Language of document :

Caingean arna tabhairt an 14 Samhain 2023 – Zubitskiy v an Chomhairle

(Cás T-1074/23)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Evgeny Borisovich Zubitskiy (Moscó, an Rúis) (ionadaithe: P. Zeller agus D. Reingewirtz, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a dhearbhú go bhfuil Airteagal 1(2) de Chinneadh (CBES) 2022/329 ón gComhairle an 25 Feabhra 2022, a mhéid a go n-athrófaí critéar (g) in Airteagal 2(1) de Chinneadh 2014/145/CBES neamhdhleathach agus infheidhme maidir leis an iarratasóir;

a ordú go gcuirfí Cinneadh (CBES) 2023/1767 ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2023 ar neamhní, a mhéid a choimeádtar ainm an iarratasóra ar an liosta san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES lena liostaítear an t-iarratasóir in Uimh. 913 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh sin;

a ordú go gcuirfí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1765 an 13 Meán Fómhair 2023 ar neamhní a mhéid a choimeádtar ainm an iarratasóra ar an liosta in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 269/2014 in Uimh. 913 ;

a ordú don Chomhairle EUR 100 000.00 a íoc ar bhonn sealadach i ndáil leis an damáiste neamhábhartha a rinneadh don iarratasóir.

a ordú don Chomhairle na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na dlíthiúlachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar an gceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach agus sárú ar an oibleagáid cúiseanna a lua.

An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear earráid fhollasach measúnaithe ag baint leis na forais arna maíomh ag an gComhairle, agus go háirithe ag baint leis na critéir ainmniúcháin arna gcur i bhfeidhm ar an iarratasóir.

An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar chearta bunúsacha eile an iarratasóra arna ráthú le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe sárú ar shaoirse fiontraíochta agus an ceart maoine.

____________