Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 18 Eanáir 2023 – Dorsum v EUIPO – id Quantique (Clavis)
(Cás T-758/21) 1
(Trádmharc an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “Clavis” –Focalmharc níos luaithe de chuid an Aontais Eorpaigh “CLAVIS” – An focalmharc níos luaithe gan lua san fhógra freasúra – Coinníollacha inghlacthachta an fhreasúra)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Dorsum Informatikai Fejlesztő és Szolgáltató Zrt. (Búdaipeist, an Ungáir) (ionadaí: G. Hajdu, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: D. Stoyanova-Valchanova agus D. Hanf, Gníomhairí)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: id Quantique SA (Carouge, an Eilvéis) (ionadaí: F. Nielsen, Dlíodóir)
Maidir le:
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir Cinneadh an chéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 22 Meán Fómhair 2021 (Cás R 189/2021-1) a chur ar neamhní nó a athrú.
An chuid oibríochtúil
1. Diúltaítear don chaingean;
2. Ordaítear do Dorsum Informatikai Fejlesztő és Szolgáltató Zrt. na costais arna dtabhú ag Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a íoc, anuas ar a chostais féin;
3. Ordaítear do id Quantique SA a chostais féin a íoc.
____________
1 IO C 51, an 31.1.2022.