Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 21 Feabhra 2024 – Hoffmann v EUIPO – Moldex/Metric (Holex)

(Cás T-767/22) 1

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Nós imeachta freasúra – Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘Holex’ – Marc fíortha níos luaithe de chuid an Aontais Eorpaigh ‘MOLDEX’ – Foras coibhneasta le diúltú – Cruthúnas ar fhíorúsáid – Éagmais riosca mearbhaill – Cosúlacht táirgí – Cosúlacht na gcomharthaí – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Hoffmann GmbH Qualitätswerkzeuge (München, an Ghearmáin) (ionadaí: D. von Schultz, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: A. Ringelhann agus T. Klee, Gníomhairí)

Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, idiragraí os comhair na Cúirte Ginearálta: Moldex/Metric AG & Co. KG (Walddorfhäslach, an Ghearmáin) (ionadaí : T. Krüger, Dlíodóir)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 30 Meán Fómhair 2022 a chur ar neamhní go páirteach agus a leasú (Cás R 1248/2022-2).

An chuid oibríochtúil

Déantar míreanna 1 agus 2 den chuid oibríochtúil den chinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 30 Meán Fómhair 2022 (Cás R 1248/2022-2) a chur ar neamhní.

Diúltaítear don chaingean a thug Moldex/Metric AG & Co. KG os comhair an Dara Bord Achomhairc de EUIPO a mhéid a bhaineann sé leis na táirgí dá dtagraítear i mír 1 den chuid oibríochtúil de chinneadh an Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 30 Meán Fómhair 2022 (Cás R 1248/2022-2).

Ordaítear do EUIPO, i dteannta a chostais féin, na costais arna dtabhú ag Hoffmann GmbH Qualitätswerkzeuge, a íoc.

Ordaítear do Moldex/Metric a chostais féin a íoc.

____________

1     IO C 35, 30.1.2023.