Language of document :

Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 21 Feabhra 2024 – NRW.Bank v BRA

(Cás T-466/16 RENV) 1

(Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta – An tAontas Baincéireachta – Sásra Réitigh Aonair d'Institiúidí Creidmheasa agus do Ghnólachtaí Infheistíochta Áirithe (SRA) – Ciste Réitigh Aonair (CRA)– Cinneadh BRA maidir le ríomh na ranníocaíochtaí le haghaidh 2016 – Oibleagáid cúiseanna a lua– Prionsabal na neamh-aisghníomhaíochta – Airteagal 5(1)(f) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/63 – Eisiamh de roinnt dliteanas maidir le ranníocaíochtaí ex ante a ríomh – Iasachtaí forbartha – Gníomhaíochtaí cúnta forbartha– Pléadáil neamhdhleathachta)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: NRW.Bank (Düsseldorf, an Ghearmáin) (ionadaithe: J. Seitz agus C. Marx, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Bord Réitigh Aonair (ionadaithe : H. Ehlers, J. Kerlin agus C. De Falco, Gníomhairí, le cúnamh ó B. Meyring, S. Schelo, T. Klupsch agus S. Ianc, Dlíodóirí)

Idiragraithe ag tacú leis an gcosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: A. Sikora-Kalėda agus J. Bauerschmidt, Gníomhairí), an Coimisiún (ionadaithe: D. Triantafyllou, A. Steiblytė agus A. Nijenhuis, Gníomhairí)

Ábhar

Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní cinneadh SRB/ES/2022/23 ón mBord Réitigh Aonair (BRA) an 27 Aibreán 2022 lena dtarraingítear siar cinneadh SRB/ES/SRF/2016/06 ó BRA an 15 Aibreán 2016 maidir leis na ranníocaíochtaí ex ante le haghaidh 2016 leis an gCiste Réitigh Aonair, a mhéid a bhaineann sé le NRW.Bank, agus cinneadh SRB/ES/SRF/2016/13 ó BRA an 20 Bealtaine 2016 ar an gcoigeartú ranníocaíochtaí ex-ante 2016 leis an gCiste Réitigh Aonair, lena bhforlíontar cinneadh SRB/ES/SRF/2016/06, a mhéid a bhaineann sé le NRW.Bank, agus na ranníocaíochtaí ex ante ó NRW.Bank le haghaidh 2016 leis an gCiste Réitigh Aonair a ríomh.

An chuid oibríochúil

Diúltaítear don chaingean.

Ordaítear don Bhord Réitigh Aonair (BRA) a chostais féin, chomh maith leis na costais arna dtabhú ag NRW.Bank a bhaineann leis na himeachtaí achomhairc os comhair na Cúirte i gcomhthéacs an cháis C-662/19 P, a íoc.

Ordaítear do NRW.Bank a chostais féin a íoc chomh maith leis na costais arna dtabhú ag BRA sna himeachtaí a tarchuireadh ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta, i gcomhthéacs Chás T-466/16 RENV, chomh maith leis na costais a bhaineann leis na himeachtaí tosaigh os comhair na Cúirte Ginearálta, i gcomhthéacs Chás T-466/16.

Ordaítear do Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus don Choimisiún Eorpach a gcostais féin a íoc.

____________

1     IO C 371, 10.10.2016.