Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Rayonen sad Lukovit (an Bhulgáir) a taisceadh an 18 Márta 2022 – Imeachtaí coiriúla

(Cás C-209/22)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Rayonen sad Lukovit (an Bhulgáir)

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Rayonna prokuratura Lovech, teritorialno otdelenie Lukovit

Na ceisteanna a tharchuirtear

An dtagann imthosca inar tugadh faoi bhearta comhéigneacha, le linn cion i ndáil le sealbhú drugaí a fhiosrú i leith duine nádúrtha ar cheap na póilíní go raibh drugaí ina sheilbh aige, faoi réim Threoir 2013/48/AE 1 maidir leis an gceart chun dlíodóir a fháil in imeachtaí coiriúla agus in imeachtaí a bhaineann le barántas gabhála Eorpach, agus maidir leis an gceart chun tríú páirtí a chur ar an eolas ar chailleadh saoirse agus chun dul i dteagmháil le tríú páirtithe agus le húdaráis chonsalacha nuair a chailltear an tsaoirse agus Threoir 2012/13/AE 2 maidir leis an gceart i gcomhair faisnéise in imeachtaí coiriúla?

Más freagra dearfach a thabharfar ar an gcéad cheist, cad é stádas duine den sórt sin de réir bhrí na dTreoracha mura n-aithnítear sa dlí náisiúnta an coincheap dlí “duine atá faoi dhrochamhras” agus mura ndéantar, trí bhíthin fógra oifigiúil, “cúisí” den duine sin, agus an bhfuil duine den sórt sin i dteideal faisnéise agus dlíodóir a fháil?

An gceadaítear faoin bprionsabal maidir le dlíthiúlacht agus faoin toirmeasc ar threallachas foráil náisiúnta ar nós Airteagal 219(2) den Nakazatelno-protsesualen kodeks (Cód um Nós Imeachta Coiriúil, an Bhulgáir, “NPK”) lena bhforáiltear go bhféadfadh an t-údarás fiosrúcháin duine a chúiseamh go foirmiúil i dtuairisc na bpóilíní maidir leis an gcéad chéim san fhiosrúchán ina choinne, mura n-aithnítear sa dlí náisiúnta an coincheap dlí de “dhuine atá faoi dhrochamhras” agus nuair nach mbíonn, faoin dlí náisiúnta, feidhm ag na cearta cosanta go dtí gur “cúisí” é an duine go foirmiúil, agus é sin faoi dhiscréid an údaráis fiosrúcháin, agus an ndéantar le nós imeachta náisiúnta den sórt sin difear do chleachtadh éifeachtach agus buntréithe an chirt chun dlíodóir a fháil faoi Airteagal 3(3)(b) de Threoir 2013/48/AE?

An gceadaítear faoi phrionsabal na héifeachtachta de dhlí an Aontais cleachtas náisiúnta nach gceadaítear leis, agus athbhreithniú breithiúnach á dhéanamh ar bhearta comhéigneacha le linn fianaise a bhailiú, lena n-áirítear cuardach agus urghabháil ag tús imeachtaí coiriúla, athbhreithniú ar an gceist an ndearnadh sárú tromchúiseach a dhóthain ar chearta bunúsacha daoine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe mar a ráthaítear dóibh in Airteagail 47 agus 48 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Treoir 2013/48/AE agus Treoir 2012/13/AE?

An gceadaítear faoi phrionsabail an smachta reachta reachtaíocht agus cásdlí náisiúnta ar dá réir nach bhfuil an inniúlacht ag an gcúirt, i gcás ina ndéantar cúisí de dhuine, athbhreithniú a dhéanamh air sin nuair is leis an ngníomh foirmiúil sin, agus leis sin amháin, a chinntear an ndeonófaí don duine nádúrtha na cearta cosanta i gcás ina nglactar bearta fiosrúcháin comhéigneacha i gcoinne an duine sin?

____________

1 IO 2013 L 294, lch. 1.

1 IO 2012 L 142, lch. 1.