Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Tribunal de première instance du Luxembourg (an Bheilg) a taisceadh an 16 Meitheamh 2023 – UN v État belge

(Cás C-380/23, Monmorieux) 1

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal de première instance du Luxembourg

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: UN

Cosantóir: Étát belge, arna ionadú ag an Aire Airgeadais

Na ceisteanna a tharchuirtear:

An sáraítear Airteagal 19 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, Airteagal 45 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, arna léamh i gcomhar le prionsabal na comhréireachta, trí Airteagal 24 den Choinbhinsiún idir an Fhrainc agus an Bheilg um chánachas dúbáilte agus um rialacha i dtaca le cúnamh frithpháirteach riaracháin dlíthiúil i ndáil le cáin ioncaim, arna shíniú sa Bhruiséil an 10 Máirt 1964 agus a formhuiníodh le Dlí an 14 Aibreán 1965, ar Airteagal é a ndéantar léiriú air amhail go gcuirtear ar shaoránach de chuid na Beilge - a áitíonn cónaí cánach a bheith air sa Fhrainc, rud a chuireann údaráis chánach na Beilge faoi chonspóid, agus a bhfuil nós imeachta um chomhaontú frithpháirteach mar bheart réamhchúraim ar mhaithe le cáin arna híoc aige sa Fhrainc a fháil ar ais iarrtha aige - an chaingean a thug sé os comhair chúirteanna na Beilge chun an gearradh uathfheidhmeach cánach air sa Bheilg a chur faoi chonspóid go príomha a scor gan choinníoll, ós rud é go gcaillfeadh sé go buan an ceart chun aisíoc na cánach de chuid na Fraince i gcás ina leanfadh sé lena dhliteanas cánach sa Bheilg a chur faoi chonspóid os comhair gnáthchúirt de chuid na Beilge?

I gcás ina dtugtar freagra diúltach ar an gcéad cheist - an bhfuil a chomhionann d’fhreagra le tabhairt i gcás, ionas gur féidir leis an cháin ar íoc sé sa Fhrainc a fháil ar ais, ina gcailleann an páirtí leasmhar an ceart chun athbhreithniú breithiúnach éifeachtach ar smachtbhannaí riaracháin ar de chineál pionósach iad chomh maith trína chaingean dlí um chur faoi chonspóid a dhliteanas cánach sa Bheilg a scor, ar smachtbhannaí iad a aicmítear mar smachtbhannaí coiriúla de réir de réir bhrí an Choinbhinsiúin Eorpaigh um Chearta an Duine, lena gcuirtear le méid na cánach a ghearrtar, rud a fhágann go gcailleann sé an ceart go ndéanfaí athbhreithniú ar chomhréireacht an smachtbhanna agus chun fionraí a iarraidh, ar modhanna oiriúnaithe an phionóis iad ar aithin an Cour constitutionelle (an Chúirt Bhunreachtúil, an Bheilg) agus an Cour de cassation (an Chúirt Achomhairc, an Bheilg) araon?

I gcás ina dtugtar freagra diúltach ar an gcéad dá cheist, an bhfuil a chomhionann d’fhreagra le tabhairt i gcás inarb ann do pholasaí riaracháin ar dá réir a dhiúltófaí do rochtain an pháirtí leasmhair ar ábhar agus doiciméid a bhaineann leis an nós imeachta um chomhaontú frithpháirteach idir an dá Stát chomhchonarthacha, ar diúltú é ar mheas an Commission d’accès aux documents administratifs (an Coimisiún um Rochtain ar Dhoiciméid Riaracháin, an Bheilg) agus an Conseil d’État (an Chomhairle Stáit, an Bheilg) go mion agus go minic nach luíonn sé le hAirteagal 32 den Bhunreacht agus le hAirteagail 4 agus 6 de Dhlí an 11 Aibreán 1994 maidir le nochtadh faisnéise na n-údarás?

____________

 1 Ainm dlítheanach atá in ainm an cháis seo. Ní bhaineann sé le fíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.