Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Ard-Chúirt (Éire) a taisceadh an 7 Nollaig 2023 – PJ Carroll & Company Ltd agus Nicoventures Trading Ltd v an tAire Sláinte, Éire agus an tArd-Aighne

(Cás C-759/23, PJ Carroll agus Nicoventures Trading)

Teanga an cháis: an Béarla

An chúirt a rinne an tarchur

an Ard-Chúirt

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: PJ Carroll & Company Ltd agus Nicoventures Trading Ltd

Cosantóirí: an tAire Sláinte, Éire agus an tArd-Aighne

Na ceisteanna a tharchuirtear

An bhfuil an treoir tharmligthe 1 neamhbhailí ar an mbonn go dtéann sí thar na cumhachtaí a dheonaítear le hAirteagal 7(12) agus le hAirteagal 11(6) de Threoir 2014/40/AE 2 , i bhfianaise Airteagal 290 CFAE, agus Airteagal 2(14), Airteagal 19 agus Airteagal 28 de Threoir 2014/40/AE á gcur san áireamh?

An bhfuil an treoir tharmligthe neamhbhailí ar an mbonn nach raibh an Coimisiún i dteideal a chinneadh go raibh athrú substaintiúil ar na himthosca de réir bhrí Airteagal 7(12) agus/nó 11(6) agus/nó 2(28) de Threoir 2014/40/AE?

____________

1 Treoir Tarmligthe (AE) 2022/2100 ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2022 lena leasaítear Treoir 2014/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le díolúintí áirithe a tharraingt siar i ndáil le táirgí tobac téite (IO 2022 L 283, lch. 4).

1 Treoir 2014/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le monarú, cur i láthair agus díol tobac agus táirgí gaolmhara agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/37/CE (IO 2014 L 127, lch. 1).