Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 14 Feabhra 2024 ag Asociación Profesional de Empresas de Reparto y Manipulado de Correspondencia (Asempre) i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Séú Dlísheomra Méadaithe) a tugadh an 29 Samhain 2023 i gCás T-513/20, Asempre v an Coimisiún

(Cás C-124/24 P)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Achomharcóir: Asociación Profesional de Empresas de Reparto y Manipulado de Correspondencia (Asempre) (ionadaithe: M. Troncoso Ferrer, I. Igartua Arregui, J. Silva Cabaleiro, abogados)

Páirtithe eile sna himeachtaí:

An Coimisiún Eorpach; Ríocht na Spáinne; Sociedad Estatal Correos y Telégrafos SA

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt:

Seasamh leis an achomharc agus breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 29 Samhain 2023 i gCás T-513/20, Asociación Profesional de Empresas de Reparto y Manipulado de Correspondencia (Asempre) v an Coimisiún Eorpach, ECLI:EU:T:2023:766 a chur ar neamhní;

scrúdú a dhéanamh ar an gcás agus rialú críochnaitheach a thabhairt ar inghlacthacht an cháis arna thabhairt ag ASEMPRE an 14 Lúnasa 2020 i gcoinne Chinneadh an 14 Bealtaine 2020 i gcás Státchabhair SA.50872 (2020/NN) – an Spáinn – cúiteamh OSU le Correos, 2011-2020, agus a dlínse iomlán á feidhmiú aici;

an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta le rialú a thabhairt ar shubstaint na caingne;

a ordú don fhreagróir na costais arna dtabhú ag an achomharcóir sna himeachtaí seo agus ag an gcéad chéim a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena achomharc, ardaíonn an t-achomharcóir na trí fhoras achomhairc seo a leanas:

gur sháraigh an Chúirt Ghinearálta Airteagal 263(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) trína chinneadh go háirithe nár léirigh ASEMPRE go bhféadfaí difear suntasach a dhéanamh leis an gCinneadh faoi Achomharc do staid ball amháin ar a laghad dá chuid sa mhargadh tagartha. Go nithiúil, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trídhualgas cruthúnais iomarcach a chur ar an achomharcóir agus locus standi á chruthú aige, agus dá bhrí sin go raibh Airteagal 263(4) CFAE á shárú aici;

gur sháraigh an Chúirt Ghinearálta Airteagal 263(4) CFAE, le cinneadh nár léirigh ASEMPRE go ndéantar difear ar leith dó tríd an gCinneadh faoi Achomharc ós rud é go ndéantar difear dá leasanna féin mar chomhlachas;

gur sáraíodh Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’), toisc gur chuir an Chúirt Ghinearálta Airteagal 263(4) CFAE i bhfeidhm gan chúis, ar dtús, agus gur dhéileáil sí leis na himeachtaí ag an gcéad chéim ar chaoi atá ar neamhréir le riaradh éifeachtúil agus cuí an cheartais.

____________