Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Verwaltungsgerichtshof (an Ostair) a taisceadh an 3 Deireadh Fómhair 2023 – Finanzamt für Großbetriebe

(Cás C-602/23, Finanzamt für Großbetriebe)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Verwaltungsgerichtshof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir ar phointe dlí: Finanzamt für Großbetriebe

Páirtí leasmhar: Franklin Mutual Series Funds – Franklin Mutual European Fund in San Mateo

Na ceisteanna a tharchuirtear

An ionann agus srian ar shaorghluaiseacht caipitil de réir bhrí Airteagal 63 CFAE foráil amhail Mír 188 den Investmentfondsgesetz 2011 1 (An Dlí maidir le Cistí Infheistíochta 2011, “InvFG 2011”) a bhfuil d’éifeacht aici go gcuirtear cosc ar eintitis iasachta atá inchomparáide le corparáid intíre ó aisíocaíocht a fháil ar cháin ioncaim san Ostair a fhreagraíonn siad i substaint do GCUI 2 de réir bhrí Threoir 2009/65/CE, 3 agus nach bhfuil cead acu mar sin a bheith ag feidhmiú mar chorparáid san Ostair toisc nach bhforáiltear ach d’fhoirm dhlíthiúil ciste speisialta thrédhearcaigh maidir le heintitis den sórt sin san Ostair?

Más freagra dearfach a thabharfar ar an gceist sin: an bhfuil staid atá inchomparáide go hoibiachtúil idir, ar thaobh amháin, corparáid intíre a infheistíonn a cistí i gcomhréir le prionsabail an raoin difríochta, ach nach GCUI é de bhrí nach ón bpobal a thiomsaítear na cistí, agus dá bhrí sin, go gceadaítear di feidhmiú mar chorparáid fiú sa mhargadh intíre, agus, ar an taobh eile, cuideachta infheistíochta cistí iasachta a bheadh ina GCUI de réir na bprionsabal intíre – de bhrí go dtiomsaítear na cistí ón bpobal – agus nach gceadaítear dó dá bhrí sin a bheith ag feidhmiú mar chorparáid sa mhargadh intíre?

3.    Más freagra dearfach a thabharfar ar an gceist sin: an ionann caomhnú leithdháileadh na cumhachta cothromaithe chun cáin a fhorchur agus údar le haghaidh srian ar shaorghluaiseacht caipitil i bhfianaise an fhíorais go bhféachtar le Míreanna 168 agus 188 den InvFG 2011 lena áirithiú nach féidir le ciste frithpháirteach intíre ná ciste frithpháirteach iasachta éifeacht scéithe fioscaí a bheith aige i dtaca leis na sealbhóirí aonaid agus, dá bhrí sin, go bhfuil faoiseamh ó cháin ioncaim le tabhairt ar leibhéal na sealbhóirí aonaid sna cásanna sin inar tharscaoil an Ostair a cumhacht chun cáin a ghearradh faoi chomhaontú cánachais dhúbailte, agus sna cásanna sin amháin?

____________

1 Dlí Feidearálach na hOstaire maidir le Cistí Infheistíochta (BGBl. I Nr. 77/2011 sa leagan BGBl. I Uimh. 111/2023).

1 Gnóthas le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe.

1 Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán, agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (IO 2009 L 302, lch. 32).