Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 21 Iúil 2023 ag eins energie in sachsen GmbH & Co. KG i gcoinne bhreithiúnais na Cúirte Ginearálta (an Ceathrú Dlísheomra méadaithe) a tugadh an 17 Bealtaine 2023 i gCás T-318/20, eins energie in sachsen GmbH & Co. KG v an Coimisiún Eorpach

(Cás C-469/23 P)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir : eins energie in sachsen GmbH & Co. KG (ionadaithe: I. Zenke, Rechtsanwältin, T. Heymann, Rechtsanwalt)

Páirtithe eile sna príomhimeachtaí: An Coimisiún Eorpach, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, E.ON SE, RWE AG

An t-ordú atá á lorg

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 17 Bealtaine 2023 eins energie in sachsenan Coimisiún (T-318/20) agus cinneadh ón gCoimisiún Eorpach an 26 Feabhra 2019 ar chumasc “RWE/E. ON Assets” (Cás M.8871, IO 2000 C 111, lch. 1) a chur ar neamhní;

1a. mar mhalairt air sin agus ar aon nós, Cás T-318/20 a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta le haghaidh aon bhreith ar gá leis;

a ordú don Choimisiún na costais a íoc, lena n-áirítear costais na ndlíodóirí agus taistil arna dtabhú ag an iarratasóir in imeachtaí T-318/20.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Lena chéad saincheist dlí, líomhnaíonn an t-achomharcóir easpa réasúnaíochta, saobhadh ar na fíricí agus sárú ar chearta nós imeachta.

Ar an gcéad dul síos, níl dóthain réasúnaithe sa bhreithiúnas atá faoi achomharc toisc nach dtaispeánann sé cé acu a ndearna nó nach ndearna, nó conas a rinne, an Chúirt Ghinearálta measúnú ar an damáiste do staid an achomharcóra sa mhargadh (míreanna 23 et seq. den bhreithiúnais atá faoi achomharc).

Ar an dara dul síos, déanann an Chúirt Ghinearálta argóintí an achomharcóra a shaobhadh nuair a shonraíonn sí nach bhfuil aon imthosca ar leith a d’fhéadfadh cur isteach ar a seasamh ar an margadh (mír 31 den bhreithiúnas atá faoi achomharc).

Ar an tríú dul síos, sháraigh an Chúirt Ghinearálta cearta nós imeachta an achomharcóra trí mhainneachtain a éifeacht ábhartha a scrúdú.

Leis an dara saincheist dlí, déantar an Chúirt Ghinearálta a cháineadh as Airteagal 263(4) CFAE a mhífheidhmiú. Séantar sa breithiúnas go mícheart go ndéanann an fhoráil sin difear don achomharcóir ina aonar.

Ar an gcéad dul síos, glacann an Chúirt Ghinearálta leis go héagórach go mbeadh rannpháirtíocht fhoirmiúil i nós imeachta rialaithe cumaisc M.8871 ina réamhriachtanas chun a shuíomh go ndearnadh difear aonair don achomharcóir.

Ar an dara dul síos, tá ceanglais na Cúirte Ginearálta maidir le cruthú ar imthosca sonracha eile chun a thoimhdiú go ndearnadh difear don achomharcóir ina aonar iomarcach.

Lena tríú saincheist dlí, líomhnaíonn an t-achomharcóir nár scrúdaigh an Chúirt Ghinearálta a shaincheisteanna dlí de réir na dtuillteanas. Ag tagairt don bhreithiúnas i gCás T-312/20, líomhnaíonn an t-achomharcóir go ndearna an Chúirt Ghinearálta míléiriú ar dhlí an Aontais, eadhon Airteagal 101 CFAE agus Airteagal 21(1) de Rialachána (CE) Uimh. 139/2004 1 .

Ar an gcéad dul síos, sáraíodh dlí an Aontais toisc nár cuireadh Airteagal 101 CFAE i bhfeidhm mar gheall ar éifeacht inbhactha líomhnaithe Airteagal 21 de Rialachán Uimh. 139/2004 (míreanna 392 et seq. den bhreithiúnais i gCás T-312/20).

Ar an dara dul síos, níor cuireadh san áireamh an fhianaise a thíolaic an t-achomharcóir maidir le comhaontú cairtéil idir RWE agus E.ON de réir bhrí Airteagal 101 CFAE (míreanna 392 et seq. den bhreithiúnas i gCás T-312/20).

Ar an tríú dul síos, meastar gur sárú ar chearta nós imeachta é neamhaird a dhéanamh ar ráiteas fíorais an achomharcóra ar chúiseanna foirmiúla (míreanna 393 agus 394 chomh maith le míreanna 406 et seq. den bhreithiúnas i gCás T-312/20).

Lena cheathrú saincheist dlí, líomhnaíonn an t-achomharcóir go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid nuair a bhí nós imeachta rialaithe cumaisc an Choimisiúin i gCásanna M.8871 agus M.8870 agus nós imeachta rialaithe cumaisc an Bundeskartellamt i gCás B8-28/19 á mbreithniú aici mar nósanna imeachta nach raibh mar chuid dhílis de chumasc aonair ar cheart a scrúdú i gcomhthéacs cumaisc.

Ina leith sin, déantar an Chúirt Ghinearálta a cháineadh, ar dtús, as neamhaird a dhéanamh d’éadáil RWE de sciar 16.67% in E.ON i gCás B8-28/19 (míreanna 65 et seq. den bhreithiúnas i gCás T-312/20).

Anuas air sin, cáintear léiriú an téarma “cumasc aonair” faoi Airteagal 3 arna léamh in éineacht le haithris 20 de Rialachán Uimh. 139/2004 (míreanna 74 et seq. den bhreithiúnas i gCás T-312/20).

De réir an gcúigiú saincheist dlí, sháraigh an Chúirt Ghinearálta Airteagal 2 de Rialachán Uimh. 139/2004, agus chuir sí i bhfeidhm go mícheart é freisin, trí anailís mhargaidh earráideach a dhéanamh i gCás M.8871.

Ar an gcéad dul síos, d'fhormheas an Chúirt Ghinearálta go héagórach gur fhág an Coimisiún an sainmhíniú ar an margadh oscailte (míreanna 220 et seq. den bhreithiúnas i gCás T-312/20).

Ar an dara dul síos, níor chuir an Chúirt Ghinearálta i gcoinne neamhdhóthanacht réamhaisnéisí an Choimisiúin maidir le forbairt an mhargaidh (míreanna 229 et seq. den bhreithiúnas i gCás T-312/20).

Ar an tríú dul síos, cáineann an t-achomharcóir measúnú neamhleor, mar a mheasann sé féin é, ar na hionchais fáis i gcumhacht margaidh RWE (míreanna 260 et seq. den bhreithiúnas i gCás T-312/20).

Agus ar an gceathrú dul síos, déantar an Chúirt Ghinearálta a cháineadh as measúnú neamhleor a dhéanamh ar an gcaidreamh iomaíoch idir RWE agus E.ON agus ar dhul ar iarraidh E.ON (míreanna 339 et seq. den bhreithiúnas T-312/20).

Ar deireadh, leis an séú saincheist dlí, déantar an Chúirt Ghinearálta a cháineadh as prionsabal maidir le dáileadh an ualaigh cruthúnais a shárú trí cheanglais iomarcacha a fhorchur ar an achomharcóir i dtéarmaí cruthúnais sa bhreithiúnas i gCás T-312/20 (míreanna 273, 278 et seq., 328, 341, 344 agus 382 den bhreithiúnas sin).

____________

1     Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (an Rialachán CE um Chumaisc) (IO 2004 L 24, lch. 1).