Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék (an Ungáir) a taisceadh an 17 Aibreán 2024 – Granulines Invest Kft. v Nemzeti Adó- és Vámhivatal Fellebbviteli Igazgatósága

(Cás C-270/24, Granulines Invest)

Teanga an cháis: an Ungáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Fővárosi Törvényszék

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Granulines Invest Kft.

Cosantóir: Nemzeti Adó- és Vámhivatal Fellebbviteli Igazgatósága

Na ceisteanna a tharchuirtear

An bhfuil cleachtas an údaráis cánach – ar dá réir a cheiltear an ceart aisíocaíocht CBL a fháil ar dhuine inchánach ar an bhforas, in ainneoin go ndearnadh na hearraí a sholáthar cheana féin agus gurb ann do dhoiciméid chuntasaíochta tacaíochta eile, gur sonrasc samhailteach atá ann toisc go ndearnadh na hidirbhearta eacnamaíocha i ndáiríre, agus dá bhrí sin nárbh iad na páirtithe a liostaítear ar an sonrasc a rinne na hidirbhearta – i gcomhréir le hAirteagal 167, Airteagail 168(a) agus 178(a) agus Airteagal 226 de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha 1 (‘Treoir CBL’) agus leis an gceart chun triail chóir a fháil arna aithint mar phrionsabal ginearálta dlí le hAirteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’), i ndáil le prionsabail na neodrachta cánach, comhréireachta, na héifeachtachta agus na deimhneachta dlíthiúla toisc:

gurbh é an duine inchánach a rinne idirbheartaíocht leis na monaróirí faoi na ceisteanna ar fad agus nárbh ach i ndiaidh dó tarraingt siar ón idirbheart a rinne eisitheoir an tsonraisc, agus é bunaithe sa chríoch náisiúnta, idiragairt d’fhonn ceanglais an chreidmheasa a chomhlíonadh,

gur seachadadh an t-innealra go díreach ón monaróir go háitreabh an duine inchánach,

gur bréagach dáta an chomhlíonta arna lua ar an sonrasc,

go bhfuil áibhéil sa phraghas ar an sonrasc,

nár chomhlíon eisitheoir an tsonraisc a oibleagáid [CBL] a íoc ach go páirteach déanach?

An bhfuil léiriú le déanamh ar Airteagal 178(a) de Threoir CBL sa chaoi go gcuirtear cosc ar an údarás náisiúnta cánach diúltú don ceart aisíocaíocht CBL a fháil ar an bhforas, agus ar an bhforas sin amháin, go bhfuil ag an duine inchánach an sonrasc atá ar neamhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 226(6) agus (7) de Threoir CBL, bíodh is go bhfuil ag an údarás sin iomlán na ndoiciméad agus na faisnéise is gá d’fhonn a fhíorú ar bhonn an tsonraisc sin an gcomhlíontar na coinníollacha atá ábhartha de réir dlí chun an ceart sin a fheidhmiú?

Má thugtar freagra dearfach ar an dara ceist a tharchuirtear, an ionann ordú don dhuine inchánach an sonrasc a cheartú ina leithéid de chás agus réamhchoinníoll chun aisíocaíocht CBL a fháil?

Má thugtar freagra diúltach ar an dara ceist a tharchuirtear, agus i bhfianaise phrionsabail na neodrachta cánach agus na comhréireachta chomh maith, an bhfuil sé comhréireach ina leithéid de chás fíneáil cánach 200 % a ghearradh ar dhuine inchánach, arb ionann é agus méid na fíneála atá inghearrtha i gcás ioncam a cheilt nó i gcás doiciméid tacaíochta, doiciméid chuntasaíochta nó taifid a bhréagnú nó a scriosadh?

An bhfuil sé i gcomhréir leis forálacha thuasluaite Threoir CBL, leis an gceart chun triail chóir a fháil arna aithint le hAirteagal 47 den Chairt agus le prionsabail na héifeachtachta, na comhréireachta agus na neodrachta cánach an ceart chun aisíocaíocht CBL a fháil a cheilt ar dhuine inchánach ar an bhforas, in ainneoin go ndearnadh an idirbheart eacnamaíoch i ndáiríre agus ar bhonn shamhailteacht an tsonraisc – ar na cúiseanna a leagtar amach sa chéad cheist a tharchuirtear, rud atá oibiachtúil dar leis an údarás cánach – go gcinneadh an t-údarás cánach go huathoibríoch – gan scrúdú a dhéanamh ar imthosca eile, go bhfuil iompar an duine inchánach i gcontrárthacht leis na ceanglais a bhaineann le feidhmiú dlisteanach an chirt agus, ar bhonn an iompair sin agus gan an scrúdú sainráite a dhéanamh ar an ngné maidir leis an bhfeasacht – go ndearna an duine inchánach íoc na cánach a imghabháil d’aon ghnó leis na hidirbhearta samhailteacha arna leagan amach sa sonrasc?

____________

1 IO 2006 L 347, lch. 1.