Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 24 Eanáir 2024 – Agus v EUIPO – Alpen Food Group (ROYAL MILK)
(Cás T-603/22) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí cúlghairme – Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ROYAL MILK – Fíorúsáid an mhairc – Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Cruthúnas ar fhíorúsáid ‘i ndáil le roinnt de na hearraí nó seirbhísí’ – Airteagal 58(2) de Rialachán 2017/1001 – Fochatagóir neamhspleách earraí a chinneadh)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Agus sp. z o.o. (Vársá, an Pholainn) (ionadaithe: B. Wojtkowska, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: L. Lapinskaitė agus D. Gája, Gníomhairí)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, idiragraí os comhair na Cúirte: Alpen Food Group BV (Kaatsheuvel, an Ísiltír) (ionadaithe: A. Tsoutsanis, Dlíodóir)
Maidir le:
Trína chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí cinneadh Cheathrú Bord Achomhairc Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 11 Iúil 2022 (Cás R 2056/2021-4) a chur ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1. Diúltaítear don chaingean;
2. Ordaítear do Agus sp. z o.o. chun na costais a íoc.
____________
1 IO C 441, 21.11.2022.