Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Verwaltungsgericht Wien (an Ostair) a taisceadh an 16 Márta 2022 - CK

(Cás C-203/22)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Verwaltungsgericht Wien

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: CK

Páirtithe eile sna himeachtaí: Dun & Bradstreet Austria GmbH, Magistrat der Stadt Wien

Na ceisteanna a tharchuirtear

Cad iad na ceanglais ábhair nach mór d’fhaisnéis arna cur in iúl a shásamh ionas go bhféadfaí í a mheas mar sách “fónta” de réir bhrí Airteagal 15(1)(h) den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (“RGCS”)? 1

I gcás próifíliú, an gcaitheann an rialaitheoir, i gcomhthéacs an “loighic a bheidh i gceist” a nochtadh, i bprionsabal, na faisnéisí bunriachtanacha a nochtadh freisin ionas go mbeadh toradh na cinnteoireachta aonair uathoibrithe inléite, lena mbaineann, go háirithe, (1) sonraí próiseáilte an ábhair sonraí a nochtadh, (2) na codanna den algartam ar a bhfuil an próifíliú bunaithe atá riachtanach chun é a bheith inléite a nochtadh agus (3) na faisnéisí ábhartha chun an nasc idir an fhaisnéis arna próiseáil agus an scór arna thabhairt a chruthú?

I gcásanna ina bhfuil próifíliú, an gcaithfear, fiú i gcás ina maítear go bhfuil rún trádála ann, an fhaisnéis a leanas maidir leis an bpróiseáil shonrach a bhaineann leis a nochtadh don pháirtí atá i dteideal rochtana de réir bhrí Airteagal 15(1)(h) de RGCS ionas go bhféadfadh sé a chearta faoi Airteagal 22(3) de RGCS a chosaint:

Aon fhaisnéis ar a bhféadfadh ainm bréige a bheith curtha i bhfeidhm a chur in iúl a bhaineann, go háirithe, leis an mbealach ina bpróiseáiltear sonraí an ábhair sonraí ionas go bhféadfadh an t-ábhar sonraí a fhíorú gur comhlíonadh RGCS;

Sonraí ionchuir arna n-úsáid sa phróifíliú a chur ar fáil;

Paraiméadair agus athróga ionchuir arna n-úsáid chun an rátáil á mheas;

Tionchar na bparaiméadar agus na n-athróga ionchuir sin ar an rátáil measta;

Faisnéis maidir le cad as a dtáinig na paraiméadair nó na hathróga ionchuir;

Míniúchán ar cén fáth ar tugadh toradh meastóireachta sonrach don pháirtí atá i dteideal rochtana de réir bhrí Airteagal 15(1)(h) de RGCS agus cuntas ar na himpleachtaí a bhaineann leis an rátáil sin;

Liosta de na catagóirí próifíle agus míniúchán maidir leis an impleacht rátála a bhaineann le gach ceann de na catagóirí próifíle?

An bhfuil nasc idir an ceart chun rochtain a fháil dá bhforáiltear le hAirteagal 15(1)(h) de RGCS agus na cearta chun dearcadh a chur in iúl a ráthaítear le hAirteagal 22(3) de RGCS agus chun agóid a dhéanamh i gcoinne cinneadh uathoibrithe de réir bhrí Airteagal 22 de RGCS, sa chaoi is nach bhfuil na faisnéisí atá le cur ar fáil tar éis iarratas rochtana, de réir bhrí Airteagal 15(1)(h) de RGCS, sách “fónta” ach má tá an páirtí atá ag iarraidh rochtain a fháil agus ina ábhar sonraí de réir bhrí Airteagal 15(1)(h) de RGCS in ann na cearta a ráthaítear le hAirteagal 22(3) de RGCS a fheidhmiú, is é sin le rá, a dhearcadh féin a chur in iúl agus agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh uathoibrithe a bhaineann leis de réir bhrí Airteagal 22 de RGCS, ar bhonn éifeachtach, domhain agus dóchúil?

a) An gcaithfear Airteagal 15(1)(h) de RGCS a léirmhíniú sa chaoi is nach “faisnéis fhónta” de réir bhrí na forála sin ach amháin má tá an fhaisnéis sin chomh leathan sin go bhfuil an páirtí atá i dteideal rochtana de réir bhrí Airteagal 15(1)(h) in ann a chinneadh an luíonn na faisnéisí sin arna gcur ar fáil leis na fíorais agus, dá bhrí sin, an raibh an cinneadh uathoibrithe sonrach arna iarraidh bunaithe ar na faisnéisí arna gcur ar fáil?

b) Más freagra dearfach a thabharfar ar an gceist sin, cad atá le déanamh mura bhféadfaí cruinneas na faisnéise a chuireann rialaitheoir ar fáil a fhíorú gan sonraí tríú páirtí atá faoi chosaint RGCS a thabhairt don pháirtí atá i dteideal rochtana de réir bhrí Airteagal 15(1)(h) de RGCS freisin (bosca dubh)?

Maidir leis an teannas sin idir an ceart chun rochtana de réir bhrí Airteagal 15(1)(h) de RGCS agus an ceart atá ag tríú páirtithe chun a sonraí a chosaint, an bhféadfaí é a réiteach freisin trí shonraí tríú páirtithe, atá faoi réir an phróisis phróifílithe cheánna, ar sonraí iad atá de dhíth chun an cruinneas a fhíorú, a chur in iúl don údarás nó don chúirt amháin, ionas go mbeadh an t-údarás nó an chúirt in ann a fhíorú, go neamhspléach, an luíonn sonraí an tríú páirtí sin arna gcur in iúl leis na fíorais?

c) Más freagra dearfach a thabharfar ar an gceist sin, cad iad na cearta nach mór a thabhairt don pháirtí atá i dteideal rochtana de réir bhrí Airteagal 15(1)(h) de RGCS i gcás ina bhfuil gá ann an bosca dubh dá dtagraítear i bpointe 3b a chruthú chun cosaint na gceart atá ag tríú páirtí de réir bhrí Airteagal 15(4) de RGCS a áirithiú?

Sa chás sin, maidir le sonraí daoine eile nach mór don rialaitheoir de réir bhrí Airteagal 15(1) de RGCS a chur in iúl don pháirtí atá i dteideal rochtana de réir bhrí Airteagal 15(1)(h) de RGCS chun cruinneas an chinnidh arna dhéanamh a mheas, an gcaithfear iad a chur in iúl i bhfoirm ina bhfuil ainm bréige curtha i bhfeidhm orthu?

a) Cad atá le déanamh i gcás ina gcomhlíonann an fhaisnéis atá le cur in iúl de réir bhrí Airteagal 15(1)(h) de RGCS na ceanglais a bhaineann le rún trádála de réir bhrí Airteagal 2(1) den Treoir um Fhios Gnó? 1

Maidir leis an teannas idir an ceart chun rochtana a rathaítear le hAirteagal 15(1)(h) de RGCS agus an ceart nach nochtfar rún trádála a chosnaítear faoin Treoir um Fhios Gnó, an bhféadfaí é a réiteach trí na faisnéisí a mheastar gur rúin trádála iad de réir bhrí Airteagal 2(1) den Treoir um Fhios Gnó a nochtadh don údarás nó don chúirt amháin, ionas go mbeadh an t-údarás nó an chúirt in ann a fhíorú, go neamhspleách, an é nach mór a aithint gurb ann do rún trádála de réir bhrí Airteagal 2(1) den Treoir um Fhios Gnó agus an é go luíonn na faisnéisí arna gcur ar fáil ag an rialaitheoir de réir bhrí Airteagal 15(1) de RGCS leis na fíorais?

b) Más freagra dearfach a thabharfar ar an gceist sin, cad iad na cearta nach mór a thabhairt don pháirtí atá i dteideal rochtana de réir bhrí Airteagal 15(1)(h) de RGCS i gcás ina bhfuil gá ann an bosca dubh dá dtagraítear i bpointe 3b a chruthú chun cosaint na gceart atá ag tríú páirtí a áirithiú de réir bhrí Airteagal 15(4) de RGCS?

Sa chás sin, maidir le bearna idir na faisnéisí atá le cur in iúl don údarás nó don chúirt agus na faisnéisí atá le cur in iúl don pháirtí atá i dteideal rochtana de réir bhrí Airteagal 15(1) de RGCS, i gcásanna ina bhfuil próifíliú ann, an gcaithfear an fhaisnéis a leanas maidir leis an bpróiseáil shonrach a bhaineann leis a chur ar fáil freisin ar a laghad don pháirtí atá i dteideal rochtana de réir bhrí Airteagal 15(1)(h) de RGCS ionas go bhféadfadh sé a chearta faoi Airteagal 22(3) de RGCS a chosaint ina n-iomláine?

Aon fhaisnéis ar a bhféadfadh ainm bréige a bheith curtha i bhfeidhm a chur in iúl a bhaineann, go háirithe, leis an mbealach ina bpróiseáiltear sonraí an ábhair sonraí ionas go bhféadfadh an t-ábhar sonraí a fhíorú gur comhlíonadh RGCS;

Sonraí ionchuir arna n-úsáid sa phróifíliú a chur ar fáil;

Paraiméadair agus athróga ionchuir arna n-úsáid chun an rátáil á mheas;

Tionchar na bparaiméadar agus na n-athróga ionchuir sin ar an rátáil mheasta;

Faisnéis maidir le cad as a dtáinig na paraiméadair nó na hathróga ionchuir;

Míniúchán ar cén fáth ar tugadh toradh meastóireachta sonrach don pháirtí atá i dteideal rochtana de réir bhrí Airteagal 15(1)(h) RGCS agus cuntas ar na himpleachtaí a bhaineann leis an rátáil sin;

Liosta de na catagóirí próifíle agus míniúchán maidir leis an impleacht rátála a bhaineann le gach ceann de na catagóirí próifíle?

Leis an bhforáil in Airteagal 15(4) de RGCS, an ndéantar raon na faisnéise le chur ar fáil de réir bhrí Airteagal 15(1)(h) de RGCS a theorannú ar aon slí?

Más freagra dearfach a thabharfar ar an gceist sin, conas a dhéantar an ceart chun rochtana sin a theorannú le hAirteagal 15(4) de RGCS agus conas a dhéantar an raon a bhaineann leis an teorannú sin a chinneadh i gcás ar leith?

Maidir leis an bhforáil in Airteagal 4(6) den Datenschutzgesetz (“Dlí um Chosaint Sonraí”), lena bhforáiltear “nach ann, i bprionsabal, do cheart rochtana an ábhair sonraí i gcomhréir le hAirteagal 15 de RGCS i leith an rialaitheora, beag beann ar theorainneacha eile dá bhforáiltear, i gcás ina gcuirfí rún trádála nó gnó de chuid an rialaitheora nó tríú páirtí i gcontúirt dá gcuirfí an fhaisnéis in iúl”, an bhfuil an fhoráil sin i gcomhréir leis na ceanglais in Airteagal 15(1) i gcomhar le hAirteagal 22(3) de RGCS? Más freagra dearfach a thabharfar ar an gceist sin, cad iad na coinníollacha a bhaineann le comhréireacht den sórt sin?

____________

1     Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1).

1     Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le fios gnó agus faisnéis neamhnochta (rúin trádála) a chosaint i gcoinne iad a fháil, a úsáid agus a nochtadh go neamhdhleathach (IO 2016 L 157, lch. 1).