Language of document :

Caingean arna tabhairt an 17 Feabhra 2023 – Google v EUIPO – EPay (GPAY)

(Cás T-78/23)

    Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Google LLC (Mountain View, California, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaithe: C. Schmitt agus M. Kinkeldey, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: EPay AD (Sóifia, an Bhulgáir)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “GPAY” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 138 507

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 30 Samhain 2022 i gCás R 1761/2021-4

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO agus an páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc, i gcás go ndéanann sé idiragairt, costais na n-imeachtaí a íoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

____________