Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Supremo Tribunal Administrativo (an Phortaingéil) a taisceadh an 11 Feabhra 2022 – Companhia de Distribuição Integral Logista Portugal, S.A. v Autoridade Tributária e Aduaneira

(Cás C-96/22)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

An chúirt a rinne an tarchur

Supremo Tribunal Administrativo

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Companhia de Distribuição Integral Logista Portugal, S.A.

Cosantóir: Autoridade Tributária e Aduaneira

Na ceisteanna a tharchuirtear:

An ionann srianta cainníochtúla ar allmhairiú nó bearta comhéifeachtacha, de réir bhrí Airteagal 34 CFAE, agus na srianta cainníochtúla ar scaoileadh chun tomhailte a mbunaítear le hAirteagal 106 den Código dos Impostos Especiais do Consumo (an Cód um Dhleachtanna Máil; CIEC), sa chaoi go meastar go ndéanann na heintitis, le linn tréimhse ceithre mhí dheireanach de gach bliain, margaíocht ar chainníochtaí de thoitíní nach sáraíonn an mheánchainníocht mhíosúil de thoitíní a scaoileadh lena dtomhailt le linn an dá mhí dhéag roimhe sin?

An bhfuil sé in aghaidh na rialacha maidir le hinmhuirearacht na ndleachtanna máil, arna dtabhairt isteach le hAirteagail 7 agus 9 de Threoir 2008/118/CE ón gComhairle1 an 16 Nollaig 2008, an ráta a bheidh i bhfeidhm ar dháta thíolacadh an dearbhaithe leachtaithe a ghearradh ar chainníochtaí na dtoitíní a sháraíonn an teorainn chainníochtúil ar scaoileadh lena dtomhailt dá bhforáiltear in Airteagal 106, mír 2 de CIEC, i gcomhréir le mír 7 den Airteagal céanna?

____________

1 Treoir 2008/118/CE ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le socruithe ginearálta le haghaidh dleacht mháil, agus lena n-aisghairtear Treoir 92/12/CEE (IO 2009, L 9, lch. 12).