Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 9 Lúnasa 2022 ag Aeris Invest Sàrl i gcoinne an bhreithiúnais a tugadh an Chúirt Ghinearálta (an Tríú Dlísheomra Méadaithe) an 1 Meitheamh 2022 i gCás T-628/17, Aeris Invest v an Coimisiún agus BRA

(Cás C-535/22 P)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Achomharcóir: Aeris Invest Sàrl (ionadaithe: R. Vallina Hoset, E. Galán Burgos agus M. Varela Suárez, Abogados)

Páirtithe eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach, an Bord Réitigh Aonair (BRA), Ríocht na Spáinne, Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh, Banco Santander, SA

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

Go príomha, an Breithiúnas ón Tríú Dlísheomra Méadaithe den Chúirt Ghinearálta an 1 Meitheamh 2022, Aeris Invest v an Coimisiún agus BRA, T-628/17, EU:T:2022:315, a chur ar neamhní agus, dá réir sin:

Cinneadh SRB/EES/2017/08 ón mBord Réitigh Aonair an 7 Meitheamh 2017 maidir le scéim réitigh arna glacadh i leith Banco Popular Español, S. A. a chur ar neamhní.

Cinneadh (AE) Uimh. 2017/1246 ón gCoimisiún an 7 Meitheamh 2017 lena bhformhuinítear scéim réitigh Banco Popular Español, S. A. a chur ar neamhní;

A dhearbhú nach bhfuil Airteagail 15 agus 22 de Rialachán 806/20141 infheidhme, i gcomhréir le hAirteagal 277 CFAE.

A ordú don Choimisiún Eorpach agus don Bhord Réitigh Aonair na costais sa dá chás a íoc.

Go tánaisteach, i ndáil leis na hordaithe arna n-iarraidh roimhe seo, an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta, agus an cinneadh maidir leis na costais a fhorchoimeád.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena achomharc i gcoinne an Bhreithiúnais atá faoi achomharc maíonn an páirtí seo ocht saincheist.

Leis an gcéad saincheist, éilíonn an páirtí seo go bhfuil Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”) agus Airteagal 296 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (“CFAE”) á sárú leis an mbreithiúnas atá faoi achomharc ós rud é gur rialaíodh leis an mbreithiúnas atá faoi achomharc gur leor na cúiseanna arna sonrú leis an gCinneadh Réitigh agus nach bhfuil siad bréagnaitheach.

Leis an dara saincheist, éilíonn an páirtí seo go bhfuil Airteagal 47 den Chairt á shárú leis an mbreithiúnas atá faoi achomharc, lena ndearbhaítear: (i) gur tríú páirtí a bheadh sa pháirtí seo, (ii) go mbeadh údar maith le rúndacht an Chinnidh Réitigh, Mheastachán 1 agus Mheastachán 2, (iii) go bhféadfaí an ráiteas ar chúiseanna a nochtadh agus an chaingean taiscthe, agus (iv) nach mbaineann an téacs iomlán le hábhar agus an díospóid á réiteach.

Leis an tríú saincheist, éilíonn an páirtí seo go bhfuil Airteagal 18 de Rialachán 806/2014 (“SRMR”), an dualgas cúraim agus Airteagal 296 CFAE á sárú leis an mbreithiúnas atá faoi achomharc ó tharla nár cuireadh gnéithe ábhartha san áireamh agus go raibh réitigh mhalartacha ann.

Leis an gceathrú saincheist, éilíonn an páirtí seo go ndéantar earráid dlí leis an mbreithiúnas atá faoi achomharc agus Airteagal 14 agus 20 SRMR, an dualgas cúraim agus Airteagal 296 CFAE á gcur i bhfeidhm ó tharla (i) go bhfuil baint ag an bpraghas díola a uasmhéadú le prionsabal na hiomaíochta agus prionsabal na trédhearcachta, (ii) nár comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos le linn an nós imeachta, agus (iii) nach dtugtar údar maith do shárú ar Airteagal 14 SRMR le ceist leas an phobail ach go háirithe.

Leis an gcúigiú saincheist, éilíonn an páirtí seo go bhfuil an dualgas cúraim, Airteagal 17 den Chairt, Airteagal 14 SRMR agus an ceart chun cosaint a fháil á sárú leis an mbreithiúnas atá faoi achomharc ós rud é: (i) go líomhnaítear ann go mainníonn an páirtí seo a chruthú conas ar baineadh na cuspóirí réitigh amach nuair a bhí na cuspóirí sin faoi rún, (ii) nár ullmhaigh an Bord Réitigh Aonair é féin a dhóthain, agus (iii) go raibh an réiteach díréireach ó tharla an t-eintiteas a bheith sócmhainneach.

Leis an séú saincheist, éilíonn an páirtí seo go bhfuil Airteagal 47 den Chairt, Airteagal 6 den Choinbhinsiún agus prionsabal na sáraíochta á sárú leis an mbreithiúnas atá faoi achomharc ós rud é: (i) nár seachadadh na doiciméid arna n-iarraidh ag an gCúirt Ghinearálta san Ordú an 12 Bealtaine 2021 chuig an bpáirtí seo, (ii) gur ceileadh an fhianaise is gá ar mhaithe leis an gceart chun cosaint a fháil, agus (iii) nár ceadaíodh don pháirtí seo fios na ndoiciméad ar a mbunaítear argóintí na gcosantóirí a bheith aige ná iad a phlé.

Leis an seachtú saincheist, éilíonn an páirtí seo go bhfuil an ceart chun maoine leis an mbreithiúnas atá faoi achomharc á shárú trí phléadáil neamhdhleathachta an pháirtí seo a dhíbhe ós rud é: (i) go gcuirtear isteach ar an gceart chun maoine; (ii) go bhfuil sé i gcontrárthacht le ceanglas an riachtanais agus leis an gcosc ar threallachas caipiteal bainc shócmhainnigh a fhuascailt, (iii) gur díréireach na fiacha agus an chaipiteal atá ag banc sócmhainneach a fhuascailt, agus (iv) nach bhfuil cúiteamh leordhóthanach ann.

Leis an ochtú saincheist, éilíonn an páirtí seo go sáraítear Airteagail 17 agus 52 den Chairt agus Airteagal 5.4 de Chonradh an Aontais Eorpaigh leis an mbreithiúnas atá faoi achomharc ós rud é (i) nach ndeántar anailís ar a raibh sa nós imeachta le coincheap na trasnaíochta ar an gceart chun maoine agus ar cibé an raibh an beart treallach, (ii) nach raibh cúiteamh leordhóthanach ann.

____________

1 Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO 2014 L 225, lch. 1).