Language of document :

Caingean arna tabhairt an 24 Bealtaine 2023 – Unilab v EUIPO – Cofares (Healthily)

(Cás T-288/23)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Unilab LP (Rockville, Maryland, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaí: M. Kondrat, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Cofares, Sociedad Cooperativa Farmaceutica Española (Maidrid, an Spáinn)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “Healthily” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 324 697

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 1 Márta i gCás R 1959/2022-2

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní agus an cás a tharchur ar ais chuig EUIPO lena athbhreithniú; nó

an cinneadh atá faoi chonspóid a athrú trína rá nach bhfuil aon fhorais choibhneasta ann chun clárú an trádmhairc atá i gceist a dhiúltú do gach earra in aicmí 3, 5, 10 agus go gclárófar an trádmharc ina iomláine;

na costais a dhámhachtain i bhfabhar an iarratasóra.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar phrionsabal na cosanta ar ionchais dhlisteanacha agus ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla;

Sárú ar Airteagail 94(1) agus 95(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

____________