Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesverwaltungsgericht (an Ostair) arna taisceadh an 21 Eanáir 2022 - Apotheke B. v Bundesamt für Sicherheit im Gesundheitswesen (BASG)

(Cás C-47/22)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesverwaltungsgericht

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Apotheke B.

Cosantóir: Bundesamt für Sicherheit im Gesundheitswesen (BASG)

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.    a)    An gcaithfear Airteagal 80(b) de Threoir 2001/83/CE 1 a léirmhíniú sa chaoi is go gcomhlíontar an ceanglas san fhoráil sin fiú i gcás, mar atá sna príomhimeachtaí, ina bhfaigheann sealbhóir údaraithe dáileacháin mórdhíola táirgí íocshláinte ó dhaoine eile atá, faoin dlí náisiúnta, údaraithe freisin nó atá i dteideal táirgí íocshláinte a sholáthar don phobal freisin ach nach bhfuil údarú dáileacháin den sórt sin acu nó atá díolmhaithe ón oibleagáid chun údarú dáileacháin den sórt sin a fháil de réir Airteagal 77(3) den Treoir sin, agus nach bhfaightear ach cainníochtaí beaga.

b)    Más freagra diúltach a thabharfar ar Cheist 1(a): an bhfuil sé ábhartha maidir le comhlíonadh an cheanglais a leagtar síos in Airteagal 80(b) de Threoir 2001/83/CE nach gcuirfear soláthar táirgí íocshláinte a fuarthas i gcomhréir leis na socruithe arna léiriú sna príomhimeachtaí agus i gCeist 1(a) ar fáil ach amháin do dhaoine atá údaraithe nó i dteideal táirgí íocshláinte a sholáthar don phobal faoi Airteagal 77(2) den Treoir sin nó dóibhsean arb iad féin sealbhóirí údaraithe dáileacháin mórdhíola?

2.    a)    An gcaithfear Airteagal 79(b) agus Airteagal 80(g), in éineacht le pointe 2.2. de Threoirlínte an 5 Samhain 2013 maidir le dea-chleachtas dáileacháin i leith táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine, a léirmhíniú sa chaoi is go gcomhlíontar na ceanglais foirne fiú i gcás, mar atá sna príomhimeachtaí, go bhfuil an duine freagrach as láthair (go fisiciúil) ón láithreán ar feadh tréimhse ceithre uair an chloig ach go bhféadfaí dul i dteagmháil leis ar an teileafóin le linn na tréimhse sin?

b)    An gcaithfear Treoir 2001/83/CE, go háirithe Airteagail 79 agus d’Airteagal 80(g), in éineacht leis an gcéad mhír de phointe 2.3 de Threoirlínte an 5 Samhain 2013 maidir le dea-chleachtas dáileacháin i leith táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine, a léirmhíniú sa chaoi is go gcomhlíontar na ceanglais foirne dá bhforáiltear sna hAirteagail agus sna Treoirlínte sin i gcás ina bhfuil an duine freagrach as láthair mar a léirítear i gCeist 2(a), mar atá sna príomhimeachtaí, nach bhfuil an fhoireann atá i láthair in ann, go háirithe i gcás cigireacht arna déanamh ag an údarás inniúil den Bhallstáit, faisnéis a chur ar fáil iad féin maidir leis na nósanna imeachta i scríbhinn i ndáil lena réimsí freagrachta?

c)    An gcaithfear Treoir 2001/83/CE, go háirithe Airteagail 79 agus Airteagal 80(g), in éineacht le pointe 2.3 de Threoirlínte an 5 Samhain 2013 maidir le dea-chleachtas dáileacháin i leith táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine, a léirmhíniú sa chaoi is, agus measúnú á dhéanamh an bhfuil líon leordhóthanach ball foirne inniúla ann ag gach céim den dáileachán mórdhíola, go gcaithfear aird a thabhairt ar ghníomhaíochtaí, mar atá sna príomhimeachtaí, arna seachfhoinsiú chuig tríú páirtithe (nó gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag fochonraitheoirí) agus an gcuirtear cosc leis an Treoir sin ar thuairisc ó shaineolaí a fháil chun críoch an mheasúnaithe sin nó an bhfuil ceanglas ann tuairisc den sórt sin a fháil?

3.    An gcaithfear Treoir 2001/83, go háirithe Airteagail 77(6) agus 79, a léirmhíniú sa chaoi is nach mór an t-údarú chun tabhairt faoi ghníomhaíocht mar mhórdhíoltóir táirgí íocshláinte a aistarraingt i gcás ina suitear nach gcomhlíontar ceanglas atá ann faoi Airteagal 80 den Treoir sin, mar atá sna príomhimeachtaí, mar shampla, ina bhfaightear táirgí íocshláinte ar bhealach atá contrártha le hAirteagal 80(b) den Treoir, ach go gcomhlíontar an ceanglas sin arís, ar aon slí nuair a dhéanann an t-údarás inniúil den Bhallstát nó an chúirt cinneadh? Murach sin, cad iad na ceanglais eile atá i gceist leis an measúnú sin faoi dhlí an Aontais agus, go háirithe, cathain ba chóir an t-údarú a chur ar fionraí (amháin) seachas é a aistarraingt?

____________

1 Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (IO 2001 L 311, lch. 67).