Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Ard-Chúirt (Éire) a taisceadh an 8 Feabhra 2022 – v An Taoiseach

(Cás C-84/22)

Teanga an cháis: an Béarla

An chúirt a rinne an tarchur

An Ard-Chúirt (Éire)

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Right to Know CLG

Cosantóir: An Taoiseach

Na ceisteanna a tharchuirtear:

An gá go sainaithneofaí taifeadtaí de chruinnithe foirmiúla bhrainse feidhmiúcháin de rialtas Ballstáit, inar gá do chomhaltaí an rialtais teacht le chéile agus gníomhú i gcomhúdarás, chun críche iarratais ar rochtain ar fhaisnéis comhshaoil atá le fáil iontu, mar ‘chumarsáidí inmheánacha’ nó ‘imeachtaí’ údaráis phoiblí de bhrí na dtéarmaí sin mar a leagtar amach iad in Airteagal 4(1)(e) agus Airteagal 4(2), an chéad mhír, fleasc (a), faoi seach, de Threoir 2003/4/CE1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis ar an gcomhshaol agus lena n-aisghairtear Treoir 90/313/CEE ón gComhairle?

An leathnaítear raon feidhme an phrionsabail res judicata (mar a pléadh in Köbler, Cás C-224/011 , agus sa chásdlí dá éis) go cuid oibríochtúil nó diúscartha an bhreithiúnais a tugadh roimhe sin, agus anuas ar sin, an gcuirtear cinntí fíorais agus dlí a fuarthas sa bhreithiúnas a tugadh roimhe sin san áireamh? I bhfocail eile, an mbaineann prionsabal res judicata le hurbhac ar chúis chaingne amháin, nó an leathnaítear a raon feidhme go hurbhac ar shaincheist?

In imeachtaí reatha idir páirtithe maidir le neamhchomhlíonadh atá líomhnaithe ar Threoir 2003/4/CE maidir le hiarratas ar leith ar fhaisnéis comhshaoil, ina bhfuil iarratasóir tar éis éirí leis cinneadh a chur ar neamhní le forais áirithe agóide bunaithe ar dhlí AE ar seasadh leo agus ar diúltaíodh do chuid eile acu, an gcuirtear le dlí AE, agus prionsabal na héifeachtachta go háirithe, cosc ar riail náisiúnta res judicata bunaithe ar urbhac ar shaincheist lena n-éilítear ar chúirt náisiúnta, in imeachtaí úra maidir le cinneadh breise ar an iarratas céanna, iarratasóir dá leithéid a eisiamh ó agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh bhreise thuasluaite le forais bunaithe ar dhlí AE ar diúltaíodh dóibh roimhe sin ach mar a sheasann cúrsaí, nár cuireadh achomharc isteach maidir leo?

An ndéantar difear do fhreagra Cheist (3) thuas mar gheall (i) nach ndearnadh tarchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais; agus (ii) nár dhírigh ceachtar de na páirtithe aird na cúirte náisiúnta ar chásdlí ábhartha na Cúirte Breithiúnais?

____________

1 IO L 41, 14.2.2003, lch. 26

1 Breithiúnas an 30 Meán Fómhair 2003 (EU:C:2003:513)