SAS, go gcuirfí cinneadh Bhord Achomhairc de Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) an 4 Meitheamh 2021 maidir le hiarraidh ar dhíolúine i leith idirnascaire leictreachais lena nasctar córais tarchurtha leictreachais na Ríochta Aontaithe agus na Fraince (an “cinneadh atá faoi chonspóid”) ar neamhní.

 Cúlra na díospóide

2        Is cuideachta phoiblí theoranta é Aquind Ltd atá corpraithe sa Ríocht Aontaithe. Is tionscnóir é de thionscadal idirnascaire leictreachais lena nasctar córais tarchurtha leictreachais na Ríochta Aontaithe agus na Fraince (“idirnascaire Aquind”).

3        An 17 Bealtaine 2017, thaisc Aquind Ltd iarraidh d’fhonn díolúine a fháil d’idirnascaire Aquind de bhun Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le coinníollacha rochtana ar an ngréasán um malartuithe trasteorann sa leictreachas agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1228/2003 (IO 2009 L 211, lch. 15). Cuireadh an iarraidh sin faoi bhráid na n-údarás rialála náisiúnta sa Fhrainc, an Commission de régulation de l’énergie (an Coimisiún um Rialú Fuinnimh; CRE), agus sa Ríocht Aontaithe, an Office of Gas and Electricity Markets (Oifig an Mhargaidh Gáis agus an Leictreachais).

4        Ós rud é nár tháinig na húdaráis rialála náisiúnta ar chomhaontú maidir leis an iarraidh ar dhíolúine, chuir siad an iarraidh sin, an 29 Samhain agus an 19 Nollaig 2017 faoi seach, faoi bhráid ACER i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Uimh. 714/2009 ionas go nglacfadh ACER cinneadh ina leith.

5        Le cinneadh an 19 Meitheamh 2018, dhiúltaigh ACER don iarraidh ar dhíolúine d’idirnascaire Aquind (“cinneadh ACER”).

6        An 17 Lúnasa 2018, thionscain Aquind Ltd achomharc i gcoinne an chinnidh sin os comhair Bhord Achomhairc ACER (an “Bord Achomhairc”).

7        Le cinneadh an 17 Deireadh Fómhair 2018, dhearbhaigh an Bord Achomhairc cinneadh ACER agus mar sin dhiúltaigh sé don iarraidh ar dhíolúine d’idirnascaire Aquind.

8        Le hiarraidh a taisceadh i gClárlann na Cúirte Ginearálta an 14 Nollaig 2018, rinne Aquind Ltd agóid i gcoinne an chinnidh sin. Le breithiúnas an 18 Samhain 2020, Aquind v ACER (T-735/18, faoi achomharc, EU:T:2020:542), chuir an Chúirt Ghinearálta an cinneadh sin ar neamhní.

9        An 5 Feabhra 2021, chuir an Bord Achomhairc tús arís leis na himeachtaí maidir leis an achomharc a thionscain Aquind Ltd i gcoinne chinneadh ACER.

10      An 19 Bealtaine 2021, cuireadh éisteacht ar bun os comhair an Bhoird Achomhairc.

11      An 4 Meitheamh 2021, ghlac an Bord Achomhairc an cinneadh atá faoi chonspóid lenar dhearbhaigh sé go raibh an t-achomharc neamh-inghlactha ar an bhforas, i ndiaidh Brexit, nach raibh sí inniúil a thuilleadh chun rialú a thabhairt i gcomhthéacs na n-imeachtaí maidir leis an iarraidh ar dhíolúine le haghaidh idirnascaire Aquind.

 An t-ordú atá á lorg ag na páirtithe

12      Iarann na hiarratasóirí ar an gCúirt Ghinearálta:

–        an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

–        a ordú do ACER na costais a íoc.

13      Iarann ACER ar an gCúirt Ghinearálta, le tacaíocht ó Pharlaimint na hEorpa:

–        a dhiúltú don chaingean;

–        a ordú do na hiarratasóirí na costais a íoc.

14      Iarann Comhairle an Aontais Eorpaigh, go bunúsach, go ndiúltaítear don chaingean.

 An dlí

15      Mar thaca lena gcaingean, maíonn na hiarratasóirí dhá shaincheist dlí. An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear go ndearna an Bord Achomhairc earráid trí dhearbhú nach raibh sé inniúil i ndiaidh Brexit agus trí dhiúltú mar sin don chaingean os a chomhair toisc í a bheith neamh-inghlactha. An dara saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar cheanglais Airteagal 25(3) agus Airteagal 28(4) de Rialachán (AE) 2019/942 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (IO 2019 L 158, lch. 22), chomh maith le sárú ar roinnt forálacha de chinneadh Uimh. 1-2011 ón mBord Achomhairc arna ghlacadh an 1 Nollaig 2011 lena mbunaítear a rialacha eagrúcháin agus nós imeachta.

 An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear earráid dlí arna déanamh ag an mBord Achomhairc trí dhearbhú nach raibh sé inniúil i ndiaidh Brexit

16      I gcomhthéacs na chéad saincheiste dlí, maíonn na hiarratasóirí, in ainneoin Brexit, go raibh an Bord Achomhairc inniúil go fóill chun measúnú a dhéanamh arís ar chinneadh ACER i ndiaidh don Chúirt Ghinearálta a chinneadh an 17 Deireadh Fómhair 2018 a chur ar neamhní. Maíonn siad, de bhun Airteagal 266 CFAE, go raibh ar an mBord sin cinneadh nua a ghlacadh a bheadh comhfhreagrach leis an gcinneadh a bheadh glactha aige dá mba rud é nach ndearna sé na hearráidí arna sainaithint ag an gCúirt Ghinearálta agus cuireann siad chun suntais go dtagann inniúlacht an Bhoird Achomhairc go díreach as Airteagail 19 agus 20 de Rialachán (CE) Uimh. 713/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2009 lena mbunaítear Gníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (IO 2009 L 211, lch. 1), eadhon, Airteagail 28 agus 29 de Rialachán 2019/942 anois, agus as láithreacht caingne atá ar feitheamh.

17      Cuireann na hiarratasóirí chun suntais freisin, d’fhonn na bearta is gá a ghlacadh chun breithiúnas an 18 Samhain 2020, Aquind v ACER (T-735/18, faoi achomharc, EU:T:2020:542) a chomhlíonadh, de bhun Airteagal 20(3) de Rialachán Uimh. 713/2009 agus Airteagal 29 de Rialachán 2019/942, go raibh sé de cheart ag an mBord Achomhairc na hearráidí a rinneadh a cheartú agus cinneadh ACER á leasú aige ar bhonn a chumhachtaí an tráth sin agus ar bhonn an nós imeachta a bhí infheidhme mar sin, d’fhonn fáil réidh leis an neamhdhleathacht a aithníodh sa bhreithiúnas sin. Measann siad, amhail na caingne de bhun Airteagal 263 CFAE, nach mór inghlacthacht an achomhairc os comhair an Bhoird Achomhairc a mheas de réir na staide a bhí ann tráth a taisceadh an t-achomharc agus maíonn siad gur tháinig cinneadh ACER agus an t-achomharc ina choinne os comhair an Bhoird Achomhairc roimh theacht i bhfeidhm Rialachán 2019/942 agus Brexit.

18      Iarrann ACER, le tacaíocht ón bParlaimint, go ndiúltaítear don saincheist dlí seo.

19      Ba cheart a thabhairt chun cuimhne, de bhun Airteagal 266 CFAE, go gceanglaítear ar an institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht as a dtagann an gníomh a gcuirtear ar neamhní é na bearta is gá a dhéanamh chun an breithiúnas lenar dearbhaíodh an gníomh a bheith ar neamhní a chomhlíonadh. Chuige sin, chinn an Chúirt, chun breithiúnas den sórt sin a chomhlíonadh ina iomláine, go gceanglaítear ar an institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht atá i gceist ní hamháin urraim a léiriú ar an gcuid oibríochtúil den bhreithiúnas sin, ach freisin ar na forais ba bhun léi agus atá mar thacaíocht riachtanach léi, sa chaoi go bhfuil siad riachtanach chun brí an méid a cinneadh sa chuid oibríochtúil a chinneadh (breithiúnas an 26 Aibreán 1988, Asteris agus páirtithe eile v an Coimisiún, 97/86, 99/86, 193/86 agus 215/86, EU:C:1988:199, mír 27).

20      Sula nglacfaidh an institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht as a dtagann an gníomh ar cuireadh ar neamhní é bearta den sórt sin, áfach, caitear inniúlacht iad sin a cheistiú, ós rud é nach féidir leo gníomhú ach laistigh de theorainneacha na gcumhachtaí ar tugadh dóibh iad (féach, chuige sin, breithiúnas an 14 Meitheamh 2016, an Coimisiún v McBride agus páirtithe eile, C-361/14 P, EU:C:2016:434, mír 36 agus an cásdlí dá dtagraítear).

21      Anuas air sin, ní hionann an oibleagáid chun gníomhú a leanann as Airteagal 266 CFAE agus foinse inniúlachta don institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht atá i gceist agus ní cheadaítear léi é nó í féin a bhunú ar bhunús dlí a aisghaireadh idir an dá linn (féach, chuige sin, breithiúnais an 14 Meitheamh 2016, an Coimisiún v McBride agus páirtithe eile C-361/14 P, EU:C:2016:434, mír 38, agus an 29 Aibreán 2020, Tilly-Sabco v an Chomhairle agus an Coimisiún, T-707/18, neamhfhoilsithe, EU:T:2020:160, mír 44).

22      Ní scaoiltear saor an institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht atá i gceist leis an oibleagáid chun gníomhú a leanann as Airteagal 266 CFAE ón ngá an gníomh ina bhfuil na bearta chun an breithiúnas a chomhlíonadh a bhunú ar bhunús dlí lena gceadaítear dó nó di an gníomh sin a ghlacadh, ar thaobh amháin, agus atá i bhfeidhm ar an dáta a ghlactar an gníomh sin, ar an taobh eile (breithiúnas an 19 Meitheamh 2019, C & J Clark International, C-612/16, neamhfhoilsithe, EU:C:2019:508, mír 40).

23      Dá bhrí sin, is í an chéad chéim ná a chinneadh an bhfuil institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht ann atá inniúil le gníomhú agus, más amhlaidh atá, ar bhonn cén foráil shonrach de dhlí an Aontais Eorpaigh a bhfuil sé nó sí inniúil. Is ag an tráth sin amháin gur féidir na rialacha substainteacha agus nós imeachta sonracha lena rialaítear gníomhú na hinstitiúide sin a aithint. Mar sin féin, mura bhfuil aon bhunús dlí bailí i bhfeidhm tráth a bhfuil institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht den Aontas ag iarraidh cinneadh ar leith a ghlacadh, áfach, ní féidir brath ar na prionsabail lena rialaítear rialacha ag leanúint a chéile ó thaobh ama de d’fhonn forálacha substainteacha a bhíodh infheidhme i leith gníomhartha a glacadh san am atá thart a chur i bhfeidhm (tuairim an Abhcóide Ghinearálta Sharpston i gCás an Coimisiún v McBride agus páirtithe eile, C-361/14 P, EU:C:2016:25, mír 86; féach freisin, chuige sin, breithiúnas an 25 Deireadh Fómhair 2007, SP agus páirtithe eile v an Coimisiún, T-27/03, T-46/03, T-58/03, T-79/03, T-80/03, T-97/03 agus T-98/03, EU:T:2007:317, mír 117).

24      I bhfianaise an chásdlí sin, ba cheart a fhíorú, i ndiaidh chraoladh bhreithiúnas an 18 Samhain 2020, Aquind v ACER (T-735/18, faoi achomharc, EU:T:2020:542), an raibh an Bord Achomhairc in ann an gníomh ina raibh na bearta chun an breithiúnas sin a chomhlíonadh a bhunú ar bhunús dlí lena gceadófaí dó an gníomh sin a ghlacadh, ar thaobh amháin, agus a bhí i bhfeidhm ar an dáta a glacadh an gníomh sin, ar an taobh eile.

25      Caithfear a chinneadh mar sin, sa chás seo, cad a bhféadfadh a bheith sna bearta a bhí i mbreithiúnas an 18 Samhain 2020, Aquind v ACER (T-735/18, faoi achomharc, EU:T:2020:542).

26      Chuige sin, tá sé tábhachtach a thabhairt chun cuimhne gur chuir Aquind Ltd iarraidh faoi bhráid CRE agus OFGEM d’fhonn díolúine a fháil le d’idirnascaire Aquind de bhun Airteagal 17 de Rialachán Uimh. 714/2009. In éagmais comhaontaithe idir an dá údarás rialála náisiúnta, cuireadh an iarraidh ar dhíolúine ar aghaidh go ACER i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Uimh. 714/2009.

27      Le cinneadh ACER an 19 Meitheamh 2018, diúltaíodh don iarraidh ar dhíolúine d’idirnascaire Aquind. Mheas ACER nár shásaigh Aquind Ltd ceann de na coinníollacha riachtanacha chun díolúine a bhaint amach, eadhon an coinníoll dá bhforáiltear in Airteagal 17(1)(b) de Rialachán Uimh. 714/2009 ar dá réir go bhfuil an leibhéal riosca a bhaineann leis an infheistíocht de chineál a fhágann nach ndéanfaí difríocht don infheistíocht mura dtabharfaí an díolúine. Le cinneadh an 17 Deireadh Fómhair 2018, chinntigh an Bord Achomhairc cinneadh ACER agus mar sin dhiúltaigh sé don iarraidh ar dhíolúine d’idirnascaire Aquind.

28      Le breithiúnas an 18 Samhain 2020, Aquind v ACER (T-735/18, faoi achomharc, EU:T:2020:542), chuir an Chúirt Ghinearálta cinneadh an Bhoird Achomhairc an 17 Deireadh Fómhair 2018 ar neamhní agus ó tharla gur mheas sí, ar thaobh amháin, nach ndearna an Bord ach rialú srianta ar chinneadh ACER agus, ar an taobh eile, gur chruthaigh sé coinníoll breise, nach raibh foráil déanta dó leis an reachtaíocht, maidir le bronnadh díolúintí d’idirnascairí nua, trí chur isteach iarratais ar thacaíocht airgeadais a éileamh roimh ré d’infheistíocht a bhaineann le tionscadal leasa choitinn roimh iarraidh ar dhíolúine a chur isteach.

29      Agus breithiúnas an 18 Samhain 2020, Aquind v ACER (T-735/18, faoi achomharc, EU:T:2020:542), á chur san áireamh, is ionann na bearta a d’fhéadfadh a bheith ina chomhlíonadh agus rialú nua, ag an mBord Achomhairc, ar chinneadh ACER, nach bhfuil teoranta do rialú ar an earráid fhollasach mheasúnaithe, ag cinntiú nach ndéanfar an earráid chéanna a d’aithin an Chúirt Ghinearálta, atá bunaithe ar an gceanglas chun iarratas ar thacaíocht airgeadais a thaisceadh roimh ré, agus é ag déanamh measúnú ar leibhéal an riosca a bhaineann leis an infheistíocht.

30      Chuige sin agus a mhalairt ar an méid a mhaíonn na hiarratasóirí, ní fhéadfadh a bheith sna bearta sin glacadh cinnidh ex officio lena bhronntar an díolúine a lorgaítear orthu. Ní leanann sé as breithiúnas an 18 Samhain 2020, Aquind v ACER (T-735/18, faoi achomharc, EU:T:2020:542), gur mheas an Chúirt Ghinearálta gur comhlíonadh an coinníoll maidir le leibhéal riosca a bhaineann leis an infheistíocht, dá bhforáiltear in Airteagal 17(1)(b) de Rialachán Uimh. 714/2009, agus go raibh ar an mBord Achomhairc cinneadh nua a ghlacadh lena réiteofaí bealach chun díolúine a fháil.

31      Ós rud é gur aithníodh na saghsanna bearta atá i gceist le comhlíonadh an bhreithiúnais neamhnithe, ba cheart a chinneadh an raibh, ar dháta glactha an chinnidh atá faoi chonspóid, eadhon an 4 Meitheamh 2021, bunús dlí i bhfeidhm lena gceadaíodh don Bhord Achomhairc gníomh a ghlacadh le bearta den sórt sin ann.

32      Chuige sin, ba cheart a shonrú go leanann na forálacha a bhaineann leis an mbunús dlí agus leis an nós imeachta a leantar go dtí glacadh an chinnidh atá faoi chonspóid as na Rialacha Nós Imeachta (féach, chuige sin, breithiúnais an 29 Márta 2011, ThyssenKrupp Nirosta v Coimisiún, C-352/09 P, EU:C:2011:191, mír 90; an 12 Meán Fómhair 2007, González y Díez v Coimisiún, T-25/04, EU:T:2007:257, mír 60, agus an 31 Márta 2009, ArcelorMittal Luxembourg agus páirtithe eile v Coimisiún, T-405/06, EU:T:2009:90, mír 67). Is cuid den chásdlí socair é go bhfuil na Rialacha Nós Imeachta ceaptha go ginearálta a bheith infheidhme ar an dáta ar a thagann siad i bhfeidhm (féach breithiúnas an 26 Márta 2015, Coimisiún v Moravia Gas Storage, C-596/13 P, EU:C:2015:203, mír 33 agus an cásdlí dá dtagraítear).

33      Sa chás sin, nuair a chuir an Chúirt Ghinearálta cinneadh an Bhoird Achomhairc an 17 Deireadh Fómhair 2018 ar ceal agus go raibh air mar sin cinneadh ACER a scrúdú arís, bhí an bunús dlí lena gceadaíodh dó na caingne i gcoinne cinntí ACER a scrúdú, lena n-áirítear na caingne maidir le díolúine, le fáil in Airteagal 28 de Rialachán 2019/942. Tháinig Rialachán 2019/942 in áit Rialachán Uimh. 713/2009 agus tháinig sé i bhfeidhm an 4 Iúil 2019, eadhon roimh ghlacadh an chinnidh atá faoi chonspóid. Mar sin, bhí forálacha Airteagal 28 de Rialachán 2019/942, i bprionsabal, infheidhme sa chás sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 7 Meán Fómhair 2022, BNetzA v ACER, T-631/19, EU:T:2022:509, míreanna 21 agus 81). Dar le ACER, bhí an bunús dlí lenar ceadaíodh dó cinneadh a ghlacadh i leith iarrata ar dhíolúine le fáil in Airteagal 10 de Rialachán 2019/942 agus in Airteagal 63(5) de Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas (IO 2019 L 158, lch. 54).

34      Cé go gceadaítear leis na forálacha sin do ACER iarraidh ar dhíolúine a scrúdú maidir le hidirnascaire agus go gceadaítear leo don Bhord Achomhairc measúnú a dhéanamh ar chinneadh ACER maidir leis an iarratas sin, ní féidir iad a chur i bhfeidhm i gcás, mar a fhoráiltear i bpointe 1 d’Airteagal 2 de Rialachán 2019/943 chomh maith le, go teagmhasach, i bpointe 1 d’Airteagal 2 de Rialachán Uimh. 714/2009, go dtrasnaíonn nó go réisíonn an líne tarchurtha teorainn idir Ballstáit agus go nascann sé córais náisiúnta tarchurtha na mBallstát.

35      Mar mhalairt air sin, ní cheadaítear le Rialacháin 2019/942 agus 2019/943 do ACER iarraidh ar dhíolúine a scrúdú a bhaineann le hidirnascaire idir Ballstát agus tríú Stát agus, a fortiori, ní bhronntar leo ar an mBord Achomhairc an inniúlacht chun measúnú a dhéanamh ar chinneadh ACER ar iarraidh den sórt sin.

36      I ndiaidh Brexit, áfach, baineann tionscadal idirnascaire Aquind anois le hidirnascaire idir Ballstát agus tríú Stát. Tá sé mar thoradh air sin nach bhfuil ACER ná an Bord Achomhairc in ann gníomh ina bhfuil bearta chun breithiúnas an 18 Samhain 2020, Aquind v ACER (T-735/18, faoi achomharc, EU:T:2020:542) a chomhlíonadh a bhunú ar an mbunús dlí lena gceadaíodh dóibh, ar dtús, an gníomh sin a ghlacadh.

37      Ag féachaint don bhreithniú sin, caithfear a chinneadh an raibh ACER agus an Bord Achomhairc in ann gníomh ina raibh na bearta chun breithiúnas an 18 Samhain 2020, Aquind v ACER (T-735/18, faoi achomharc, EU:T:2020:542) a chomhlíonadh a bhunú ar bhunús dlí eile seachas an ceann a bhfuil i Rialacháin 2019/942 agus 2019/943.

38      Chuige sin, rialaítear an caidreamh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe le forálacha den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO 2020 L 29, lch. 7, an “Comhaontú um Tharraingt Siar”) agus le forálacha den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an Aontais Eorpaigh, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (IO 2021 L 149, lch. 10, “CTC”).

39      Ar an gcéad dul síos, maidir leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, foráiltear mar seo a leanas i mír 1 d’Airteagal 92 de, dar teideal “Nósanna imeachta riaracháin atá ar siúl”:

“Leanfaidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais de bheith inniúil maidir le nósanna imeachta riaracháin a tionscnaíodh roimh dheireadh na hidirthréimhse agus a bhaineann leis an méid seo a leanas: (a) dlí an Aontais a bheith á chomhlíonadh ag an Ríocht Aontaithe, nó ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá ina gcónaí nó atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe; nó (b) dlí an Aontais a bhaineann le hiomaíocht a bheith á chomhlíonadh sa Ríocht Aontaithe.”

40      Foráiltear le hAirteagal 92(4) den Chomhaontú um Tharraingt Siar go gcuirfidh an tAontas liosta de na nósanna imeachta riaracháin uile atá ar siúl agus a thagann faoi raon feidhme mhír 1 ar fáil don Ríocht Aontaithe laistigh de 3 mhí tar éis dheireadh na hidirthréimhse.

41      Ar dtús, ní éilítear aon léiriú maidir le foráil a bhfuil ciall shoiléir aici agus nach bhfuil aon débhrí ag baint léi (breithiúnais an 25 Samhain 2009, an Ghearmáin v an Coimisiún, T-376/07, EU:T:2009:467, mír 22, agus an 13 Iúil 2018, Société générale v BCE, T-757/16, EU:T:2018:473, mír 33). Is féidir teacht chun na conclúide, áfach, le léamh simplí ar Airteagal 92(1) den Chomhaontú um Tharraingt Siar nach leathnaíonn raon feidhme an Chomhaontaithe chun nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hiarrataí ar dhíolúine le haghaidh idirnascairí, de bhun Airteagal 63 de Rialachán 2019/943, a clúdach. Ní bhronntar le hAirteagal 92 den Chomhaontú um Tharraingt Siar inniúlacht ar institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais ach i nósanna imeachta riaracháin ar leith maidir le institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí na Ríochta Aontaithe nó daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá ina gcónaí nó bunaithe sa Ríocht Aontais maidir le dlí an Aontais a chomhlíonadh. Fanann institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais inniúil mar sin chun institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí na Ríochta Aontaithe agus na daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá ina gcónaí nó bunaithe sa Ríocht Aontais a fhiosrú agus, más iomchuí, pionós a ghearradh orthu, i gcás inar tionscnaíodh nós imeachta roimh dheireadh na hidirthréimhse.

42      Ina dhiaidh, agus chuige sin, chinntigh an Coimisiún don Bhord Achomhairc, le ríomhphost an 10 Bealtaine 2021, nach raibh an nós imeachta riaracháin a bhaineann leis an gcás seo ar an liosta de nósanna imeachta riaracháin a leagadh síos de bhun Airteagal 92(4) den Chomhaontú um Tharraingt Siar. Ba cheart a shonrú go bhforáiltear leis an bhforáil sin, gan débhrí, go dtagraítear do “gach uile” nós imeachta riaracháin ar leith atá ar siúl a chumhdaítear faoi raon feidhme mhír 1 ar an liosta a chuirtear ar fáil don Ríocht Aontaithe laistigh de 3 mhí tar éis dheireadh na hidirthréimhse agus mar sin, nach liosta atá “faisnéiseach amháin” atá ann, mar mhalairt ar an méid a mhaíonn na hiarratasóirí.

43      Thairis sin, agus sa chaoi chéanna, ar an 27 Eanáir 2021, d’fhoilsigh CRE agus OFGEM preaseisiúint ar a suíomhanna gréasáin faoi seach le cur in iúl gur cinneadh clabhsúr a chur leis an nós imeachta um iarraidh ar dhíolúine d’idirnascaire Aquind ar an bhforas nach raibh an córas díolúine dá bhforáiltear le hAirteagal 63 de Rialachán 2019/942 infheidhme a thuilleadh i leith an tionscadail sin i ndiaidh do Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann tarraingt siar ón Aontas.

44      Ar deireadh, agus a mhalairt ar an méid a mhaíonn na hiarratasóirí, ní léirítear prionsabal ginearálta le hAirteagal 92 den Chomhaontú um Tharraingt Siar ar dá réir nár cheart cur isteach ar na nósanna imeachta atá ar siúl le Brexit. Mar a chuir ACER chun suntais le ceart, ina ionad sin, is ionann an fhoráil sin agus eisceacht ón bprionsabal ginearálta ar dá réir nach bhfuil feidhm ag dlí an Aontais – agus, dá bhrí sin, inniúlacht chomhlachtaí an Aontais – i leith na Ríochta Aontaithe a thuilleadh i ndiaidh di tarraingt siar ón Aontas agus ó dhlíchóras an Aontais.

45      Ar an dara dul síos, maidir le CTC, foráiltear mar seo a leanas leis, in Airteagal 309:

“Áiritheoidh gach Páirtí, i gcás díolúintí a dheonaítear idirnasctha idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe faoi Airteagal 63 de Rialachán [2019/943] ina ndlínsí faoi seach, a shíneann a dtéarmaí thar an idirthréimhse, go leanfaidh siad d’fheidhm a bheith acu i gcomhréir le dlí a ndlínsí faoi seach agus leis na téarmaí is infheidhme.”

46      Ní gá aon léiriú le hAirteagal 309 de CTC, a bhfuil ciall shoiléir aige agus nach bhfuil aon débhrí ag baint leis. Ní thagraítear leis ach do dhlíolúintí a “dheonaítear”, eadhon díolúintí gurb ann dóibh, agus ní bhaineann sé mar sin le hiarrataí ar dhíolúine atá fós ina n-ábhar do scrúdú. Dá bhrí sin, ní fhéadfadh an Bord Achomhairc na bearta chun breithiúnas an 18 Samhain 2020, Aquind v ACER (T-735/18, faoi achomharc, EU:T:2020:542) a chomhlíonadh a ghlacadh, tríd an díolúine d’idirnascaire Aquind a dheonú, de bhun Airteagal 309 de CTC.

47      Rinneadh foráil le CTC do chóras díolúine sonraí in Airteagal 308 agus in Iarscríbhinn 28. Foráiltear leis an bhforáil sin agus leis an Iarscríbhinn dá dtagraítear inti gur féidir le páirtí cinneadh a dhéanamh gan Airteagail 306 agus 307 de CTC – lena bhforáiltear go háirithe do mhuirir ar rochtain agus d’idirnascadh gréasáin agus do mhuirir ar úsáid gréasán – a chur i bhfeidhm, chun bonneagar nua a thógáil má tá an riosca a bhaineann leis an infheistíocht sa bhonneagar de chineál nach ndéanfaí difríocht don infheistíocht mura mbronnfaí an díolúine.

48      Ní bhronntar, áfach, le hAirteagal 308 agus Iarscríbhinn 28 ná, go teagmhasach, le haon fhoráil eile de CTC aon inniúlacht ar ACER agus, dá bhrí sin, ar an mBord Achomhairc, chun rialú a dhéanamh ar iarrataí ar dhíolúintí d’idirnascairí leictreachais. Mar a chuir an Bord Achomhairc chun suntais le ceart, tugtar le tuiscint le cur i bhfeidhm córais díolúine, socruithe agus próisis á ndéanamh ag na Ballstáit lena mbaineann agus ag an Ríocht Aontaithe.

49      Anuas air sin, tá raon feidhme an chórais díolúine maidir le rialacha mhargadh inmheánach an Aontais, ar thaobh amháin, agus raon feidhme an chórais díolúine atá in Airteagal 308 agus in Iarscríbhinn 28 de CTC, ar an taobh eile, difriúil. Ní dhírítear leis an dara córas ach ar dhíolúintí ó rialacha CTC, eadhon iad siúd atá in Airteagal 306 den Chomhaontú sin, a bhaineann le rochtain ag tríú páirtithe ar ghréasáin tarchurtha agus dáileacháin, agus na rialacha in Airteagal 307 den Chomhaontú céanna, a bhaineann le bainistiú gréasán agus le díchuachadh oibreoirí gréasáin tarchurtha.

50      Dá bhrí sin, ní fhéadfadh na hiarratasóirí iad féin a bhunú ar Airteagal 308 agus Iarscríbhinn 28 de CTC chun tacú leis an saincheist dlí go raibh an Bord Achomhairc inniúil chun bearta a ghlacadh chun breithiúnas an 18 Samhain 2020, Aquind v ACER (T-735/18, faoi achomharc, EU:T:2020:542) a chomhlíonadh.

51      Leanann sé as sin nach bhfuil aon fhoráil ann atá comhionann le hAirteagal 20(3) de Rialachán Uimh. 713/2009 ná le hAirteagal 29 de Rialachán 2019/942 lena mbronntar ar ACER agus ar an mBord Achomhairc an inniúlacht chun gníomhú i gcás idirnascaire idir Ballstát agus tríú Stát agus lena dtabharfaí de chumhacht dóibh rialacha substainteacha Airteagal 17(1)(b) de Rialachán Uimh. 714/2009 agus Airteagal 63 de Rialachán 2019/943 a chur i bhfeidhm.

52      Ní féidir amhras a chaitheamh le haon cheann d’argóintí na n-iarratasóirí ar fhiúntas réasúnaíocht an Bhoird Achomhairc.

53      Ar dtús, ba cheart diúltú d’argóint na n-iarratasóirí ar dá réir go dtabharfaí le tuiscint leis an “restitutio in integrum” go n-athosclódh ACER an nós imeachta a bhí os a chomhair ag an bpointe gur tháinig an neamhdhleathacht chun cinn agus go nglacfadh sé cinneadh nua nach raibh an neamhdhleathacht ann a aimsíodh i mbreithiúnas na Cúirte Ginearálta agus mar sin go ngéillfeadh sé don iarraidh ar dhíolúine.

54      Ní leor an argóint sin chun amhras a chaitheamh ar an bhfíoras nach bhfuil an Bord Achomhairc inniúil a thuilleadh chun cinneadh ACER a scrúdú. Thairis sin, mar a shonraítear i mír 30 thuas, níor tháinig an Chúirt Ghinearálta chun na conclúide gur comhlíonadh an coinníoll maidir le leibhéal riosca a bhaineann leis an infheistíocht, dá bhforáiltear in Airteagal 17(1)(b) de Rialachán Uimh. 714/2009 agus go gceanglaíodh ar an mBord Achomhairc mar sin cinneadh nua a ghlacadh chun bealach a réiteach do dhíolúine.

55      Ar an dara dul síos, maíonn na hiarratasóirí go bhfuil cinntí maidir le hiarrataí ar dhíolúine de chineál dearbhaithe agus go bhfuil feidhm leo ar dháta na hiarrata atá i gceist. Maíonn siad, mar thoradh air sin, gur chóir an díolúine atá ina hábhar dá n-iarraidh a taisceadh in 2017 a mheas mar “dhíolúine atá ann cheana” de réir bhrí Airteagal 309 CTC.

56      Ní féidir glacadh leis an argóint sin. Mheas an Bord Achomhairc, mar ba cheart, gurb ionann cinneadh lena ngéilltear d’iarraidh ar dhíolúine d’idirnascaire agus gníomh lena gcruthaítear éifeachtaí ón am go nglactar é agus mar sin, nach raibh sé ach tráth an glactha sin go n-athródh staid dhlíthiúil a thairbhí. Mar sin, ní fhéadfadh cinneadh den sórt sin cearta nua a chruthú le héifeacht chúlghabhálach ó dháta na hiarrata ar dhíolúine.

57      Ar an tríú dul síos, maíonn na hiarratasóirí, agus dul amú orthu, go mbronntar le hAirteagal 29 de Rialachán 2019/942 inniúlacht ar an mBord Achomhairc chun bearta a ghlacadh chun breithiúnas an 18 Samhain 2020, Aquind v ACER (T-735/18, faoi achomharc, EU:T:2020:542) a chomhlíonadh.

58      Foráiltear sa fhrása deireanach d’Airteagal 29 de Rialachán 2019/942 go “[n]déanfaidh ACER na bearta uile is gá chun breithiúnas na Cúirte Breithiúnais a chomhlíonadh” agus déantar athdhearbhú mar sin ar inneachar Airteagal 266 CFAE. I gcomhréir leis na breithnithe a bhaineann leis an Airteagal deireanach sin i míreanna 19 go 22 thuas, áfach, ní fhéadfadh an oibleagáid chun gníomhú a leanann as Airteagal 29 de Rialachán 2019/942 a bheith ina foinse inniúlachta do ACER ach oiread, ná a cheadú dó é féin a bhunú ar bhunús dlí a scoir de bheith infheidhme i leith na staide sa chás seo idir an dá linn. Dá bhrí sin, bhí sé mar cheangal leis an rialú a rinne an Bord Achomhairc ar chinneadh ACER maidir le glacadh bearta chun breithiúnas an 18 Samhain 2020, Aquind v ACER (T-735/18, faoi achomharc, EU:T:2020:542) a chomhlíonadh, go mbeadh an Bord Achomhairc sin inniúil tráth a ghlac sé an cinneadh atá faoi chonspóid, rud nach raibh sé sa chás seo.

59      Ag féachaint don mhéid roimhe seo, ní dhearna an Bord Achomhairc earráid dlí trí mheas, i ndiaidh Brexit, nach raibh sé inniúil a thuilleadh chun rialú a dhéanamh ar chinneadh ACER trí na bearta a ghlacadh chun breithiúnas an 18 Samhain 2020, Aquind v ACER (T-735/18, faoi achomharc, EU:T:2020:542) a chomhlíonadh.

60      Leanann sé as sin nach mór diúltú don chéad saincheist dlí.

 An dara saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar cheanglais Airteagal 25(3) agus Airteagal 28(4) de Rialachán 2019/942 chomh maith le roinnt forálacha de Rialacha Nós Imeachta an Bhoird Achomhairc

61      Maíonn na hiarratasóirí gur sháraigh an Bord Achomhairc Airteagal 25(3) agus Airteagal 28(4) de Rialachán 2019/942 chomh maith le forálacha dá Rialacha Nós Imeachta féin. Cuireann siad i gcoinne an fhíorais go raibh ceann de chomhaltaí an Bhoird Achomhairc as láthair ag éisteacht an 19 Bealtaine 2021, agus cáineann siad na comhaltaí eile den Bhord sin as a bheith tostach le linn na héisteachta, maíonn siad nach raibh go leor sonraí ag baint le miontuairiscí na héisteachta sin agus cuireann siad in iúl, in éagmais aon fhoilsiú ar shuíomh gréasáin ACER, de mhiontuairiscí de chruinniú phlé chomhaltaí an Bhoird Achomhairc, go raibh sé dodhéanta dóibh a bheith ar an eolas an raibh gach comhalta den Bhord Achomhairc i láthair ag an gcruinniú sin agus ar ghlac gach ceann acu páirt sa phróiseas cinnteoireachta.

62      Iarann ACER, le tacaíocht ón bParlaimint, go ndiúltaítear don saincheist dlí seo, toisc í a bheith, go bunúsach, gan éifeacht, a mhéid, in éagmais na neamhrialtachtaí a mhaíonn na hiarratasóirí a bheith ann, nach bhféadfadh an cinneadh atá faoi chonspóid a bheith difriúil ó thaobh na substainte de.

63      De réir an chásdlí shocair, níl aon leas dlisteanach ag iarratasóir i gcinneadh a neamhniú, mar gheall ar locht foirme, nuair nach bhfuil aon chorrlach lánroghnach ag an údarás agus go bhfuil air gníomhú mar a ghníomhaigh sé toisc, ina leithead de chás, nach bhféadfadh leanúint as neamhniú an chinnidh sin ach cinneadh nua, atá comhionann, ó thaobh na substainte de, leis an gcinneadh a cuireadh ar neamhní (breithiúnas an 6 Iúil 1983, Geist v Coimisiún, 117/81, EU:C:1983:191, mír 7; féach freisin, chuige sin, breithiúnais an 4 Feabhra 2016, Italian International Film v EACEA, T-676/13, EU:T:2016:62, mír 54, agus an 7 Iúil 2021, HM v Coimisiún, T-587/16 RENV, neamhfhoilsithe, EU:T:2021:415, mír 30).

64      A fortiori, níl leas ag iarratasóir in iarraidh ar neamhniú ar chinneadh lena ndiúltaítear gníomhú ar bhealach ar leith ar bhonn forais shonraithe i gcás nach bhfuil aon inniúlacht ag an údarás atá i gceist, in aon chás, chun gníomhú sa réimse, sa chaoi nach bhféadfadh leanúint as neamhniú cinnidh den sórt sin ar bhonn an fhorais sin ach cinneadh nua lena ndiúltaítear gníomhú sa bhealach sin (ordú 14 Iúil 2020, Shindler agus páirtithe eile v Coimisiún, T-627/19, EU:T:2020:335, mír 49).

65      Leanann sé, áfach, as scrúdú ar an gcéad saincheist dlí, in aon chás, nach raibh an Bord Achomhairc inniúil a thuilleadh, i ndiaidh Brexit, chun bearta a ghlacadh chun breithiúnas an 18 Samhain 2020, Aquind v ACER (T-735/18, faoi achomharc, EU:T:2020:542) a chomhlíonadh.

66      Dá bhrí sin, mar a thug ACER faoi deara, mar ba cheart, ba cheart diultú don dara saincheist dlí toisc í a bheith gan éifeacht, gan gá a bheith ann inniúchadh a dhéanamh ar a fiúntas agus, dá bhrí sin, diultú don chaingean ina hiomláine.

 Costais

67      De bhun Airteagal 134(1) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, ní mór a ordú don pháirtí caillteach na costais a íoc, má chineann an Chúirt Ghinearálta amhlaidh. I gcomhréir le hAirteagal 135 den Rialachán sin, áfach, má éilíonn an cothromas é, féadfaidh an Chúirt Ghinearálta a chinneadh nach n-íocfaidh páirtí caillteach ach sciar de chostais an pháirtí eile, chomh maith lena chostais féin, nó nach n-íocfaidh sé aon chuid díobh féin.

68      Sa chás seo, cé gur theip ar argóint na n-iarratasóirí, is fíor go fóill go bhfuil neamhinniúlacht an Bhoird Achomhairc mar thoradh ar Brexit. Tharla an eachtra sin go neamhspleách ó thoil na n-iarratasóirí le linn an nós imeachta os comhair comhlachtaí ACER, tar éis don Chúirt Ghinearálta an chéad chinneadh ón mBord Achomhairc a chur ar neamhní. Ag féachaint do na himthosca sonracha sin, measann an Chúirt Ghinearálta go ndéanfar measúnú cóir ar an gcás seo trí chinneadh go n-íocfaidh na hiarratasóirí agus ACER a gcostais féin.

69      Faoi Airteagal 138(1) de na Rialacha Nós Imeachta, íocfaidh na hinstitiúidí a rinne idiragairt sna himeachtaí a gcostais féin. Mar sin, íocfaidh an Pharlaimint agus an Chomhairle a gcostais féin.

Ar an bhforas sin,

Dearbhaíonn agus rialaíonn an CHÚIRT GHINEARÁLTA (an Dara Dlísheomra)

mar seo a leanas:

1.      Diúltaítear don chaingean.

2.      Ordaítear do Aquind Ltd, Aquind SAS, Aquind Energy Sàrl agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) a gcostais féin a íoc.

3.      Ordaítear do Pharlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh a gcostais féin a íoc.

Tomljenović

Škvařilová-Pelzl

Nõmm

Arna léamh amach i gcúirt oscailte i Lucsamburg, an 15 Feabhra 2023.

Sínithe


*      Teanga an cháis: an Béarla.