Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 29 Márta 2023 – CIMV v an Coimisiún
(Cás T-26/22)1
(Taighde agus forbairt theicneolaíoch – Comhaontú deontais a tugadh i gcrích i gcomhthéacs an Chláir Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht “Fís 2020” – Aisghabháil féich – Aisíocaíocht i dtráthchodanna – Cruinneas substaintiúil na bhfíoras – Earráid fhollasach mheasúnaithe – Oibleagáid cúiseanna a lua –Ionchas dlisteanach – Ceart éisteachta – Comhréireacht)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Compagnie industrielle de la matière végétale (CIMV) (Neuilly-sur-Seine, an Fhrainc) (ionadaithe: B. Le Bret, R. Rard agus P. Renié, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: M. Ilkova agus S. Romoli, Gníomhairí)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí Cinneadh C(2021) 7932 final ón gCoimisiún an 28 Deireadh Fómhair 2021 maidir le méid i suim EUR 5 888 214.59 móide ús ar íocaíocht dhéanach a chur ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
Diúltaítear don chaingean.
Ordaítear do Compagnie industrielle de la matière végétale (CIMV) na costais a íoc.
____________
1 IO C 109, 7.3.2022.