Ordú na Cúirte Ginearálta an 11 Nollaig 2023 – Nieß v EUIPO – Thema Products (Gartenlux)
(Cás T-753/22) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Gartenlux – Ainm cuideachta agus ainm gnó roimhe seo GARTENLUX – Foras coibhneasta le diúltú – Airteagal 8(4) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Caingean gan bhunús sa dlí go follasach)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Andrea Nieß (Kempen, an Ghearmáin) (ionadaí: A. Erlenhardt, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) (ionadaithe: A. Ringelhann agus D. Stoyanova-Valchanova, Gníomhairí)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Thema Products BV (Venlo, an Ísiltír)
Ábhar
Lena caingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 13 Meán Fómhair 2022 (Cás R 608/2022-2) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
Diúltaítear don chaingean.
Ordaítear do gach páirtí a chostais féin a íoc.
____________
1 IO C 24, 23.1.2023