Language of document :

Caingean arna tabhairt an 13 Eanáir 2022 – CIMV v an Coimisiún

(Cás T-26/22)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Compagnie industrielle de la matière végétale (CIMV) (Neuilly-sur-Seine, an Fhrainc) (ionadaithe : B. Le Bret, R. Rard agus P. Renié, dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a dhearbhú go bhfuil an chaingean seo inghlactha agus go bhfuil bunús maith léi;

an cinneadh atá á chonspóid a chur ar neamhní;

ina ionad sin, Airteagal 3 den chinneadh atá á chonspóid a chur ar neamhní a mhéid a fhoráiltear leis forfheidhmiú;

ordú a thabhairt don Choimisiún na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí.

Mar thaca leis an gcaingean i gcoinne Chinneadh C(2021) 7932 deiridh ón gCoimisiún Eorpach, an 28 Deireadh Fómhair 2021, maidir le haisghabháil €5,888 214.59 in éineacht leis an ús, atá dlite ag CIMV, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear earráid shoiléir toisc nár cuireadh an sceideal arna mholadh ag CIMV san áireamh agus mar thoradh ar an ráiteas easnamhach faoi na cúiseanna leis an gcinneadh atá á chonspóid.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabail an ionchais dhlisteanaigh agus na deimhneachta dlíthiúla.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar chearta na cosanta, ar an gceart chun éisteacht a fháil agus ar phrionsabal an dea-riaracháin.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta agus ar an gcuspóir maidir le cosaint éifeachtach leasanna airgeadais an Aontais.

____________