Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 13 Feabhra 2024 ag Global Nanotechnologies AE schediasmou anaptyxis paraskevis kai emporias ylikon nanotechnologias (Glonatech) i gcoinne Breithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Tríú Dlísheomra) a fógraíodh an 13 Nollaig 2023 i gCás T-409/22 Glonatech v REA

(Cás = "n" "Case"  IF = "o" "Joined Cases" C-114/24 P)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: Global Nanotechnologies AE schediasmou anaptyxis paraskevis kai emporias ylikon nanotechnologias (Glonatech) (ionadaí: N. Scandamis, dikigoros)

Páirtí eile sna himeachtaí: an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Thaighde (REA)

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t- achomharcóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar ceal go hiomlán nó go páirteach; agus

nóta dochair an REA Uimh. 324113938, an 22 Nollaig 2021 le haghaidh éileamh i gcoinne an Achomharcóra, ar luach, mar a athbhreithníodh, EUR 202 833.48, a fhógairt díothach ó bhailíocht agus éifeachtaí dhlíthiúla;

mar mhalairt air sin, an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta le haghaidh rialú nua sa chiall na hordaithe atá á lorg os comhair na Cúirte Ginearálta;

in aon chás, ar ordú do REA táillí dlí an achormharcóra agus na costais agus speansais eile a thabhaíodh san achomharc seo agus roimhe sin sna himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an gceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach trí shéanadh cur i bhfeidhm an prionsabal dea-rialachas maidir le mísiméadracht páirtithe sa Chomhaontú Deontais (CD).

An dara saincheist dlí lena n-éilítear míthuiscint ar Dhlí an Aontais maidir le maoiniú ar ráta comhréidh aontaithe mar atá bunaithe ar na torthaí nithiúla a bhaineadh amach.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid tríd an CD a léiriú i bhfianaise na forálacha ginearálta dhlí an Aontais mí-léirithe thuasluaite maidir le méid agus tionchar an seiceáil rannchuidiú an Aontais i bhfoirm maoiniú cothromráta, chomh maith le dlí na Beilge a léiriú mar pháirt de ius commune chomh maith lena mbaineann an prionsabal maidir le meon macánta.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid le fianaise a chuireadh i láthair a mheas ó mí-léiriú a dhéanamh ar an probandum maidir le maoiniú cothromráta agus maidir le fianaise den sórt sin a shaobhadh trína hualach fianaiseach dlíthiúla a shéanadh.

An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid trí argóint an t-achomharcóir a dhiúltú gur – faoi chúinsí amhrais an REA, in éagmais neamhrialtachtaí a d’admhaigh an REA iad féin ar deireadh nach raibh siad córasach agus in ainneoin chineál sonrach an mhaoinithe mar mhaoiniú a bhraitheann ar thorthaí/aschur – ba cheart go ndéanfar freaschur ar an onus probandi faoi Airteagal 1315 de Chód Sibhialta na Beilge agus ba cheart feidhm iomlán a bheith ag prionsabal na comhréireachta maidir leis na coinníollacha a leagtar síos le haghaidh an dámhachtain mar a socraíodh iad ag an tús agus mar a mhúnlaítear iad le linn an chur chun feidhme.

____________