Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Krajský soud v Brně (Poblacht na Seice) a taisceadh an 14 Aibreán 2022 – CD v Ministerstvo vnitra České republiky, Odbor azylové a migrační politiky

(Cás C-257/22)

Teanga an cháis: an tSeicis

An chúirt a rinne an tarchur

Krajský soud v Brně

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: CD

Cosantóir: Ministerstvo vnitra České republiky, Odbor azylové a migrační politiky

An cheist a tharchuirtear:

Ar cheart Airteagal 4(2) agus (3) agus Airteagal 5 in fine de Threoir 2008/115/CE 1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a chur ar ais i gcomhar le hAirteagail 2, 4, agus 19(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a léirmhíniú sa chiall is go gcuirtear bac leo, agus measúnú á dhéanamh an bhfuil sárú ar phrionsabal an non-refoulement mar thoradh ar chinneadh um chur ar ais faoi Airteagal 6 de Threoir 2008/115/CE, ar chur i bhfeidhm choincheap na tíre tionscnaimh sábháilte faoi Airteagail 36 agus 37 de Threoir 2013/32/AE 2 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na nósanna imeachta comhchoiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar in éineacht leis an sainmhíniú cúngaithe ar phrionsabal an non-refoulement dírithe go hiomlán ar thoirmeasc ar dhrochíde faoi Airteagal 4 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 3 den Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint?

____________

1 IO 2008 L 348, lch. 98.

1 IO 2013 L 180, lch. 60.