Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Satversmes tiesa (an Laitvia) an 16 Márta 2023 — VL, ZS, Lireva Investments Limited, VI, FORTRESS FINANCE Inc. v Latvijas Republikas Saeima

(Cás C-161/23, Lireva Investments agus páirtithe eile)

Teanga an cháis: an Laitvis

An chúirt a rinne an tarchur

Satversmes tiesa

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: VL, ZS, Lireva Investments Limited, VI, FORTRESS FINANCE Inc.

Cosantóir: Latvijas Republikas Saeima

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gcuimsítear faoi raon feidhme Threoir 2014/42, 1 go háirithe Airteagal 4 di, agus faoi raon feidhme Chinneadh Réime 2005/212, 2 go háirithe Airteagal 2 di, reachtaíocht náisiúnta ar dá réir a dtugann cúirt náisiúnta breith maidir le fáltais ón gcoireacht a choigistiú in imeachtaí ar leithligh a bhaineann le maoin a fuarthas go mídhleathach, atá scartha ó na príomhimeachtaí coiriúla, sula gcruthaítear go ndearnadh cion coiriúil agus sula gciontaítear aon duine i leith an chiona sin, agus lena bhforáiltear freisin do choigistiú atá bunaithe ar ábhar a fuarthas ó chomhad an cháis choiriúil?

I gcás go dtugtar freagra dearfach ar an gcéad cheist, an féidir a mheas go bhfuil reachtaíocht náisiúnta maidir le fianaise i leith tionscnaimh choiriúil maoine in imeachtaí a bhaineann le maoin a fuarthas go mídhleathach mar a leagtar síos sna forálacha atá faoi chonspóid i gcomhréir leis an gceart chun triail chóir a fháil a leagtar síos in Airteagail 47 agus 48 den Chairt agus in Airteagal 8(1) de Threoir 2014/42?

An gcaithfear prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais a léiriú sa chaoi go gcoisctear leis ar chúirt bhunreachtúil Ballstáit, a bhfuil caingean os a comhair maidir le bunreachtúlacht reachtaíochta náisiúnta arna dearbhú a bheith ar neamhréir le dlí an Aontais, a rialú go bhfuil feidhm ag prionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus nach mór éifeachtaí dlí na reachtaíochta sin a choinneáil ar mhaithe leis an tréimhse ina raibh sí i bhfeidhm?

____________

1 Treoir 2014/42/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le hionstraimeachtaí na coireachta agus fáltais ón gcoireacht a reo agus a choigistiú san Aontas Eorpach (IO 2014 L 127, lch. 39).

1 Cinneadh Réime 2005/212/CGB ón gComhairle an 24 Feabhra 2005 maidir le Fáltais, Ionstraimeachtaí agus Maoin a bhaineann le Coireacht a Choigistiú (IO 2005 L 68, lch. 49).