Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 10 Aibreán 2024 – Häcker Küchen v EUIPO – Moura & Moura (MH Cuisines)
(Cás T-42/23) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ‘MH Cuisines’ – Clárú idirnáisiúnta an mhairc fhíortha níos luaithe ‘MH CUISINES’ – Foras coibhneasta le diúltú – Easpa dóchúlacht mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Häcker Küchen GmbH & Co. KG (Rödinghausen, an Ghearmáin) (ionadaithe: F. Dehn, L. Maritzen, C. Krafft agus K. Blükle, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) (ionadaithe: A. Bosse agus T. Klee, Gníomhairí)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Moura & Moura & Moura Fabricação e Comercialização de Mobiliário Lda (Sanfins de Ferreira, an Phortaingéil)
Ábhar
Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní an cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 24 Samhain 2022 (Cás R 1078/2022-1).
An chuid oibríochtúil
Cuirtear ar neamhní an cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 24 Samhain 2022 (Cás R 1078/2022-1).
Ordaítear do EUIPO na costais a íoc.
____________
1 IO C 104, 20.3.2023.