Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 21 Feabhra 2024 – Inivos et Inivos v an Coimisiún

(Cás T-38/21) 1

(Soláthar poiblí –Nós imeachta idirbheartaíochta gan iarratas ar thairiscintí a fhoilsiú roimh ré – Róbait díghalrúcháin a sholáthar d’ospidéil Eorpacha – Éigeandáil ríthábhachtach – COVID-19 – Easpa rannpháirtíochta na n-iarratasóirí sa nós imeachta soláthair – Imeachtaí le haghaidh neamhniú – Easpa leas pearsanta – Nádúr conarthach na díospóide – Neamh-inghlacthacht – Freagracht)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí: Inivos Ltd (Londain, an Ríocht Aontaithe), Inivos BV (Rotterdam, an Ísiltír) (ionadaithe: R. Martens, L. Hoet agus A. Van Laer, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: L. André agus M. Ilkova, Gníomhairí)

Ábhar

Trína gcaingean, iarrann na hiarratasóirí, ar dtús, ar bhonn Airteagal 263 CFAE, go gcuirfí ar neamhní an cinneadh ón gCoimisiún Eorpach an 18 Meán Fómhair 2020 dul i muinín nós imeachta idirbheartaíochta gan iarratas ar thairiscintí a fhoilsiú roimh ré do róbait díghalrúcháin a fháil, cinneadh an 3 Samhain 2020 an conradh sin a dhámhachtain, chomh maith le cinneadh an 19 Samhain 2020 creatchonarthaí a thabhairt i gcrích le dhá oibreoir agus na conarthaí sin a dhearbhú ar neamhní agus, anuas air sin, ar bhonn Airteagal 268 CFAE, cúiteamh as an damáiste a rinneadh dá bharr.

An chuid oibríochtúil

Diúltaítear don chaingean.

Ordaítear do Inivos Ltd agus Inivos BV na costais a íoc, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis na himeachtaí eatramhacha.

____________

1     IO C 98, 22.3.2021.