Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 15 Meán Fómhair 2023 ag Carles Puigdemont i Casamajó, Antoni Comín i Oliveres i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Séú Dlísheomra Méadaithe) a tugadh an 5 Iúil 2023 i gCás T-115/20, Puigdemont i Casamajó agus Comín i Oliveres v an Pharlaimint

(Cás C-573/23 P)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóirí: Carles Puigdemont i Casamajó, Antoni Comín i Oliveres (ionadaithe: P. Bekaert agus S. Bekaert, advocaten, G. Boye, abogado)

Páirtithe eile sna himeachtaí: Parlaimint na hEorpa, Ríocht na Spáinne

An t-ordú atá á lorg

Iarrann na hachomharcóirí ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar ceal;

cinneadh ó Uachtarán Pharlaimint na hEorpa a chur ar neamhní lena líomhnaítear a bheith ina litir an 10 Nollaig 2019, mar fhreagra ar an iarratas go gcosnódh an Pharlaimint, ar bhonn Riail 9 dá Rialacha Nós Imeachta, a n-díolúine pharlaiminteach; nó, mar mhalairt air sin

an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta;

a ordú do Pharlaimint na hEorpa agus do Ríocht na Spáinne na costais a íoc; nó, mar mhalairt ar sin

na costais a fhorchoimeád.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an achomharc, maíonn na hachomharcóirí trí shaincheist dlí:

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, i bhfianaise Airteagal 6 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, Airteagal 296 CFAE, agus Airteagail 36 agus 53 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar Airteagal 263 CFAE agus Airteagal 47 den Chairt, i ndáil le Airteagail 39(2) agus 41 den Chairt agus Rialacha 7 agus 9 de Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa.

An triú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar Airteagal 47 den Chairt mar thoradh ar fhad iomarcach na n-imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta.

____________