Language of document :

Ordú na Cúirte Ginearálta an 18 Deireadh Fómhair 2023 – Bourbon Offshore Interoil Shipping v an Coimisiún (Saorlimistéar Mhaidéara)

(Cás T-721/22) 1

(Státchabhair – Saorlimistéar Mhaidéara – Scéim cabhrach arna cur chun feidhme ag an bPortaingéil – Cinneadh lena n-aithnítear nach gcomhlíontar an scéim Cinntí C(2007) 3037 final agus C(2013) 4043 final lena ndearbhaítear go bhfuil an scéim sin ar neamhréir leis an margadh inmheánach agus lena n-ordaítear an chabhair a deonaíodh agus í á cur i bhfeidhm a aisghabháil – An coincheap “cabhair atá ann cheana” de réir bhrí Airteagal 1(b)(ii) de Rialachán (AE) 2015/1589 – Aisghabháil – Prionsabal an ionchais dhlisteanaigh – Deimhneacht dhlíthiúil – Caingean gan bhunús sa dlí go follasach)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

Páirtithe

Iarratasóir: Bourbon Offshore Interoil Shipping – Navegação, Lda (Funchal, an Phortaingéil) (ionadaithe: S. Fernandes Martins agus M. Mendonça Saraiva, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: I. Barcew agus P. Caro de Sousa, Gníomhairí)

Ábhar:

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, go príomha, go gcuirfí an cinneadh (AE) 2022/1414 ón gCoimisiún an 4 Nollaig 2020 ar neamhní maidir le scéim cabhrach SA.21259 (2018/C) (ex 2018/NN) arna cur chun feidhme ag an bPortaingéil do shaorlimistéar Mhaidéara (Zona Franca da Madeira – ZFM) – Scéim III (IO 2022, L 217, lch. 49), agus mar mhalairt ar sin, Airteagal 4 den chinneadh sin.

An chuid oibríochtúil

Diúltaítear don chaingean toisc í a bheith gan bhunús sa dlí go follasach.

Ordaítear do Bourbon Offshore Interoil Shipping – Navegação, Lda na costais a íoc.

____________

1     IO C 35, 30.1.2023.