Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 13 Márta 2024 – Laboratories Ern v EUIPO – Cannabinoids Spain (Sanoid)
(Cás T-206/23) 1
(Trádmharc an Aontais Eorpaigh – Nós imeachta freasúra – Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh Sanoid – Focalmharc náisiúnta níos luaithe SANODIN – Foras coibhneasta le diúltú – Easpa riosca mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)
Teanga an cháis: an Spáinnis
Páirtithe
Iarratasóir: Laboratorios Ern, SA (Barcelona, an Spáinn) (ionadaí: T. González Martínez, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: E. Nicolás Gómez, Gníomhaire)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Cannabinoids Spain SLU (Córdoba, an Spáinn)
Maidir le:
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 3 Feabhra 2023 (Cásanna Uamtha R 1024/2022-5 agus R 1036/2022-5) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1. Díbhtear an chaingean.
2. Ordaítear do gach páirtí a chostais féin a íoc.
____________
1 IO C 235, 3.7.2023.