Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 21 Iúil 2023 ag EnergieVerbund Dresden GmbH i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Ceathrú Dlísheomra méadaithe) a tugadh an 17 Bealtaine 2023 i gCás T-317/20, EnergieVerbund Dresden GmbH v an Coimisiún Eorpach

(Cás C-468/23 P)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Achomharcóir: EnergieVerbund Dresden GmbH (ionadaithe: I. Zenke, Rechtsanwältin, T. Heymann, Rechtsanwalt)

Páirtithe eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, E.ON SE, RWE AG

An t-ordú atá á lorg

Breithiúnas ó Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 17 Bealtaine 2023, EnergieVerbund Dresden v an Coimisiún (T-317/20) agus cinneadh ón gCoimisiún Eorpach an 26 Feabhra 2019 ar chumasc “RWE/E. ON Assets” (Cás M.8871, JO 2000 C 111, lch. 1) a chur ar neamhní;

1a. mar mhalairt air sin agus ar aon nós, Cás T-319/20 a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta le haghaidh aon bhreith ar gá leis;

a ordú don Choimisiún na costais a íoc, lena n-áirítear costais na ndlíodóirí agus taistil arna dtabhú ag an iarratasóir in imeachtaí T-317/20.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Maidir leis an gcéad saincheist dlí, líomhnaíonn an t-achomharcóir go ndearna an Chúirt Ghinearálta míléiriú ar dhlí an Aontais – is é sin Airteagal 101 CFAE agus Airteagal 21(1) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 1  – sa bhreithiúnas faoi achomharc.

Ar an gcéad dul síos, sáraíodh dlí an Aontais toisc nár cuireadh Airteagal 101 CFAE i bhfeidhm mar gheall ar éifeacht inbhactha líomhnaithe Airteagal 21 de Rialachán Uimh. 139/2004 (míreanna 391 et seq. den bhreithiúnais faoi achomharc).

Ar an dara dul síos, níor cuireadh san áireamh an fhianaise a thíolaic an t-achomharcóir maidir le comhaontú cairtéil idir RWE agus E.ON de réir bhrí Airteagal 101 CFAE (míreanna 391 et seq. den bhreithiúnas faoi achomharc).

Ar an tríú dul síos, meastar gur sárú ar chearta nós imeachta é neamhaird a dhéanamh ar ráiteas fíorais an achomharcóra ar chúiseanna foirmiúla (míreanna 392agus 393, chomh maith le míreanna 405 et seq. den bhreithiúnas faoi achomharc).

Maidir leis an dara saincheist dlí, líomhnaíonn an t-achomharcóir go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid nuair a bhí nós imeachta rialaithe cumaisc an Choimisiúin i gcásanna M.8871 agus M.8870 agus nós imeachta rialaithe cumaisc an Bundeskartellamt i gcás B8-28/19 á mbreithniú aici mar nósanna imeachta nach raibh mar chuid dhílis de chumasc aonair ar cheart a scrúdú i gcomhthéacs cumaisc.

Ina leith sin, déantar an Chúirt Ghinearálta a cháineadh, ar dtús, as neamhaird a dhéanamh d’éadáil RWE de sciar 16.67% in E.ON i gcás B8-28/19 (míreanna 64 et seq. den bhreithiúnas faoi achomharc).

Anuas air sin, cáintear léiriú an téarma "cumasc aonair" faoi Airteagal 3 arna léamh in éineacht le haithris 20 de Rialachán Uimh. 139/2004. (míreanna 73 et seq. den bhreithiúnas faoi achomharc).

Maidir leis an tríú saincheist dlí, sháraigh an Chúirt Ghinearálta Airteagal 2 de Rialachán Uimh. 139/2004, agus chuir sí i bhfeidhm go mícheart é freisin, trí anailís mhargaidh earráideach a dhéanamh i gcás M.8871.

Ar an gcéad dul síos, d'fhormheas an Chúirt Ghinearálta go héagórach gur fhág an Coimisiún an sainmhíniú ar an margadh oscailte (míreanna 219 et seq. den bhreithiúnas faoi achomharc).

Ar an dara dul síos, níor chuir an Chúirt Ghinearálta i gcoinne neamhdhóthanacht réamhaisnéisí an Choimisiúin maidir le forbairt an mhargaidh (míreanna 228 et seq. den bhreithiúnas faoi achomharc).

Ar an tríú dul síos, cáineann an t-achomharcóir measúnú neamhleor, mar a mheasann sé féin é, ar na hionchais fáis i gcumhacht margaidh RWE (míreanna 259 et seq. den bhreithiúnas faoi achomharc).

Agus ar an gceathrú háit, déantar an Chúirt Ghinearálta a cháineadh as measúnú neamhleor a dhéanamh ar an gcaidreamh iomaíoch idir RWE agus E.ON agus ar dhul ar iarraidh E.ON (míreanna 336 et seq. den bhreithiúnas faoi achomharc).

Ar deireadh, maidir leis an gceathrú saincheist dlí, déantar an Chúirt Ghinearálta a cháineadh as prionsabal maidir le dáileadh an ualaigh cruthúnais a shárú trí cheanglais iomarcacha a fhorchur ar an achomharcóir i dtéarmaí cruthúnais sa bhreithiúnas faoi achomharc (míreanna 272, 277 et seq., 327, 340, 343 agus 381).

____________

1     Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (an Rialachán um Chumaisc) (IO 2004 L 24, lch. 1).