Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 29 Meitheamh 2022 – Hijos de Moisés Rodríguez González v EUIPO – Éire agus Ornua (La Irlandesa 1943)

(Cás T-306/20) 1

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh — Imeachtaí neamhbhailíochta — Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh La Irlandesa 1943 — Cúiseanna le neamhbhailíocht iomlán — Dearbhú neamhbhailíochta ó Ard-Bhord Achomhairc méadaithe EUIPO — Fianaise a cuireadh isteach den chéad uair os comhair na Cúirte Ginearálta — Dáta ábhartha le scrúdú a dhéanamh ar dearbhfhorais neamhbhailíochta — Trádmharc de chineál a chuirfeadh dallamullóg ar an bpobal — Airteagal 7(1)(g) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009) (anois Airteagal 7(1)(g) de Rialachán (AE) 2017/1001) – Meon mímhacánta – Airteagal 52(1)(b) de Rialachán Uimh. 207/2009 (Airteagal 59(1)(b) de Rialachán 2017/1001)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Hijos de Moisés Rodríguez González, SA (Las Palmas de Gran Canaria, an Spáinn) (ionadaí: J. García Domínguez, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: A. Folliard-Monguiral, D. Hanf agus E. Markakis, Gníomhairí)

Páirtí eile os comhair an Ard-Bhord Achomhairc EUIPO : Éire

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair Ard-Bhord Achomhairc EUIPO, idirghabháil os comhair na Cúirte Ginearálta : Ornua Coperative Ltd (Baile Átha Cliath, Éire) (Ionadaithe: E. Armijo Chávarri agus A. Sanz Cerralbo, Dlíodóirí)

Maidir le:

Lena chaingean bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfar an chinneadh ó Ard-Bhord Achomhairc Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 2 Márta 2020 (Cás R 1499/2016-G) a neamhniú.

An chuid oibríochtúil

1.    Diúltaítear don chaingean.

2.    Ordaítear do Hijos de Moisés Rodríguez González, SA na costais a íoc.

____________

1     IO C 247, 27.7.2020.