Language of document : ECLI:EU:C:2023:711

Eagrán sealadach

TUAIRIM AN ABHCÓIDE GHINEARÁLTA

SZPUNAR

arna tabhairt an 28 Meán Fómhair 2023 (1)

Cás C-470/21

La Quadrature du Net,

Fédération des fournisseurs d’accès à Internet associatifs,

Franciliens.net,

French Data Network

v

Premier ministre,

Ministère de la Culture

[iarraidh ar réamhrialú ón Conseil d’État (an Fhrainc)]

(Tarchur chun réamhrialú – Próiseáil sonraí pearsanta agus cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí – Treoir 2002/58/CE – Airteagal 15(1) – Féidearthacht do Bhallstáit raon feidhme ceart agus oibleagáidí áirithe a theorannú – Oibleagáid grinnscrúdaithe roimh ré ó chúirt nó eintiteas riaracháin neamhspleách a bhfuil cumhacht cheangailteach aige nó aici – Sonraí aitheantais shibhialta a fhreagraíonn do sheoladh IP)






I.      Réamhrá

1.        Arna iarraidh sin ag an Mór-Dhlísheomra, arna tíolacadh de bhun Airteagal 60(3) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais, chinn an Chúirt, an 7 Márta 2023, an cás seo a tharchur chuig an gCúirt Iomlán.

2.        Le hordú an 23 Márta 2023, chinn an Chúirt (an Chúirt Iomlán) an nós imeachta ó bhéal a athoscailt agus d’iarr sí ar na páirtithe leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus ar an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS) agus ar Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) páirt a ghlacadh in éisteacht nua.

3.        An 27 Deireadh Fómhair 2022, thug mé mo chéad Tuairim sa chás sin sular cuireadh clabhsúr leis an gcuid ó bhéal den nós imeachta. Dá bhrí sin, is deis í an Tuairim nua seo dom mionsaothrú a dhéanamh ar ghnéithe áirithe de mo réasúnaíocht sa chás seo, ar saincheisteanna lárnacha iad maidir le sonraí pearsanta a choinneáil agus a rochtain.

II.    An dlí lena mbaineann

A.      Dlí an Aontais Eorpaigh

4.        Leagtar an méid seo a leanas amach in aithrisí 2, 6, 7, 11, 22, 26 agus 30 de Threoir 2002/58/CE (2) :

“(2)      Leis an Treoir seo, féachtar leis na cearta bunúsacha a urramú agus cloítear leis na prionsabail a aithnítear go háirithe leis an gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh [(“an Chairt”)]. Go háirithe, leis an Treoir seo féachtar le hurraim iomlán do na cearta atá leagtha amach in Airteagail 7 agus 8 a áirithiú.

[...]

(6)      Tá struchtúir thraidisiúnta an mhargaidh á dtiontú bun os cionn ag an idirlíon trí bhonneagar coiteann domhanda a chur ar fáil chun réimse leathan seirbhísí leictreonacha a sholáthar. Tá deiseanna nua d’úsáideoirí ann mar thoradh ar sheirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí ar an idirlíon ach tá rioscaí ann freisin maidir lena sonraí pearsanta agus a bpríobháideachas.

(7)      I gcás líonraí cumarsáide poiblí, ba cheart forálacha sonracha dlíthiúla, rialála agus teicniúla a dhéanamh d’fhonn cearta agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha agus leasanna dlisteanacha daoine dlítheanacha a chosaint, go háirithe i ndáil le hacmhainn mhéadaithe na stórála uathoibrithe agus na próiseála sonraí a bhaineann le síntiúsóirí agus úsáideoirí.

[...]

(11)      Dála Threoir [95/46/CE (3)], ní thugann an Treoir seo aghaidh ar shaincheisteanna maidir le cosaint ceart agus saoirsí bunúsacha a bhaineann le gníomhaíochtaí nach rialaítear faoi dhlí an Chomhphobail. Dá bhrí sin, ní athraíonn sí an chothromaíocht reatha idir ceart an duine aonair chun saoil phríobháidigh agus an fhéidearthacht do na Ballstáit na bearta dá dtagraítear in Airteagal 15(1) den Treoir seo a dhéanamh, bearta atá riachtanach maidir leis an tslándáil phoiblí, an chosaint, slándáil an Stáit (lena n‑áirítear rathúnas eacnamaíoch an Stáit nuair a bhaineann na gníomhaíochtaí le hábhair slándála an Stáit) agus forfheidhmiú an dlí choiriúil a chosaint. Dá bharr sin, ní dhéantar difear leis an Treoir seo do chumas na mBallstát idircheapadh dleathach a dhéanamh ar chumarsáid leictreonach nó bearta eile a dhéanamh, más gá chun na gcríoch sin agus i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint [arna shíniú sa Róimh an 4 Samhain 1950], arna léiriú ag na rialuithe ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine. Ní mór bearta den sórt sin a bheith cuí, go hiomlán comhréireach leis an gcuspóir atá beartaithe agus riachtanach laistigh de shochaí dhaonlathach. Ba cheart go mbeidís faoi réir cosaintí leordhóthanacha i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint.

[...]

(22)      Níl sé i gceist leis an toirmeasc ar chumarsáid agus sonraí tráchta gaolmhara a bheith á stóráil ag daoine seachas na húsáideoirí nó gan a dtoiliú toirmeasc a chur ar gach stóráil uathoibríoch, idirmheánach agus idirthréimhseach ar fhaisnéis den sórt sin má dhéantar stóráil den sórt sin chun an tarchur a dhéanamh sa líonra cumarsáide leictreonaí amháin, ar choinníoll nach stóráiltear an fhaisnéis ar feadh tréimhse níos faide ná mar is gá chun trácht a tharchur agus a bhainistiú agus go ráthaítear rúndacht na faisnéise i gcónaí le linn na tréimhse stórála. [...]

[...]

(26)      Cuimsíonn sonraí síntiúsóirí a phróiseáiltear i líonraí cumarsáide leictreonaí chun naisc a bhunú agus faisnéis a tharchur ina bhfuil faisnéis faoi shaol príobháideach daoine nádúrtha agus a mbíonn tionchar acu ar an gceart chun rúndacht a gcomhfhreagrais chomh maith le leasanna dlisteanacha daoine dlítheanacha. Ní fhéadfar na sonraí sin a stóráil ach a mhéid is gá chun an tseirbhís a sholáthar, chun críoch billeála agus íocaíochtaí idirnasctha, agus ar feadh tréimhse theoranta ama. Ní fhéadfar aon phróiseáil bhreise ar na sonraí sin [...] a údarú ach amháin má thug an síntiúsóir a thoiliú ar bhonn faisnéis bheacht agus iomlán arna soláthar ag soláthraí na seirbhíse cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí ar chineál na n‑oibríochtaí próiseála eile atá beartaithe aige a dhéanamh, chomh maith le ceart an tsíntiúsóra gan a thoiliú a thabhairt don phróiseáil sin nó a thoiliú a tharraingt siar. [...]

[...]

(30)      Ba cheart na córais a forbraíodh chun líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar a dhearadh ar bhealach a chuirfeadh teorainn leis an méid sonraí pearsanta a theastaíonn go dtí an t‑íosmhéid. [...]”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

5.        De réir Airteagal 2 den Treoir sin, dar teideal “Sainmhínithe”:

“[...]

Beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas chomh maith:

(a)      ciallaíonn ‘úsáideoir’ aon duine nádúrtha a úsáideann seirbhís cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí, chun críoch príobháideach nó gnó, gan gá a bheith suibscríofa don tseirbhís sin;

(b)      ciallaíonn ‘sonraí tráchta’ aon sonraí a dhéantar a phróiseáil chun cumarsáid a iompar ar líonraí cumarsáide leictreonaí nó chun críoch billeála;

(c)      ciallaíonn ‘sonraí suímh’ aon sonraí a dhéantar a phróiseáil i líonra cumarsáide leictreonaí, a léiríonn suíomh geografach an trealaimh teirminéil d’úsáideoir seirbhíse cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí;

(d)      ciallaíonn ‘cumarsáid’ aon fhaisnéis a dhéantar a mhalartú nó a iompar idir líon teoranta páirtithe trí mheán seirbhíse cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí. Ní áirítear air sin aon fhaisnéis a dhéantar a iompar mar chuid de sheirbhís craolacháin don phobal thar líonraí cumarsáide leictreonaí seachas a mhéid is féidir an fhaisnéis sin a cheangal leis an síntiúsóir nó úsáideoir aonair a fhaigheann an fhaisnéis;

[...]”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

6.        Foráiltear le hAirteagal 3 den Treoir sin, dar teideal “Seirbhísí lena mbaineann”:

“Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le próiseáil sonraí pearsanta i ndáil le seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí a sholáthar i líonraí cumarsáide poiblí sa Chomhphobal, lena n‑áirítear líonraí cumarsáide poiblí a thacaíonn le feistí bailithe sonraí agus aitheantais.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

7.        Foráiltear le hAirteagal 5 den Treoir sin, dar teideal “Rúndacht na cumarsáide”:

“1.      Áiritheoidh na Ballstáit rúndacht na cumarsáide agus na sonraí gaolmhara tráchta trí mheán líonra cumarsáide poiblí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil don phobal, trí reachtaíocht náisiúnta. Go háirithe, cuirfidh siad toirmeasc ar éisteacht, cúléisteacht, stóráil nó cineálacha eile idircheaptha nó faireachais ar chumarsáid agus na sonraí gaolmhara tráchta ag daoine seachas na húsáideoirí gan toiliú ó na húsáideoirí lena mbaineann, ach amháin nuair a údaraítear déanamh amhlaidh i gcomhréir le hAirteagal 15(1). Ní chuirfidh an mhír seo cosc ar stóráil theicniúil atá riachtanach chun cumarsáid a iompar gan dochar do phrionsabal na rúndachta.

[...]

3.      Áiritheoidh na Ballstáit nach gceadófar stóráil faisnéise, nó rochtain ar fhaisnéis atá stóráilte cheana féin, i dtrealamh teirminéil rannpháirtí nó úsáideora ach amháin ar choinníoll go bhfuil toiliú tugtha ag an síntiúsóir nó ag an úsáideoir, tar éis dó faisnéis shoiléir, chuimsitheach, i gcomhréir le Treoir [95/46], a fháil inter alia chun críocha na próiseála. Ní chuirfí cosc leis sin ar stóráil nó ar rochtain theicniúil chun tarchur cumarsáide a dhéanamh nó a éascú thar líonraí cumarsáide leictreonaí, nó de réir mar atá fíor-riachtanach d’fhonn seirbhís na sochaí faisnéise arna hiarraidh go sainráite ag an síntiúsóir nó ag an úsáideoir a sholáthar, agus ar an mbonn sin amháin.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

8.        De réir Airteagal 6 de Threoir 2002/58, dar teideal “Sonraí tráchta”:

“1.      Ní mór sonraí tráchta a bhaineann le síntiúsóirí agus úsáideoirí arna stóráil ag soláthraí líonra cumarsáide poiblí nó seirbhíse cumarsáide leictreonaí atá ar fáil don phobal a scriosadh nó a choinneáil anaithnid nuair nach bhfuil gá leo a thuilleadh chun cumarsáid a tharchur gan dochar do mhíreanna 2, 3 agus 5 den Airteagal seo agus d’Airteagal 15(1).

2.      Féadfar próiseáil a dhéanamh ar shonraí tráchta atá riachtanach chun críoch billeála nó íocaíochtaí idirnaisc ón síntiúsóir. Ceadaítear próiseáil den chineál sin go dtí deireadh na tréimhse lena linn ar féidir agóid a dhéanamh i gcoinne an bhille nó íocaíocht a shaothrú lena linn.

[...]”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

9.        Luaitear in Airteagal 15 den Treoir sin, dar teideal “Forálacha áirithe i dTreoir [95/46] a chur i bhfeidhm”, i mír 1:

“Féadfaidh na Ballstáit bearta reachtacha a ghlacadh chun raon feidhme na gceart agus na n-oibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagail 5 agus 6, go hAirteagal 8(1), (2), (3) agus (4) agus Airteagal 9 den Treoir seo a shrianadh nuair is beart riachtanach, iomchuí agus comhréireach é srianadh den chineál sin laistigh de shochaí dhaonlathach, chun an tslándáil náisiúnta (i.e. slándáil an Stáit) an chosaint agus slándáil phoiblí, a shlánchoimeád nó chun cionta coiriúla nó úsáid neamhúdaraithe an chórais cumarsáide leictreonaí a chosc, a fhiosrú, a bhrath agus a ionchúiseamh, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 13(1) de Threoir [95/46]. Chuige sin, féadfaidh na Ballstáit, inter alia, bearta reachtacha a ghlacadh lena bhforáiltear do shonraí a choinneáil ar feadh tréimhse theoranta i gcás ina mbeidh bonn cirt leis sin ar cheann de na forais a leagtar amach sa mhír seo. Déanfar na bearta uile dá dtagraítear sa mhír seo i gcomhréir le prionsabail ghinearálta dhlí [an Aontais], lena n-áirítear iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 6(1) agus (2) [CAE].”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

B.      Dlí na Fraince

1.      An cód maoine intleachtúla,

10.      Foráiltear le hAirteagal L. 331-12 den Chód Maoine Intleachtúla, sa leagan is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí (“CMI”):

“Údarás poiblí neamhspleách a bheidh san Ard-Údarás um Scaipeadh na Saothar agus um Chearta a Chosaint ar an idirlíon [“Hadopi”].”

11.      Foráiltear le hAirteagal L. 331-13 de CMI:

“Déanann [Hadopi]:

[...]

2°      Tasc cosanta (saothair agus ábhar a bhfuil cóipcheart nó ceart gaolmhar i líonraí cumarsáide leictreonaí ceangailte leis) maidir le sáruithe ar na cearta sin a dhéantar ar líonraí cumarsáide leictreonaí a úsáidtear chun seirbhísí cumarsáide a sholáthar don phobal ar líne […]”

12.      Faoi Airteagal L. 331-15 den Chód sin:

“Tá [Hadopi] comhdhéanta de choláiste agus coimisiún chun cearta a chosaint. [...]

[...]

I bhfeidhmiú a gcumhachtaí, ní bhfaighidh comhaltaí an Choláiste agus an Choimisiúin um Chearta a Chosaint treoracha ó aon údarás.”

13.      Foráiltear le hAirteagal L. 331-17 den Chód sin:

“Beidh an Coimisiún um Chearta a Chosaint freagrach as na bearta dá bhforáiltear in Airteagal L. 331-25 a dhéanamh.”

14.      De réir Airteagal L. 331-21 den Chód sin:

“Chun a chumhachtaí a fheidhmiú, ag an gCoimisiún um Chearta a Chosaint, beidh oifigigh phoiblí mhionnaithe ag [Hadopi] arna gcumhachtú ag [a] Uachtarán faoi choinníollacha atá leagtha síos le foraithne ón gComhairle Stáit. [...]

Gheobhaidh comhaltaí an Choimisiúin um Chearta a Chosaint agus na gníomhairí dá dtagraítear sa chéad mhír tarchuir a bheidh dírithe chuig an gCoimisiún sin faoi na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal L. 331-24. Scrúdaíonn siad na fíricí.

Féadfaidh siad, chun críocha an nós imeachta, aon doiciméid a fháil, cibé meán, lena n‑áirítear sonraí atá stóráilte agus próiseáilte ag oibreoirí cumarsáide leictreonaí de bhun Airteagal L. 34-1 den Chód Cumarsáide Poist agus Leictreonaí agus na soláthraithe seirbhíse a luaitear in Airteagal 6(I)(1) agus (2) de Dhlí Uimh. 2004-575 an 21 Meitheamh 2004 maidir le muinín sa gheilleagar digiteach.

Féadfaidh siad cóipeanna de na doiciméid dá dtagraítear sa mhír roimhe seo a fháil freisin.

Féadfaidh siad, go háirithe, aitheantas, seoladh poist, seoladh ríomhphoist agus uimhir theileafóin an tsíntiúsóra ar úsáideadh a rochtain ar sheirbhísí cumarsáide poiblí ar líne a fháil ó oibreoirí cumarsáide leictreonaí, ar úsáideadh iad chun saothar nó ábhar faoi chosaint a atáirgeadh, a léiriú, a chur ar fáil nó cumarsáid a dhéanamh leis an bpobal, gan údarú na sealbhóirí cirt [...] nuair atá an t‑údarú sin riachtanach.”

15.      Foráiltear le hAirteagal L. 331-24 de CMI:

“Gníomhóidh an Coimisiún um Chearta a Chosaint ar tharchur chuig gníomhairí a bhfuil mionn glactha acu agus atá údaraithe [...] atá ainmnithe ag:

–        comhlachtaí cosanta gairmiúla comhdhéanta de réir dlí;

–        na comheagraíochtaí bainistíochta;

–        an tIonad Náisiúnta Scannánaíochta agus Beochana.

Féadfaidh an Coimisiún um Chearta a Chosaint gníomhú freisin ar bhonn faisnéis a tharchuireann an t‑ionchúisitheoir poiblí chuige.

Ní fhéadfar fíricí a théann siar níos mó ná sé mhí a chur faoina bhráid. ”

16.      De réir Airteagal L. 331-25 den Chód sin, an fhoráil lena rialaítear an nós imeachta um “fhreagairt chéimnithe”:

“Nuair a chuirtear fíricí faoina bhráid ar dóigh gur sárú ar an oibleagáid a shainmhínítear in Airteagal L. 336-3 [de CMI] iad, féadfaidh an Coimisiún um Chearta a Chosaint a sheoladh chuig an síntiúsóir [...] moladh a chuireann forálacha Airteagal L. 336-3 i gcuimhne dó, agus é ag gabháil dó an oibleagáid a shainíonn siad a chomhlíonadh agus a thugann rabhadh dó faoi na pionóis a thabhaítear de bhun Airteagail L. 335-7 agus L. 335-7-1. Bíonn faisnéis sa mholadh sin freisin don síntiúsóir maidir le tairiscint dhlíthiúil ábhar cultúrtha ar líne, maidir le modhanna slána a bheith ann chun sáruithe ar an oibleagáid a shainítear in Airteagal L. 336-3 a chosc chomh maith leis na contúirtí d’athbheochan na healaíne agus do gheilleagar na hearnála cultúrtha a bhaineann le cleachtais nach n‑urramaítear cóipcheart agus cearta gaolmhara leo.

I gcás go ndéantar arís, laistigh de shé mhí ó sheoladh an mholta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, na gníomhartha ar dóigh dóibh a bheith ina sárú ar an oibleagáid a shainítear in Airteagal L. 336-3, féadfaidh an coimisiún moladh nua a sheoladh ina mbeidh an fhaisnéis chéanna leis an gceann roimhe sin trí mhodh leictreonach [...] Ní mór dó litir a sheachadtar in aghaidh síniú nó aon mhodh eile a chruthú a d’fhéadfadh dáta tíolactha an mholta a chruthú leis an moladh.

Luafar sna moltaí a sheolfar ar bhonn an airteagail seo an dáta agus an t‑am a tugadh faoi deara na fíricí ar dóigh gurb ionann iad agus sárú ar an oibleagáid a shainítear in Airteagal L. 336-3. Ní nochtfar iontu ábhar na saothar nó an ábhair lena mbaineann an sárú sin, áfach. Luafar iontu na sonraí teagmhála teileafóin, poist agus leictreonacha ag a bhféadfaidh an seolaí, más mian leis, barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún um Chearta a Chosaint agus sonraí a fháil, má iarrann sé go sainráite amhlaidh, ar ábhar na saothar nó an ábhair lena mbaineann an sárú a chuirtear ina leith.”

17.      Foráiltear le hAirteagal L. 331-29 den Chód sin:

“Údaraítear do [Hadopi], próiseáil uathoibrithe sonraí pearsanta a chruthú, ar sonraí iad a bhaineann le daoine atá faoi réir imeachtaí faoin bhfo-alt seo.

Is é cuspóir na próiseála seo ná cur i bhfeidhm, ag an gCoimisiún um Chearta a Chosaint, na mbeart dá bhforáiltear san fho-alt seo, ar na doiciméid nós imeachta ghaolmhara go léir agus ar na nósanna imeachta chun comhlachtaí cosanta gairmiúla agus eagraíochtaí comhbhainistíochta a chur ar an eolas faoi aon chás a chuirfear faoi bhráid an údaráis bhreithiúnaigh chomh maith leis na fógraí dá bhforáiltear sa chúigiú mír d’Airteagal L. 335-7.

Leagfar síos le foraithne [...] na rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm an ailt seo. Sonraítear ann go háirithe:

–        na catagóirí sonraí arna dtaifeadadh agus a dtréimhse choinneála;

–        na faighteoirí atá údaraithe chun sonraí den sórt sin a fháil, go háirithe daoine arb é a ngníomhaíocht rochtain ar sheirbhísí cumarsáide ar líne a thairiscint don phobal;

–        na coinníollacha faoina bhféadfaidh daoine leasmhara feidhmiú, le [Hadopi], a gceart rochtana ar shonraí a bhaineann leo [...]”.

18.      Foráiltear le hAirteagal R. 331-37 den Chód sin:

“Ceanglaítear ar oibreoirí na cumarsáide leictreonaí [...] agus ar sholáthraithe seirbhíse [...] a chur in iúl, trí idirnascadh le próiseáil uathoibrithe sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal L. 331-29 nó trí mheán taifeadta lena gcinntítear a sláine agus a slándáil, na sonraí pearsanta agus an fhaisnéis a luaitear in 2 ° den iarscríbhinn a ghabhann le [Foraithne Uimh. 2010-236, an 5 Márta 2010, a bhaineann le próiseáil uathoibrithe sonraí pearsanta arna n‑údarú faoi Airteagal L. 331-29 de [CMI] a thuairiscítear mar “Chóras chun bearta a bhainistiú chun saothar a chosaint ar an idirlíon” (4)] (Foraithne an 5 Márta 2010) [...] laistigh d’ocht lá i ndiaidh tarchur arna dhéanamh ag an gCoimisiún um Chearta a Chosaint na sonraí teicniúla is gá chun an síntiúsóir a aithint ar úsáideadh a rochtain ar sheirbhísí cumarsáide poiblí ar líne chun críocha atáirgthe, léirithe, cur ar fáil nó cumarsáide don phobal maidir le saothar nó ábhar gan údarú na sealbhóirí cirt [...] nuair atá an t‑údarú sin riachtanach.

[...]”

19.      Foráiltear le hAirteagal R. 335-5 de CMI:

“I.- Mórfhaillí, atá inphionóis leis an bhfíneáil dá bhforáiltear i leith sáruithe den chúigiú grád, is ea an gníomh, gan cúis dhlisteanach, don duine a bhfuil rochtain aige ar sheirbhísí cumarsáide poiblí ar líne, nuair a chomhlíontar na coinníollacha dá bhforáiltear in II:

1°      Gan bealach a bheith curtha ar bun acu chun an rochtain sin a fháil;

2°      Nó easpa dúthrachta a bheith ann maidir le cur i bhfeidhm na modhanna sin.

II.- Ní bheidh feidhm ag forálacha I ach amháin sa chás ina gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

1°      De bhun Airteagal L. 331-25 agus sna foirmeacha dá bhforáiltear san airteagal sin, mhol an Coimisiún um Chearta a Chosaint do shealbhóir na rochtana modh a chur i bhfeidhm chun a rochtain shlán a áirithiú chun cosc a chur lena úsáid in athuair chun críocha atáirgthe, léirithe nó cur ar fáil nó cumarsáide leis an bpobal maidir le saothair nó ábhar atá faoi chosaint cóipchirt nó ceart gaolmhar gan údarú na sealbhóirí cirt [...] nuair atá an t‑údarú sin riachtanach;

2°      Laistigh de bhliain amháin tar éis an moladh sin a sheachadadh, úsáidtear an rochtain sin arís chun na gcríoch a luaitear in 1° den II seo.”

20.      Leagtar amach in Airteagal 336-3 den Chód sin:

“Beidh oibleagáid ar an duine a bhfuil rochtain aige ar sheirbhísí cumarsáide poiblí ar líne a chinntiú nach n‑úsáidtear an rochtain sin chun na saothair phoiblí nó an t‑ábhar atá cosanta ag cóipcheart nó cearta gaolmhara a atáirgeadh, a léiriú, a chur ar fáil nó a chur in iúl don phobal gan údarú na sealbhóirí [...] nuair atá an t‑údarú sin riachtanach.

Má theipeann ar an duine a bhfuil rochtain aige nó aici an oibleagáid a leagtar síos sa chéad fhomhír a chomhlíonadh, ní bheidh d’éifeacht leis sin go mbeidh an duine lena mbaineann faoi dhliteanas coiriúil [...]”

2.      Foraithne an 5 Márta 2010

21.      Foráiltear le Foraithne an 5 Márta 2010, sa leagan is infheidhme maidir le fíricí na díospóide sna príomhimeachtaí, in Airteagal 1:

“Is é cuspóir na próiseála sonraí pearsanta ar a dtugtar an ‘Córas Bainistíochta le haghaidh bearta chun saothair ar an idirlíon a chosaint’ cur i bhfeidhm, ag an gCoimisiún um Chearta a Chosaint de chuid [Hadopi] na nithe seo a leanas:

1°      Na bearta dá bhforáiltear i Leabhar III den chuid reachtach de [CMI] (Teideal III, Caibidil I, Alt 3, Fo-alt 3) agus Leabhar III den chuid rialála den Chód céanna (Teideal III, Caibidil I, Alt 2, Fo-alt 2);

2°      Tarchuir chuig an ionchúisitheoir poiblí, maidir le fíorais ar dóigh dóibh a bheith ina gcionta dá bhforáiltear in Airteagail L. 335-2, L. 335-3, L. 335-4 agus R. 335-5 den Chód céanna chomh maith le faisnéis do chomhlachtaí cosanta gairmiúla agus d’eagraíochtaí comhbhainistíochta na dtarchur sin;

[...]”

22.      Foráiltear le hAirteagal 4 den Fhoraithne sin:

“I.- Beidh rochtain dhíreach ar na sonraí pearsanta agus ar an bhfaisnéis a luaitear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an bhForaithne seo ag oifigigh phoiblí a bhfuil mionn glactha acu agus atá údaraithe ag Uachtarán [Hadopi] de bhun Airteagal L. 331-21 de [CMI] agus ag comhaltaí an Choimisiúin um Chearta a Chosaint dá dtagraítear in Airteagal 1.

II.- Seolfar chuig na hoibreoirí cumarsáide leictreonaí agus na soláthraithe seirbhíse a luaitear in 2 ° den iarscríbhinn a ghabhann leis an bhforaithne seo:

–        na sonraí teicniúla is gá chun an síntiúsóir a aithint;

–        na moltaí dá bhforáiltear in Airteagal L. 331-25 de [CMI] d’fhonn iad a sheoladh go leictreonach chuig a síntiúsóirí;

–        na gnéithe is gá ar mhaithe le cur i bhfeidhm na bpionós breise arb iad rochtain ar sheirbhís cumarsáide poiblí ar líne a chur ar fionraí a gcuireann an t‑ionchúisitheoir poiblí in iúl don Choimisiún um Chearta a Chosaint.

III.-      Seolfar chuig na comhlachtaí cosanta gairmiúla agus eagraíochtaí comhbhainistíochta an fhaisnéis a bhaineann leis an tarchur chuig an ionchúisitheoir poiblí.

IV.-      Seolfar chuig na húdaráis bhreithiúnacha na tuairiscí ar na fíricí ar dóigh dóibh a bheith ina gcionta dá bhforáiltear in Airteagail L. 335-2, L. 335-3, L. 335-4, L. 335-7, R. 331-37, R. 331-38 agus R. 335-5 de [CMI].

Cuirtear eolas chuig an taifead coiriúil uathoibrithe faoi fhorghníomhú an phionóis fionraíochta.”

23.      Foráiltear leis an iarscríbhinn a ghabhann le Foraithne an 5 Márta 2010:

“Is iad seo a leanas na sonraí pearsanta agus an fhaisnéis a thaifeadtar sa phróiseáil dá ngairtear ‘Córas Bainistíochta na mBeart chun Saothar a Chosaint ar an idirlíon’:

1°      Sonraí pearsanta agus faisnéis ó eagraíochtaí cosanta gairmiúla arna mbunú de réir dlí, eagraíochtaí bainistíochta comhchoitinne, an tIonad Náisiúnta um Scannánaíocht agus Íomhá Beochana chomh maith leo siúd ón ionchúisitheoir poiblí:

Maidir le fíricí ar dóigh dóibh a bheith ina sárú ar an oibleagáid a leagtar síos in Airteagal L. 336-3 de [CMI]:

Dáta agus uair na bhfíricí ;

Seoladh IP na síntiúsóirí lena mbaineann;

An prótacal idir piaraí a úsáidtear;

Ainm cleite a úsáideann an síntiúsóir;

Faisnéis a bhaineann leis na saothair nó leis an ábhar lena mbaineann na fíricí;

Ainm an chomhaid mar atá i láthair ar ríomhaire an tsíntiúsóra (más infheidhme);

Soláthraí seirbhíse idirlín lenar suibscríobhadh an rochtain nó a bhfuil an acmhainn theicniúil IP curtha ar fáil aige.

[...]

2°      Sonraí pearsanta agus faisnéis síntiúsóra a bhailítear ó oibreoirí cumarsáide leictreonaí [...] agus soláthraithe seirbhíse [...]:

Sloinne, céadainmneacha;

Seoladh poist agus seoltaí ríomhphoist;

Uimhir ghutháin;

Seoladh shuiteáil teileafóin an tsíntiúsóra;

Soláthraí seirbhíse idirlín, ag baint úsáid as acmhainní teicniúla an tsoláthraí rochtana a luaitear in 1°, lena ndearna an síntiúsóir a chonradh; uimhir chomhaid;

dáta tosaithe na rochtana ar sheirbhís cumarsáide poiblí ar líne a chur ar fionraí.

[...]”

3.      An Cód Poist agus Cumarsáide Leictreonaí

24.      Foráiltear le hAirteagal L. 34-1 den Chód Poist agus Cumarsáide Leictreonaí, arna leasú le hAirteagal 17 de Dhlí Uimh. 2021-998 an 30 Iúil 2021 (5), i mír IIa: “ceanglaítear ar oibreoirí cumarsáide leictreonaí na nithe seo a choinneáil:

1°      Chun críocha imeachtaí coiriúla, cosc a chur ar bhagairtí ar an tslándáil phoiblí agus an tslándáil náisiúnta a chosaint, faisnéis a bhaineann le haitheantas sibhialta an úsáideora, go dtí deireadh thréimhse cúig bliana ó dheireadh bhailíocht a chonartha;

2°      Chun na gcríoch céanna leo siúd atá leagtha amach in 1 ° den IIa seo, an fhaisnéis eile a sholáthraíonn an t‑úsáideoir agus é ag déanamh conartha nó ag cruthú cuntais chomh maith le faisnéis a bhaineann le híocaíocht go dtí go mbeidh tréimhse bliana caite ó dheireadh bhailíocht a chonartha nó dhúnadh a chuntais;

3°      Chun críocha an chomhraic i gcoinne na coireachta agus na ciontóireachta tromchúisí, cosc a chur ar bhagairtí tromchúiseacha ar shlándáil phoiblí agus ar chosaint na slándála náisiúnta, sonraí teicniúla lenar féidir foinse an cheangail nó sonraí a bhaineann leis an trealamh teirminéil a úsáidtear a aithint, go dtí go mbeidh tréimhse bliana caite ó nasc nó úsáid trealamh teirminéil.”

III. An nós imeachta os comhair na Cúirte Breithiúnais

25.      Mar fhreagra ar an gcuireadh a díríodh chuig na daoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, thug na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí, Rialtais na Fraince, na Danmhairge, na hEastóine, na hÉireann, na hÍsiltíre, na Fionlainne agus na Sualainne agus an Coimisiún Eorpach freagra ar na ceisteanna i scríbhinn a chuir an Chúirt.

26.      Ghlac na páirtithe céanna sin, cé is moite de Rialtas na Fionlainne, Rialtais na Seice, na Spáinne, na Cipire, na Laitvia agus na hIorua, chomh maith le MECS agus ENISA, páirt san éisteacht a tionóladh an 15 Bealtaine 2023.

IV.    Anailís:

27.      Bunaithe ar an anailís a rinne mé ar na ceisteanna a cuireadh ar aghaidh le haghaidh réamhrialú i mo chéad Tuairim, mhol mé gur cheart don Chúirt a chinneadh nach mór Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58 a léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena gceadaítear do sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí sonraí aitheantais shibhialta a fhreagraíonn do sheoltaí IP sonraí teoranta do shonraí aitheantais sibhialta a fhreagraíonn do sheoltaí IP, a choinneáil, agus d’údarás riaracháin amhail Hadopi iad a rochtain (6) ionas gur féidir leis an údarás sin sealbhóirí na seoltaí sin a shainaithint a bhfuil amhras fúthu go bhfuil siad freagrach as sáruithe cóipchirt agus ceart gaolmhar agus gur féidir leis, nuair is cuí, bearta a ghlacadh ina leith, gan rochtain den sórt sin a bheith faoi réir grinnscrúdú roimh ré ó chúirt nó eintiteas riaracháin neamhspleách, i gcás inarb iad na sonraí sin an t-aon mhodh imscrúdaithe lenar féidir an duine dá raibh an seoladh sin sannta, tráth an chiona, a aithint.

28.      Sa Tuairim seo, déanfaidh mé iarracht mionsaothrú a dhéanamh ar ghnéithe áirithe den anailís a rinne mé roimhe seo agus ar na pointí a pléadh ag an éisteacht a tionóladh an 15 Bealtaine 2023, d’fhonn na cúiseanna a leagan amach a chloím i gcónaí leis an bhfreagra a mhol mé ar na ceisteanna a tarchuireadh agus ar an réasúnaíocht is bhonn leis. (7)

29.      Go sonrach, léireoidh mé gur féidir sonraí aitheantais shibhialta a fhreagraíonn do sheoltaí IP a choinneáil agus rochtain a fháil orthu, gan grinnscrúdú roimh ré, chun ciontóirí a shainaithint i gcás inarb iad na sonraí sin an t-aon bhealach amháin chun iad a shainaithint agus go gcomhlíonann sin na ceanglais arna sainaithint ag an gCúirt maidir le scrúdú a dhéanamh ar bhearta a rinneadh faoi Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58 (Cuid B).

30.      Agus an méid sin á dhéanamh agam, cuirfidh mé béim ar an bhfíoras nach ionann réiteach den sórt sin agus aisiompú ar an gcásdlí éilitheach cosantach a d’fhorbair an Chúirt ó na breithiúnais in Tele2 Sverige agus Watson agus páirtithe eile(8) agus La Quadrature du Net agus páirtithe eile(9) ar aghaidh, ach forbairt riachtanach ar an gcásdlí sin atá, i mo thuairimse, ina leathnú ar na prionsabail atá leagtha síos ag an gCúirt. Ní idirdhealú séimeantach amháin atá ann. Níl sé i gceist leis an réiteach atá á mholadh agam an cásdlí atá ann cheana a thabhairt faoi cheist ach cead a thabhairt, bunaithe ar phragmatachas áirithe, é a oiriúnú in imthosca sonracha an-chúng (Cuid C).

31.      Ar mhaithe le soiléireacht agus a mhéid a léirigh na himeachtaí ag an éisteacht go bhfuil gá le soiléiriú ina leith sin, cuirfidh mé tús le m’anailís trí fheidhmiú an tsásra freagartha céimnithe arna oibriú ag Hadopi (Cuid A) a thabhairt chun cuimhne.

A.      An sásra freagartha céimnithe arna oibriú ag Hadopi

32.      Is údarás riaracháin neamhspleách é Hadopi atá freagrach as cóipcheart agus cearta gaolmhara a chosaint i gcoinne sáruithe ar na cearta sin a dhéantar ar an idirlíon. Chuige sin, bunaíodh an sásra “freagartha céimnithe”, mar a thugtar air, a bhfuil a chur chun feidhme faoi chúram Choimisiún Hadopi um Chearta a Chosaint.

33.      Déanann comhlachtaí sealbhóirí ceart an t-ábhar a tharchur chuig an gcoimisiún sin, ina mbailíonn gníomhairí faoi mhionn atá údaraithe ag an Aire Cultúir seoltaí IP úsáideoirí idirlín a chuireann saothair ar fáil don phobal gan údarú óna sealbhóirí ar líonraí idir piaraí. Déantar miontuairiscí a dhréachtú ansin. Is éard atá iontu, inter alia, seoladh IP na rochtana idirlín a úsáidtear chun na sáruithe cóipchirt sin a dhéanamh, dáta agus am an tsáraithe a aimsíodh, chomh maith le teideal an tsaothair atá i gceist, agus cuirtear ar aghaidh iad chuig Coimisiún Hadopi um Chearta a Chosaint. Ba cheart a chur in iúl, i ndáil leis sin agus mar atá tugtha le fios ag MECS, go ndéanann baill foirne sonraí pearsanta a phróiseáil laistigh de na comhlachtaí sealbhóirí ceart arna n-údarú ag an Commission Nationale de l’Informatique et des libertés (CNIL), údarás maoirseachta na Fraince um chosaint sonraí (10).

34.      Ar na miontuairiscí a fháil, agus tar éis seiceáil uathoibrithe chun a áirithiú go bhfuil na sonraí riachtanacha go léir iontu, féadfaidh Coimisiún Hadopi um Chearta a Chosaint aitheantas, seoladh poist, seoladh ríomhphoist agus sonraí teileafóin shealbhóir an tsíntiúis a úsáideadh chun sárú cóipchirt a dhéanamh a fháil ó sholáthraithe na seirbhísí cumarsáide leictreonaí.

35.      Féadfaidh Hadopi ansin “moladh” a eisiúint don duine sin á chur in iúl dó gur úsáideadh a rochtain idirlín de shárú ar chóipcheart agus arb éard atá ann ordú a thabhairt don duine a bhfuiltear faoi amhras gur mhainnigh sé ina dhualgas cúraim maidir le hurramú saothar atá faoi chosaint cóipchirt nó ceart gaolmhar ar an idirlíon an oibleagáid sin a chomhlíonadh. Is é sin le rá, seoltar an moladh chuig sealbhóir na rochtana idirlín, agus d’fhéadfadh sé nach é sin an duine a chuir an saothar ar fáil de shárú ar chóipcheart. Féadfar dara moladh a eisiúint i gcás ina ndéantar sárú cóipchirt an dara huair tríd an rochtain chéanna ar an idirlíon. I gcás ina ndéanfar sárú arís eile, féadfaidh Coimisiún Hadopi um Chearta a Chosaint cinneadh a dhéanamh an t-ábhar a chur faoi bhráid an Ionchúisitheora Phoiblí chun críocha ionchúisimh choiriúil. I ndáil leis sin, mar a luaigh Rialtas na Fraince ina chéad bharúlacha, is gníomhairí faoi mhionn iad na oifigigh de chuid Hadopi atá freagrach as an sásra freagartha céimnithe, tá siad údaraithe ag Uachtarán Hadopi, agus faoi cheangal ag rúndacht ghairmiúil agus is iad na hoifigigh laistigh de Hadopi amháin atá údaraithe chun na sonraí pearsanta a phróiseáiltear faoin sásra sin a rochtain.

36.      Ní mór dom a chur in iúl, i ndáil leis sin, nach ndéantar sonraí úsáideoirí uile na líonraí idir piaraí a bhailiú agus a tharchur chuig Hadopi i gcás nach ndéanann na húsáideoirí sin ach ábhar den sórt sin a íoslódáil, (11) ach iad siúd amháin ó dhaoine a chuir ábhar sáraitheach ar fáil, is é sin le rá, a d’uaslódáil an t-ábhar sin.

37.      Mar léiriú, le haghaidh 2021, fuair Hadopi beagnach ceithre mhilliún miontuairisc ó chomhlachtaí na sealbhóirí ceart, sheol sí 210 595 chéad mholadh agus 53 564 dara moladh agus chuir sé an t-ábhar faoi bhráid an ionchúisitheora phoiblí in 1 484 chás.

38.      Leis na meabhrúcháin sin, léireoidh mé conas a chomhlíonann sásra den sórt sin, a bhaineann le sonraí aitheantais shibhialta a fhreagraíonn do sheoltaí IP a choinneáil agus rochtain orthu, i mo thuairim, ceanglais an chásdlí a bhaineann le bearta náisiúnta arna nglacadh faoi Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58.

B.      Comhlíonadh na gceanglas a eascraíonn as cásdlí na Cúirte maidir le léiriú Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58

39.      Tar éis dom cásdlí na Cúirte a mheabhrú cheana féin, i mo chéad Tuairim, maidir le seoltaí IP a shanntar d’fhoinse naisc a choinneáil agus rochtain a fháil orthu (12), díreoidh mé, sa Tuairim seo, ar chroí an chásdlí sin, dar liom, eadhon, ar dtús, ceanglas na comhréireachta agus, ansin, maidir le rochtain ar shonraí den sórt sin, an gá a d’fhéadfadh a bheith le grinnscrúdú roimh ré ó chúirt nó ag údarás riaracháin neamhspleách.

1.      Comhréireacht an bhirt atá i gceist

40.      Chun a chinneadh an bhfuil beart lena ndéantar sonraí aitheantais shibhialta a fhreagraíonn do sheoladh IP a choinneáil nó a rochtain i gcomhréir le dlí an Aontais, is gá, mar atá curtha in iúl ag an gCúirt arís agus arís eile, réiteach a fháil idir na leasanna dlisteanacha agus na cearta dlisteanacha éagsúla atá i gceist, arb iad, ar thaobh amháin, na cearta chun an saol príobháideach a chosaint agus chun sonraí pearsanta a chosaint (13) a ráthaítear le hAirteagail 7 agus 8 den Chairt, agus, ar an taobh eile, cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint agus na cearta a chumhdaítear in Airteagail 3, 4, 6 agus 7 den Chairt (14). Ba mhaith liom a chur leis, sa chás seo, nach mór na cearta chun an saol príobháideach a chosaint agus cosaint sonraí pearsanta a réiteach freisin leis an gceart chun maoine a chumhdaítear in Airteagal 17 den Chairt, sa mhéid is go bhfuil an sásra freagartha céimnithe dírithe ar deireadh thiar ar chóipcheart agus cearta gaolmhara a chosaint.

41.      Deir an Chúirt, i ndáil leis sin, go gceadaítear leis an idir-réiteach a dhéantar faoi Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58 do na Ballstáit beart a ghlacadh lena maolaítear ar phrionsabal na rúndachta i gcás ina bhfuil beart den sórt sin “riachtanach, iomchuí agus comhréireach, laistigh de shochaí dhaonlathach” (mise a chuir an cló Iodálach leis). Sonraítear in aithris 11 den Treoir sin nach mór beart den chineál sin a bheith comhréireach “go docht” leis an gcuspóir atá beartaithe (15).

42.      Tagraíonn an Chúirt freisin do phrionsabal na comhréireachta ina réasúnaíocht maidir le léiriú Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58 agus tugann sí ról lárnach don phrionsabal sin maidir le beart náisiúnta a scrúdú le haghaidh sonraí pearsanta a ghlactar faoin bhforáil sin a choinneáil nó a rochtain.

43.      Léirítear le léamh níos mionsonraithe ar an réasúnaíocht sin go n-áirítear i bprionsabal na comhréireachta, i gcomhthéacs Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58, gnéithe éagsúla a bhaineann, ar an gcéad dul síos, lena thromchúisí atá an cur isteach ar na cearta bunúsacha a bhaineann le sonraí tráchta a choinneáil nó a rochtain agus, ar an dara dul síos, leis an ngá atá leis an mbeart atá i gceist.

44.      Maidir le haitheantais shibhialta a fhreagraíonn do sheoltaí IP a bheith á gcoinneáil agus á rochtain ag Hadopi, táim den tuairim gur cheart go bhfágfadh tromchúis an chur isteach agus an gá atá leis na sonraí sin go ndéanfadh an Chúirt an scrúdú a dhéanann sí ar chomhréireacht birt náisiúnta arna ghlacadh faoi Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58 a choigeartú.

(a)    Tromchúis choibhneasta an chur isteach ar chearta bunúsacha

45.      Is léir ó chásdlí socair na Cúirte, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, nach mór tábhacht an chuspóra arna shaothrú ag beart arna dhéanamh de bhun Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58 a bheith i gcomhréir le tromchúis an chur isteach a thagann as sin (16).

46.      Go sonrach, chinn an Chúirt, mar a thug mé le fios i mo Chéad Tuairim, nach féidir údar a thabhairt le cur isteach tromchúiseach, i dtaca le cosc, imscrúdú, brath agus ionchúiseamh cionta coiriúla, ach amháin trí chuspóir chun coireacht a chomhrac nach mór a aicmiú mar choireacht “thromchúiseach” freisin. (17)

47.      Maidir le seoltaí IP, tugann an Chúirt dá haire, cé nach bhfuil siad chomh híogair le sonraí tráchta eile, gur cur isteach tromchúiseach ar chearta bunúsacha iad a gcoinneáil agus a n-anailís mar sin féin, ós rud é gur féidir iad a úsáid chun rianú uileghabhálach a dhéanamh ar chonair chliceála úsáideora idirlín agus, dá bhrí sin, próifíl mhionsonraithe an úsáideora sin a bhunú agus conclúidí beachta a tharraingt faoina shaol príobháideach (18).

48.      Sna príomhimeachtaí, tá sé beartaithe sonraí aitheantais shibhialta a fhreagraíonn do sheoltaí IP a choinneáil agus a rochtain chun sáruithe ar chóipcheart agus ar chearta gaolmhara a chomhrac. Is léir, i mo thuairimse, nach féidir leis an gcomhrac sin teacht faoi raon feidhme an chomhraic i gcoinne na coireachta tromchúisí (19), fiú má tá líon ollmhór sáruithe i gceist. Dá bhrí sin, tá neamhréireacht idir a thromchúisí atá an cur isteach ar chearta bunúsacha a bhaineann leis an mbeart atá i gceist agus an cuspóir a shaothraítear leis.

49.      I mo chéad Thuairim, chinn mé, i gcomhréir le cásdlí na Cúirte, gur cur isteach tromchúiseach ar chearta bunúsacha é rochtain Hadopi ar shonraí aitheantais shibhialta a fhreagraíonn do sheoladh IP. Cé go raibh mé den tuairim freisin gur cheart coinneáil agus rochtain ar na sonraí sin a cheadú sa chás seo, ní mór dom, i ndiaidh na héisteachta, soiléiriú breise a thabhairt.

50.      Cuireann an sásra freagartha céimnithe ar chumas Hadopi an seoladh IP arna sholáthar ag eagraíochtaí sealbhóirí ceart atá ag daoine a bhfuil amhras fúthu gur bhain siad úsáid as a rochtain idirlín chun sárú cóipchirt a dhéanamh ar líonra idir piaraí a nascadh le haitheantas sibhialta an duine sin, chomh maith le sliocht as an gcomhad a uaslódáladh de shárú ar chóipcheart. Mar a luaigh an Coimisiún agus MECS ag an éisteacht, cé gur cinnte gur féidir níos mó faisnéise a fháil ná aitheantas dhéantóir líomhainte an tsáraithe, ní féidir conclúidí an-bheacht a bhaint as an bhfianaise sin maidir le saol príobháideach an duine sin. Mar a luaigh mé sa chéad Tuairim uaim (20), ní léirítear ann ach go raibh rochtain aige ar ábhar uair amháin nach bhféadfaí, próifíl mhionsonraithe a chruthú ar an duine lena mbaineann, bunaithe ar an méid sin amháin.

51.      Tá sé seo níos fíre fós ós rud é, ar an gcéad dul síos, gurb iad seoltaí IP “dinimiciúla”, mar a thugtar orthu, formhór mór na seoltaí IP a chuirtear in iúl do Hadopi, ar seoltaí iad, de bharr a gcineáil, a athraíonn agus nach bhfreagraíonn d’aitheantas beacht ach ag aon am amháin, rud atá ag teacht leis an ábhar atá i gceist a chur ar fáil. Dá bhrí sin, ní áirítear leo aon rianú uileghabhálach.

52.      Ina theannta sin, ba cheart dom a thabhairt le fios nach léir dom go dtugtar bonn cirt le cosaint na gceart bunúsach ar an idirlíon leis nach bhféadfar rochtain a fháil ar shonraí a bhaineann le seoladh IP, inneachar saothair agus aitheantas an duine a chuir an saothar sin ar fáil de shárú ar chóipcheart, agus ar na sonraí sin amháin, níl ann ach go gcaithfidh coimircí a bheith ag baint le stóráil agus rochtain na saothar sin. Feictear dom go bhfuil analaí leis an saol mór i ndáil leis seo: ní féidir le duine a bhfuil amhras ann go ndearna sé gadaíocht a cheart chun príobháideachais a agairt ionas nach féidir leo siúd atá freagrach as an gcion sin a ionchúiseamh an t-ábhar goidte a fheiceáil. Ar an taobh eile, féadfaidh an duine sin, go cóir, brath ar a chearta bunúsacha ionas nach dtabharfar rochtain, le linn na n-imeachtaí, ar thacar níos leithne sonraí ná na sonraí is gá chun an cion líomhainte a aicmiú.

53.      Ar deireadh, tugaim faoi deara, murab ionann agus an méid a d’áitigh na hachomharcóirí, nach cosúil go bhfuil i gceist leis an sásra freagartha céimnithe go ndéantar faireachán ginearálta ar úsáideoirí líonraí idir piaraí. Ní hé go ndéantar a ngníomhaíocht iomlán a sheiceáil ar líonra ar leith chun a chinneadh ar chuir siad saothar ar fáil de shárú ar chóipcheart, ach, ina ionad sin, ar bhonn comhad a sainaithníodh mar shárú cóipchirt, a chinneadh cé hé sealbhóir na rochtana idirlín ónar chuir úsáideoir idirlín an saothar ar fáil. Ar an gcaoi chéanna, mar a chuir MECS in iúl ag an éisteacht, ní hé atá i gceist faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíocht úsáideoirí uile na líonraí idir piaraí, ach amháin ar ghníomhaíocht daoine a uaslódálann comhaid sháraitheacha, ós rud é nach léiríonn uaslódáil na gcomhad sin ach na heilimintí a bhaineann le saol príobháideach an duine aonair ós rud é nach féidir é a dhéanamh ach amháin chun cur ar chumas na n-úsáideoirí idirlín sin comhaid eile a íoslódáil ina dhiaidh sin.

54.      Sna himthosca sin, is cosúil nach bhfuil feidhm ag na cúiseanna a thug ar an gCúirt a mheas go bhfuil coinneáil agus rochtain ar sheoltaí IP ina chur isteach tromchúiseach ar chearta bunúsacha maidir le sásra freagartha céimnithe amhail an sásra atá á oibriú ag Hadopi. Dá bhrí sin, ba cheart agús a chur lena thromchúisí atá an cur isteach a bhaineann le coinneáil agus rochtain den sórt sin, agus prionsabal na comhréireachta á scrúdú.

55.      Is é sin le rá, táim den tuairim nár cheart cásdlí na Cúirte maidir le tromchúis an chur isteach ar chearta bunúsacha mar gheall ar sheoltaí IP a choinneáil agus a rochtain a léiriú sa chaoi gur cur isteach tromchúiseach i gcónaí é cur isteach den sórt sin, ach gurb amhlaidh i gcás inar féidir rianú uileghabhálach a dhéanamh ar chonair chliceála an úsáideora idirlín trí sheoltaí IP agus teacht ar chonclúidí an-chruinn maidir lena shaol príobháideach.

56.      Ós rud é nach amhlaidh atá i gcás amhail an cás atá i gceist sna príomhimeachtaí, ba cheart go bhféadfadh an cuspóir maidir le coireacht a chomhrac ar leithne í ná an choireacht thromchúiseach amháin a bheith mar bhonn cirt do chur isteach ina ndéantar aitheantais shibhialta a choinneáil agus a rochtain, aitheantas a fhreagraíonn do sheoladh IP a úsáidtear chun ábhar a chur ar fáil de shárú ar chóipcheart.

57.      Ba mhaith liom a chur in iúl freisin, maidir leis an gcur isteach ar chearta bunúsacha a bhaineann le sonraí aitheantais shibhialta a fhreagraíonn do sheoladh IP a choinneáil agus a rochtain i gcás amhail an cás atá i gceist sna príomhimeachtaí, nach bhfuil an cur isteach sin níos déine de bharr nach gá gurb é sealbhóir na rochtana idirlín a úsáideadh chun ábhar sáraitheach a chur ar fáil an té a chuir an t-ábhar sin ar fáil, sa chaoi go bhféadfadh an moladh arna eisiúint ag Hadopi a bheith ina chúis leis an ábhar sin a d’fhéadfadh sé go raibh rochtain ag tríú páirtí a nochtadh don sealbhóir sin. Ar thaobh amháin, ba mhaith liom a chur in iúl gurb ionann an sárú atá á lorg ag Hadopi agus sárú ar an oibleagáid chun a áirithiú nach n-úsáidtear rochtain chun ábhar a chur ar fáil de shárú ar chóipcheart. Is gá, dá bhrí sin, an fhaisnéis lena bhféadfar é a aicmiú a tharchur chuig an té a mheastar go ndearna sé an sárú. Ar an taobh eile, mar a luaigh mé cheana féin, táim den tuairim nach féidir teacht ar chonclúidí beachta maidir le saol príobháideach an duine atá freagrach as an saothar a chur ar fáil ón bhfaisnéis a bhaineann leis an saothar atá i gceist. Dá bhrí sin, ní théann tarchur féideartha na faisnéise sin chuig sealbhóir an naisc idirlín thar a bhfuil riachtanach chun go bhféadfar an sárú cóipchirt atá i gceist a ionchúiseamh.

(b)    An gá atá leis na sonraí atá i gceist chun sárú a bhrath agus a ionchúiseamh

58.      Chun comhréireacht birt maidir le coinneáil sonraí tráchta agus rochtain orthu, amhail sonraí aitheantais shibhialta a fhreagraíonn do sheoladh IP arna ghlacadh faoi Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58, a áirithiú, is gá, de réir chásdlí na Cúirte, go mbeidh an cur isteach a ghabhann leis teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach chun an cuspóir atá á shaothrú a bhaint amach (21). Feictear domsa gurb é sin go díreach an cás maidir leis an mbeart atá i gceist sna príomhimeachtaí.

59.      Mar a luaigh mé i mo chéad Tuairim (22), is léir ó chásdlí na Cúirte féin, i gcás sárú a rinneadh go heisiach ar líne, amhail sárú cóipchirt ar líonra idir piaraí, go bhféadfadh gurb é an seoladh IP an t-aon mhodh imscrúdaithe lenar féidir an duine ar sannadh an seoladh sin dó tráth a rinneadh an cion, a shainaithint (23). Leanann sé, i mo thuairimse, go bhfuil géarghá le coinneáil agus rochtain ar shonraí aitheantais shibhialta a fhreagraíonn do sheoltaí IP chun sáruithe cóipchirt a dhéantar ar líne a bhrath agus a ionchúiseamh chun an cuspóir atá á shaothrú a bhaint amach.

60.      Is fíor go bhfuil i gceist le haon cheanglas maidir le sonraí pearsanta a chosaint go gcuirtear teorainn le cumhachtaí imscrúdaitheacha. Eascraíonn sé sin as an bprionsabal a bhaineann le leasanna coinbhleachta a thabhairt le chéile agus ní féidir agóid a dhéanamh i gcoinne an toraidh sin féin. Mar sin féin, i gcás gurb é an seoladh IP an t-aon bhealach chun an duine a bhfuil amhras ann go ndearna sé sárú ar líne ar cheart maoine intleachtúla a shainaithint, tá difríocht idir cás den sórt sin agus tromlach na n-imeachtaí coiriúla, a dtugann an Chúirt dá haire ina leith “nach ar ionstraim imscrúdaitheach amháin a bhraitheann éifeachtúlacht imeachtaí coiriúla go ginearálta ach ar na hionstraimí imscrúdaitheacha go léir atá ag na húdaráis náisiúnta inniúla chun na gcríoch sin” (24). Dá nglacfaí leis nár cheart sonraí aitheantais shibhialta a fhreagraíonn do sheoltaí IP a choinneáil agus rochtain a fháil orthu i gcás amhail an cás atá i gceist sna príomhimeachtaí, ní bheadh mar thoradh air, amhail aon bheart lena n-áirithítear cosaint sonraí tráchta, gan ach teorainn a chur le cumhachtaí imscrúdaitheacha, ach an t-aon bhealach amháin chun cionta áirithe a bhrath agus a ionchúiseamh a bhaint de na húdaráis náisiúnta.

61.      I bhfocail eile, de réir an léirithe atá á mholadh agam ar Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58, níl sé i gceist, trí scrúdú a dhéanamh ar an ngá le beart den sórt sin, go gceadófar sonraí a choinneáil agus a rochtain, ar sonraí iad nach ndéanann ach ionchúiseamh agus brath cionta a éascú, i gcás inar féidir na cionta sin a bhrath agus a ionchúiseamh freisin trí mhodhanna eile, fiú mura bhfuil na modhanna sin chomh héifeachtach céanna. Os a choinne sin, is é atá i gceist go gceadófar na sonraí sin a rochtain agus a choinneáil i gcás ina bhfuil siad sár-riachtanach chun an duine a bhfuil amhras ann go ndearna sé cion a shainaithint, ar cion é nach bhféadfaí a ionchúiseamh gan na modhanna sin, ós rud é gurb iad na sonraí atá i gceist an t-aon bhealach amháin chun an t-úsáideoir idirlín a shainaithint a mhéid is ar líne amháin atá an cion.

62.      Tá gá le léiriú den sórt sin, i mo thuairimse, nó chaithfí glacadh leis nach bhféadfar sraith iomlán cionta coiriúla a ionchúiseamh riamh (25).

63.      Leanann sé as an méid sin gur léir, i mo thuairimse, go bhfuil reachtaíocht náisiúnta lena gceadaítear do sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí sonraí atá teoranta d’aitheantas sibhialta a choimeád agus d’údaráis riaracháin na sonraí sin a rochtain go hiomlán comhréireach leis an gcuspóir atá á shaothrú, eadhon sáruithe ar chóipcheart agus ar chearta gaolmhara ar an idirlíon a ionchúiseamh, a mhéid nach bhfuil ach tromchúis theoranta ag baint leis an gcur isteach ar na cearta bunúsacha atá i gceist agus gurb iad na sonraí sin an t-aon mhodh imscrúdaithe lenar féidir an duine dar sannadh an seoladh sin a aithint tráth an chiona.

64.      Dá réir sin, táim den tuairim gur cheart Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58 a léirmhíniú sa chaoi nach gcuirtear bac ar reachtaíocht den sórt sin.

2.      Coimircí leordhóthanacha substainteacha agus nós imeachta a bheith ann

65.      Maidir le rochtain ar shonraí aitheantais shibhialta a chomhfhreagraíonn do sheoltaí IP, go sonrach, is léir ó chásdlí na Cúirte nach leor comhréireacht dhocht an bhirt chun go mbeidh sé comhoiriúnach le hAirteagal 15(1) de Threoir 2002/58.

66.      D’fhonn a áirithiú go bhfuil rochtain ar shonraí tráchta agus suímh teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach, chinn an Chúirt go bhfuil sé fíor-riachtanach go mbeadh an rochtain sin faoi réir grinnscrúdú roimh ré arna dhéanamh ag cúirt nó ag eintiteas riaracháin neamhspleách a bhfuil na cumhachtaí uile aige agus a thugann na ráthaíochtaí go léir is gá chun a áirithiú go ndéantar na leasanna agus na cearta dlisteanacha éagsúla atá i gceist a réiteach (26).

67.      Dá bhrí sin, dá ndéanfaí an cásdlí a léamh go docht, mheasfaí gur cheart rochtain Hadopi ar na sonraí aitheantais shibhialta a fhreagraíonn do sheoltaí IP daoine a bhfuil amhras fúthu go ndearna siad sárú cóipchirt ar an idirlíon a bheith faoi réir grinnscrúdú roimh ré den sórt sin, atá in easnamh i sásra na freagartha céimnithe de réir mar atá sé.

68.      Mar sin féin, mar a d’áitigh Rialtas na hÉireann ag an éisteacht agus mar a chuir mé in iúl sa chéad Tuairim uaim, táim den tuairim nach ceanglas córasach é an ceanglas go ndéanfadh cúirt nó eintiteas riaracháin neamhspleách grinnscrúdú roimh ré, ach go mbraitheann sé ar anailís níos cuimsithí ar an mbeart atá i gceist, agus aird á tabhairt ar a thromchúisí atá an cur isteach atá i gceist agus ar na ráthaíochtaí dá bhforáiltear leis.

69.      Ba mhaith liom a chur in iúl, i ngach ceann de na breithiúnais ina leagtar amach an ceanglas sin go ndéanfadh cúirt nó eintiteas riaracháin neamhspleách grinnscrúdú roimh ré, go raibh reachtaíocht náisiúnta i gceist lenar ceadaíodh rochtain ar shonraí tráchta agus suímh uile na n-úsáideoirí a bhaineann le gach modh cumarsáide leictreonaí a bhí ag úsáideoirí (27) nó, ar a laghad, le gnáth-theileafóin agus teileafóin shoghluaiste (28) na n-úsáideoirí sainaitheanta.

70.      Tá sé mar thoradh air sin go bhfuil an ceanglas maidir le grinnscrúdú roimh ré den sórt sin bunaithe ar a thromchúisí atá an cur isteach atá i gceist sna cásanna atá i gceist. Mar a thug an Chúirt le fios, leis na sonraí sin, “d’fhéadfaí teacht ar chonclúidí beachta, nó fiú an-bheacht, maidir le saol príobháideach daoine aonair [...] amhail nósanna an tsaoil laethúil, áiteanna buana nó sealadacha cónaithe, gluaiseachtaí laethúla nó eile, na gníomhaíochtaí a dhéantar, caidreamh sóisialta na ndaoine sin, agus na timpeallachtaí sóisialta ina mbíonn siad” (29). Ina theannta sin, cumhdaíodh sonraí daoine a sainaithníodh cheana agus a raibh amhras ina leith go ndearna siad sárú ar bhonn fianaise eile, agus leis na sonraí atá i dtrácht, bhíothas in ann bonn níos láidre a thabhairt don fhianaise i gcoinne an úsáideora atá i gceist trí raon feidhme na sonraí a bhain leis a leathnú.

71.      Maidir leis an reachtaíocht atá i gceist sna príomhimeachtaí, agus mar a luaigh mé, tá tromchúis an chur isteach a bhaineann le sonraí aitheantais shibhialta agus seoladh IP a nascadh le chéile i bhfad níos lú ná an cur isteach a eascraíonn as rochtain ar na sonraí tráchta agus suímh go léir a bhaineann le duine, sa mhéid nach gcuirtear ar fáil leis sin aon fhaisnéis lenar féidir teacht ar chonclúidí beachta maidir le saol príobháideach an duine lena mbaineann.

72.      Ina theannta sin, mar a luaigh mé sa chéad Tuairim uaim (30), ní bhaineann na sonraí sin ach le daoine a raibh baint acu le gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ina sárú ar an dualgas cúraim a leagtar síos in Airteagal L.336-3 de CMI, tar éis cinneadh oibiachtúil maidir le húsáid an tseolta IP de shárú ar chóipcheart arna suíomh ag eagraíochtaí na sealbhóirí cirt. Ní shainaithnítear iad roimh ré ar bhealaí eile, ós rud é gurb é nascadh an tseolta IP leis na sonraí aitheantais shibhialta an t-aon bhealach amháin chun an duine lena mbaineann a shainaithint. Dá bhrí sin, ní chumasaíonn rochtain ar na sonraí sin, mar ab amhlaidh sna cásanna a chinn an Chúirt roimhe seo, faisnéis bhreise agus bheacht a fháil ar ghníomhaíocht daoine a bhfuil amhras fúthu cheana féin ar bhonn fianaise eile, ach amháin go bhféadfar an seoladh IP a úsáid, seoladh nach bhféadfaí a úsáid murach sin. Sna himthosca sin, tá na sonraí a bhfuil rochtain ag Hadopi orthu teoranta de facto.

73.      I mo thuairimse, tá difríocht bhunúsach idir rochtain a fháil ar shonraí pearsanta a bhaineann le duine a bhfuil amhras ann go ndearna sé sárú chun a chiontacht a léiriú agus rochtain a fháil ar na sonraí sin chun go bhféadfaí aitheantas déantóra sáraithe atá suite cheana féin a nochtadh.

74.      Is mó is fíor sin anseo, i mo thuairimse, ós rud é go bhfuil bailiú sheoltaí IP ar líonraí idir piaraí faoi réir réamhúdarú atá teoranta do na sonraí sin amháin, sa chaoi nach mbíonn tacar neamhtheoranta sonraí i seilbh Hadopi riamh maidir le húsáideoirí idirlín a bhfuil amhras fúthu go ndearna siad sárú cóipchirt ar an idirlíon (31).

75.      Dá réir sin, níl an loighic is bun leis an gceanglas maidir le grinnscrúdú roimh ré ó chúirt nó eintiteas riaracháin neamhspleách infheidhme maidir leis an sásra freagartha céimnithe amhail an sásra atá i gceist sna príomhimeachtaí, sa chaoi nach gá an ceanglas sin chun a áirithiú go bhfuil an cur isteach ar chearta bunúsacha atá i gceist leis an sásra sin teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach.

76.      Leanann sé as an méid sin roimhe seo go gcomhlíonann reachtaíocht náisiúnta lena gceadaítear d’údarás riaracháin neamhspleách, amhail Hadopi, sonraí aitheantais shibhialta a fhreagraíonn do sheoltaí IP sealbhóirí na seoltaí sin a shainaithint a bhfuil amhras fúthu go bhfuil siad freagrach as sáruithe cóipchirt, gan an rochtain sin a bheith faoi réir grinnscrúdú roimh ré ó chúirt nó eintiteas riaracháin neamhspleách, i ndeireadh na dála, na prionsabail a leagtar síos le cásdlí na Cúirte, i gcás inarb iad na sonraí sin an t-aon bhealach amháin chun an duine dá raibh an seoladh IP sannta tráth an tsáraithe, a aithint, agus ba cheart Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58 a léirmhíniú sa chaoi nach gcuirtear bac ar an reachtaíocht sin.

77.      Sa bhreis ar na breithnithe sin a bhaineann go sonrach leis an gcás atá i gceist sna príomhimeachtaí, ní mór dom barúlacha níos ginearálta a thabhairt freisin maidir leis an ngá le cásdlí na Cúirte a fhorbairt ar an mbealach sin.

C.      Forbairt riachtanach agus theoranta ar an gcásdlí

78.      Tá roinnt argóintí ann i bhfabhar chásdlí na Cúirte maidir le sonraí amhail seoltaí IP mar aon le sonraí aitheantais shibhialta a choinneáil agus a rochtain.

79.      Ar an gcéad dul síos, agus mar a luaigh mé cheana féin (32), sa chás atá i gceist sna príomhimeachtaí, is é na sonraí aitheantais shibhialta a fhreagraíonn do sheoladh IP a fháil an t-aon mhodh imscrúdaithe lenar féidir an duine dá raibh an seoladh sin sannta tráth an tsáraithe atá i gceist, a aithint.

80.      Is gá, dá measfadh an Chúirt go gcuireann Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58 cosc ar na sonraí a choinneáil agus a rochtain, go mbainfí de facto an t-aon mhodh sainaitheanta amháin de na húdaráis náisiúnta agus, dá bhrí sin, nach bhféadfaí déantóirí an tsáraithe atá i gceist a ionchúiseamh riamh (33). Dá bhrí sin, i mo chéad Tuairim, d’ardaigh mé an fhéidearthacht go mbeadh saoirse chórasach ó phionós ann maidir leis an sárú sin (34).

81.      Níl an baol go mbeadh saoirse chórasach ó phionós teoranta do sháruithe cóipchirt a dhéantar ar líonraí idir piaraí, baineann sé, mar a d’áitigh Rialtas na Seice ag an éisteacht, le gach cion a dhéantar ar líne amháin.

82.      Ní fhéadfaí sáruithe nach féidir a ndéantóir a shainaithint ach amháin trína sheoladh IP a ionchúiseamh riamh agus ní fhéadfaí na téacsanna lena ngearrtar pionós orthu a chur i bhfeidhm riamh dá gcinnfí go bhfuil coinneáil agus rochtain na sonraí sin contrártha le dlí an Aontais.

83.      I ndáil leis sin, tugaim faoi deara go bhfuil sé fíor, mar a d’áitigh na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí, go bhféadfaí bealaí eile a úsáid, go teoiriciúil, chun déantóirí sáruithe áirithe a rinneadh ar líne amháin a shainaithint. I ndáil leis sin, tagraíonn siad, inter alia, don aitheantóir a úsáidtear ar na meáin shóisialta agus do na sonraí a bhaineann le cuntas an úsáideora, lena sheoladh ríomhphoist, lena uimhir theileafóin, nó le gné dá shaol príobháideach a chuir an duine in iúl. Mar sin féin, chun iad a nascadh le haitheantas an duine, is gá imscrúduithe doimhne a dhéanamh ar na sonraí sin, agus scrúdú a dhéanamh ar ghníomhaíocht an úsáideora idirlín ar líne mar chuid díobh. Dá bhrí sin, dealraíonn sé gur féidir liom conclúidí an-bheacht a bhaint as modhanna imscrúdaithe den sórt sin, murab ionann agus an seoladh IP amháin, maidir le príobháideachas daoine aonair, agus is é an toradh a bheadh air sin go mbeadh coinneáil agus rochtain ar na sonraí sin contrártha le hAirteagal 15(1) de Threoir 2002/58.

84.      Sna himthosca sin, is cinnte nach í an rochtain ar shonraí aitheantais shibhialta a fhreagraíonn do sheoladh IP úsáideora idirlín an t-aon mhodh imscrúdaithe teoiriciúil lenar féidir an duine is sealbhóir don seoladh sin tráth an chiona, a aithint ach is é sin an modh lenar féidir é a ionchúiseamh ach an cur isteach is lú ar a chearta bunúsacha a bheith i gceist leis sin agus, dá bhrí sin, saoirse ghinearálta ó phionós a sheachaint.

85.      Sa dara háit, ba mhaith liom a chur in iúl arís eile go bhfágfadh réiteach den sórt sin, i mo thuairimse, go bhféadfaí dhá líne de chásdlí na Cúirte a thabhairt le chéile, ar foinsí teannais áirithe iad a d’aithin mé i mo chéad Tuairim (35) agus sa Tuairim a bhaineann le cás M.I.C.M. (36), eadhon, ar an gcéad dul síos, an cásdlí a bhaineann le sonraí a choinneáil agus rochtain orthu agus, ar an dara dul síos, an cásdlí a bhaineann le seoltaí IP a chur in iúl a shanntar d’fhoinse naisc i gcomhthéacs caingne chun cearta maoine intleachtúla a chosaint, arna dtionscnamh ag daoine príobháideacha.

86.      Ar an tríú dul síos, cé nach mór fáilte a chur roimh chásdlí na Cúirte ó Tele2 agus La Quadrature du Net agus páirtithe eile ar aghaidh sa mhéid is gur fhág sé gurbh fhéidir creat a bhunú lena gcosnaítear cearta bunúsacha na n-úsáideoirí seirbhísí cumarsáide leictreonaí, tá an réasúnaíocht cás-ar-chás le feiceáil ann. De réir mar a cuireadh cásanna faoina bráid, rinne an Chúirt a cásdlí a bheachtú de réir a chéile sa chaoi gurbh fhéidir léi rialacha náisiúnta éagsúla a scrúdú i bhfianaise Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58. Mar sin féin, ní féidir leis an gCúirt beagnach gach beart a d’fhéadfaí a anailísiú i bhfianaise na forála sin a thuar. Léirítear an méid sin, thairis sin, le líon na dtarchur le haghaidh réamhrialú ar an Airteagal sin (37) a bhí ina ábhar do bhreithiúnas ó tugadh an breithiúnas in Tele2, rud a léiríonn, i mo thuairimse, go bhféadfadh sé a bheith deacair ar chúirteanna náisiúnta na prionsabail a leagtar amach i gcásdlí na Cúirte a chur i bhfeidhm maidir le cásanna nach ionann iad agus na cásanna inar tugadh na breithiúnais atá i gceist (38).

87.      Dá bhrí sin, is cosúil go bhfuil gá le méid áirithe solúbthachta i gcás ina gcuirtear faoi bhráid na Cúirte bearta nach bhféadfaí a shamhlú agus breithiúnais roimhe seo á dtabhairt, amhail rialacha a bhaineann le cionta nach féidir a ionchúiseamh ach amháin sa mhéid go bhfuil na sonraí aitheantais shibhialta a fhreagraíonn do sheoltaí IP coinnithe agus inrochtana, ar bearta iad nach raibh ar an gCúirt breith a thabhairt ina dtaobh riamh.

88.      Dá bhrí sin, níl sé i gceist, mar a d’áitigh Rialtas na Danmhairge, athbhreithniú a dhéanamh ar chásdlí na Cúirte, ach glacadh leis, ar bhonn na bprionsabal atá mar bhunús leis, go bhféadfaí teacht ar réiteach níos beachtaithe in imthosca an-teoranta.

89.      Leis an léiriú atá á mholadh agam ar Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58, ní cheadaítear sonraí aitheantais shibhialta a fhreagraíonn do sheoltaí IP a choinneáil agus rochtain a fháil orthu ach amháin i ndáil le hionchúiseamh cionta nach bhféadfaí a ndéantóirí a shainaithint, in éagmais sonraí den sórt sin. Dá bhrí sin, ní thagraíonn sé ach do chionta a dhéantar ar an idirlíon amháin agus ní tharraingíonn sé amhras ar na réitigh a leagtar amach sa chásdlí a bhaineann le sonraí níos leithne a choinneáil agus a rochtain, agus cuspóirí eile a shaothrú.

V.      Conclúid

90.      I bhfianaise an mhéid sin go léir roimhe seo, molaim go bhfreagróidh an Chúirt na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú ón Conseil d’État (an Fhrainc) mar seo a leanas:

Maidir le hAirteagal 15(1) de Threoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le próiseáil sonraí pearsanta agus cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach), arna leasú le Treoir 2009/136/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009, arna léamh i bhfianaise Airteagail 7, 8, 11 agus Airteagal 52(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní chuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena gceadaítear do sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí sonraí aitheantais shibhialta a fhreagraíonn do sheoltaí IP a stóráil agus d’údarás riaracháin atá freagrach as cóipcheart agus cearta gaolmhara a chosaint ar sháruithe ar na cearta sin ar an idirlíon na sonraí sin a rochtain, teoranta do shonraí aitheantais shibhialta a fhreagraíonn do sheoltaí IP ionas gur féidir leis an údarás sin sealbhóirí na seoltaí sin a bhfuil amhras fúthu go bhfuil siad freagrach as na sáruithe sin a shainaithint agus gur féidir leis, nuair is cuí, bearta a ghlacadh ina leith, gan an rochtain sin a bheith faoi réir grinnscrúdú roimh ré ó chúirt nó eintiteas riaracháin neamhspleách, i gcás gurb iad na sonraí sin an t‑aon mhodh imscrúdaithe lenar féidir na daoine dá raibh na seoltaí sin sannta, tráth an chiona, a aithint.


1      Bunteanga: an Fhraincis.


2      Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO 2002 L 201, lch. 37), arna leasú le Treoir 2009/136/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 25 Samhain 2009 (IO 2009 L 337, lch. 11) (“Treoir 2002/58”).


3      Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint maidir le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO 1995 L 281, lch. 31).


4      JORF an 7 Márta 2010, téacs Uimh. 19.


5      JORF an 31 Iúil 2021, téacs Uimh. 1. Glacadh an leagan seo d’Airteagal L. 34-1 den Chód sin, atá i bhfeidhm ón 31 Iúil 2021, tar éis cinneadh ón Conseil d’État (an Fhrainc) an 21 Aibreán 2021, Uimh. 393099 (JORF an 25 Aibreán 2021) lenar diúltaíodh don leagan roimhe sin den fhoráil sin ina raibh oibleagáid sonraí pearsanta a choinneáil “chun críocha cionta coiriúla nó sárú ar an oibleagáid a shainmhínítear in Airteagal L. 336-3 [de CMI] a imscrúdú, a chinneadh agus a ionchúiseamh” chun críche amháin a cheadú, de réir mar is gá, an cur ar fáil, inter alia, do Hadopi. Le Cinneadh Uimh. 2021-976-977 QPC an 25 Feabhra 2022 (An tUasal Habib A. agus páirtithe eile), dhearbhaigh an Conseil Constitutionnel (an Chúirt Bhunreachtúil (an Fhrainc)) go bhfuil an leagan roimhe seo d’Airteagal L. 34-1 den Chód sin míbhunreachtúil ar an bhforas bunúsach, “trí údarú a dhéanamh ar stóráil ghinearálta agus neamh-idirdhealaitheach sonraí nasctha, sáraíonn na forálacha atá faoi chonspóid an ceart chun príobháideachais” (mír 13). Chinn an chúirt sin go mbaineann na sonraí ceangail a bhí le coinneáil faoi na forálacha sin, ní hamháin le húsáideoirí seirbhísí cumarsáide leictreonaí a aithint ach le sonraí eile a dhéanann, “ag féachaint dá n‑ilchineálacht agus don phróiseáil a bhféadfaidís a bheith faoina réir […] faisnéis iomadúil agus bheacht a sholáthar faoi na húsáideoirí sin agus, i gcásanna áirithe, ar thríú páirtithe, a chuireann isteach go mór ar a saol príobháideach” (mír 11).


6      An 1 Eanáir 2022, rinneadh an tÚdarás Rialála um Chumarsáid Chlosamhairc agus Dhigiteach (Arcom) den Ardchomhairle Chlosamhairc agus Hadopi. I bhfianaise na tréimhse inar tharla fíorais na bpríomhimeachtaí, áfach, déanfaidh mé tagairt sa Tuairim seo do Hadopi.


7      I ndáil leis sin, molaim i gcónaí na ceisteanna a cuireadh ar aghaidh le haghaidh réamhrialú a chur i bhfocail eile agus cloím le mo thuiscint ar a gcuspóir. Cé nach luaitear rochtain ar shonraí aitheantais shibhialta a chomhfhreagraíonn do sheoltaí IP ach i bhfoclaíocht na gceisteanna a tharchuirtear chun réamhrialú, tá dlúthbhaint, áfach, idir an cheist maidir le rochtain ar na sonraí sin agus an cheist a bhaineann leis na sonraí sin a bheith á gcoimeád ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí, agus is é an toradh air sin gur réamhchoinníoll riachtanach í an anailís ar chomhoiriúnacht na coinneála le dlí an Aontais maidir le comhoiriúnacht na rochtana. Ar an bpointe seo, féach mír 45 et seq. de mo chéad Tuairim. Ar an gcaoi chéanna, cé go dtagraíonn na ceisteanna a tharchuirtear chun réamhrialú do “shonraí aitheantais shibhialta a fhreagraíonn do sheoladh IP”, ní mór a thuiscint go dtagraíonn siad freisin do rochtain ar sheoltaí IP lenar féidir foinse naisc a shainaithint. Ar an bpointe seo, féach míreanna 41 et seq. de mo chéad Tuairim.


8      Breithiúnas an 21 Nollaig 2016 (C-203/15 agus C-698/15) (“an breithiúnas in Tele2”, EU:C:2016:970).


9      Féach breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020 (C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, “an breithiúnas in La Quadrature du Net agus páirtithe eile”, EU:C:2020:791).


10      Féach, i ndáil leis sin, Cinneadh Uimh. 2010-225 ó CNIL an 10 Meitheamh 2010 lena leasaítear an t-údarú don Société des auteurs, compositeurs et éditeurs de musique (SACEM) chun sonraí pearsanta a phróiseáil chun sáruithe cóipchirt arna ndéanamh trí líonraí malartaithe comhad ar a dtugtar “piaraí go piaraí” a imscrúdú agus a shuíomh (údarú Uimh. 1425421).


11      Maidir le feidhmiú líonraí idir piaraí agus próifílí éagsúla úsáideoirí idirlín ar na líonraí seo, féach mo Thuairim in M.I.C.M. (C-597/19, EU:C:2020:1063, míreanna 37 et seq.).


12      Míreanna 53 et seq. de mo chéad Tuairim.


13      Léirítear na cearta chun príobháideachais a chosaint agus chun sonraí pearsanta a chosaint, i gcomhthéacs Threoir 2002/58, i bprionsabail rúndacht na cumarsáide agus an toirmisc a leagtar síos sa Treoir sin maidir le stóráil sonraí a bhaineann leis sin.


14      Na breithiúnais in La Quadrature du Net agus páirtithe eile (míreanna 120 go 122 agus 127  agus 128); an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile (C‑140/20, “an breithiúnas in Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile”, EU:C:2022:258, míreanna 48 agus 50), agus in SpaceNet agus Telekom Deutschland (C-793/19 agus C-794/19, “an breithiúnas in SpaceNet agus Telekom Deutschland”, EU:C:2022:702, míreanna 63 agus 65).


15      Na breithiúnais in La Quadrature du Net agus páirtithe eile (mír 129), Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile (mír 51), agus SpaceNet agus Telekom Deutschland (mír 66).


16      Na breithiúnais in Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile (mír 56) agus in SpaceNet agus Telekom Deutschland, (mír 71).


17      Na breithiúnais in Tele2 (mír 115); an 2 Deireadh Fómhair 2018, Ministerio Fiscal (C-207/16, EU:C:2018:788, mír 56), agus an 2 Márta 2021, Prokuratuur (Coinníollacha maidir le rochtain ar shonraí a bhaineann le cumarsáid leictreonach) (C-746/18, “an breithiúnas in Prokuratuur”, EU:C:2021:152, mír 33). Féach freisin mír 92 ó mo chéad Tuairim.


18      Féach an breithiúnais in La Quadrature du Net agus páirtithe eile (míreanna 152 agus 153), Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile (mír 73), agus SpaceNet agus Telekom Deutschland (mír 103). Féach freisin míreanna 63, 64 agus 93 de mo chéad Tuairim.


19      D’áitigh mé, i mo chéad Tuairim, gur cheart coincheap na “coireachta tromchúisí” a léiriú go huathrialach chun nach rachadh na Ballstáit timpeall ar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58. Coinním an seasamh seo. Mar sin féin, ní mór dom a chur in iúl, fiú dá gcinnfeadh an Chúirt go bhfágfaí an sainmhíniú ar “choireacht thromchúiseach” faoi na Ballstáit, go mbeadh gá an sainmhíniú sin a bhunú laistigh de theorainneacha dhlí an Aontais agus nach bhféadfaí é a leathnú chuig pointe a fhágann nach mbeadh brí leis an bhforáil sin.


20      Mír 101 de mo chéad Tuairim.


21      Na breithiúnais in La Quadrature du Net agus páirtithe eile (míreanna 120 go 122 agus 132), in Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile (míreanna 48 agus 54), agus in SpaceNet agus Telekom Deutschland (míreanna 63 agus 69).


22      Mír 78 de mo chéad Tuairim.


23      Na breithiúnais in La Quadrature du Net agus páirtithe eile (mír 154); Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile (mír 73), agus SpaceNet agus Telekom Deutschland (mír 100).


24      An breithiúnas in Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile (mír 69).


25      Mír 81 de mo chéad Tuairim. Féach freisin, ar an bpointe sin, míreanna 79 et seq. den Tuairim seo.


26      Na breithiúnais in Tele2 (mír 120), Prokuratuur (míreanna 51 agus 52) agus in Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile (míreanna 106 agus 107).


27      Na breithiúnais in Tele2 agus Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile.


28      An breithiúnas in Prokuratuur.


29      An breithiúnas in Prokuratuur (mír 36).


30      Mír 102 de mo chéad Tuairim.


31      Mír 33 den Tuairim seo.


32      Mír 59 den Tuairim seo.


33      Mír 62 den Tuairim seo.


34      Míreanna 78 et seq. de mo chéad Tuairim.


35      Míreanna 69 et seq. de mo chéad Tuairim.


36      C‑597/19, EU:C:2020:1063.


37      Breithiúnais an 2 Deireadh Fómhair 2018, Ministerio Fiscal (C-207/16, EU:C:2018:788); La Quadrature du Net agus páirtithe eile; Prokuratuur; Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, agus SpaceNet agus Telekom Deutschland.


38      I ndáil leis sin, d’fhéadfadh iomadú na n-iarrataí ar réamhrialuithe a bhaineann le léirmhíniú Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58 cineál áirithe drogall a léiriú ó thaobh na gcúirteanna náisiúnta de maidir leis na prionsabail atá leagtha síos ag an gCúirt a chur i bhfeidhm ar chásanna atá beagánín éagsúil, mar gheall ar ghnéithe sonracha na gcóras dlí náisiúnta. Maidir leis an bpointe sin, féach go háirithe Cameron, I., “Metadata retention and national security : Privacy international and La Quadrature du Net”, Common Market Law Review, 2021, Iml. 58, Uimh. 5, lch. 1433 go 1471, nó arís Bertrand, B., “L’audace sans le tact : jusqu’où la Cour de justice peut-elle aller trop loin ?”, Dalloz IP/IT, 2021, Uimh. 9, lgh. 468 go 472. Dá bhrí sin, dealraíonn sé go bhfuil sé níos riachtanaí fós, d’fhonn idirphlé torthúil a chothú idir an Chúirt Bhreithiúnais agus cúirteanna agus binsí na mBallstát, go mbeidh an Chúirt in ann oiriúnú a dhéanamh nuair is gá sin sna himthosca. Mar a luaigh údair na litríochta dlíthiúla, ní féidir leis an gcaighdeán ard cosanta a bunaíodh le cásdlí na Cúirte Breithiúnais a bheith éifeachtach i ndáiríre gan tacaíocht na gcúirteanna náisiúnta, arb iad atá freagrach go príomha as é a chur chun feidhme. Maidir leis an bpointe sin, féach go háirithe Teyssedre, J., “Strictly regulated retention and access regimes for metadata : Commissioner of An Garda Síochána”, Common Market Law Review, iml. 60, Uimh. 2, 2023, lgh. 569 go 588, agus Sirinelli, J., “La protection des données de connexion par la Cour de justice : cartographie d’une jurisprudence européenne inédite”, Revue trimestrielle de droit européen, iml. 57, Uimh. 2, 2021, lgh. 313 go 329.