Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesverwaltungsgericht (an Ostair) a taisceadh an 26 Eanáir 2022 - BF v Versicherungsanstalt öffentlich Bediensteter, Eisenbahnen und Bergbau

(Cás C-52/22)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesverwaltungsgericht

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir: BF

An tÚdarás is Freagróir: Versicherungsanstalt öffentlich Bediensteter, Eisenbahnen und Bergbau

An cheist a tharchuirtear

An bhfuil Airteagal 2(1) agus 2(2)(a) agus Airteagal 6(1) de Threoir 2000/78/CE 1 agus na prionsabail maidir le deimhneacht dhlíthiúil, cosaint do chearta bunaithe agus éifeachtacht dhlí an Aontais le léirmhíniú sa chaoi is go gcuirtear bac ar reachtaíocht náisiúnta – mar atá i dtrácht sna príomhimeachtaí – faoi nach ndéantar an chéad choigeartú ar phinsean an ghrúpa de Státseirbhísigh a bhí i dteideal pinsean scoir (pinsean iomlán faoin Pensionsgesetz 1965 [“Dlí 1965 maidir le pinsin”]) ar a dhéanaí ón 1 Nollaig 2021 ach amháin le héifeacht ón 1 Eanáir den dara bliain féilire i ndiaidh thús na teidlíochta don phinsean scoir, cé go ndéanfar an chéad choigeartú ar phinsean scoir an ghrúpa de Státseirbhísigh nach raibh nó nach mbeidh i dteideal pinsean scoir (pinsean iomlán faoi Dhlí 1965 maidir le pinsin) ach amháin ón 1 Eanáir 2022, le héifeacht cheana féin ón 1 Eanáir den chéad bhliain féilire i ndiaidh thús na teidlíochta don phinsean scoir?

____________

1     Treoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha (IO 2000 L 303, lch. 16).