Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Rayonen sad Plovdiv (an Bhulgáir) a taisceadh an 8 Nollaig 2023 – ‘EVN Bulgaria Toplofikatsia’ EAD v OZ

(Cás C-760/23, Shanov) 1

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Rayonen sad Plovdiv

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: ‘EVN Bulgaria Toplofikatsia’ EAD

Cosantóir: OZ

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.    An gcuirtear cosc le hAirteagal 9(3) de Threoir 2012/27/AE 1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh lena leasaítear Treoracha 2009/125/CE agus 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2004/8/CE agus 2006/32/CE 2 , agus Airteagal 169 CFAE ar chostais fuinnimh theirmigh a radaítear ó shuiteáil foirgnimh a íoc mura bhfuil staighrí agus pasáistí feistithe le radaitheoirí?

2.    An gcuirtear cosc le hAirteagal 9(3) de Threoir 2012/27/AE agus Airteagal 169 CFAE ar an bhféidearthacht go n-éileoidh soláthraí téimh ceantair comaoin, ar bhonn reachtaíocht náisiúnta, le haghaidh tomhaltas teasa ó shuiteáil foirgnimh, i gcás ina gcinntear an méid fuinnimh theirmigh i gcomhréir le foirmle arna forbairt ag riarachán

– a thugann fachtóir isteach a chinneann cionroinnt de thoilleadh iomlán an chórais téimh de réir thoilleadh suiteáilte shuiteáil an fhoirgnimh, gan é a bheith soiléir conas a chinntear an fachtóir sin;

– atá bunaithe ar thoilleadh suiteáilte shuiteáil an fhoirgnimh nach gcuireann san áireamh an toilleadh atá suiteáilte iarbhír;

– nach gcuireann san áireamh teocht an mheáin aistrithe teasa i suiteáil an fhoirgnimh;

– a dhéanann toimhde go rithtear an tsuiteáil ar lán-acmhainn an t-am ar fad;

– nach gcuireann san áireamh an modh oibriúcháin de na cineálacha éagsúla córas téimh (Tichelmann sa chás seo) agus a chaitheann leo mar nithe atá mar an gcéanna i ndáil leis an modh oibriúcháin;

– a ghlacann leis go mbeidh meánteocht 19 °C i bhfoirgnimh faoi chomhúinéireacht?

3.    An gcuirtear cosc le hAirteagal 9(3) de Threoir 2012/27 agus Airteagal 169 CFAE ar an bhféidearthacht go n-éileoidh soláthróir téimh ceantair comaoin, ar bhonn reachtaíocht náisiúnta, le haghaidh tomhaltais téimh le haghaidh uisce te, i gcás ina gcinntear an méid fuinnimh theirmigh de réir foirmle arna forbairt ag an riarachán nach gcuireann san áireamh an teocht ag a bhfuil an t-uisce le téamh agus le cur ar fáil do shíntiúsóirí ná an fuinneamh teirmneach a theastaíonn chun é a théamh, nach gcuireann san áireamh an líon méadar ciúbaigh d’uisce te atá caite ag síntiúsóirí agus a chuirtear i bhfeidhm sa chaoi go bhfuil an méid uisce a ríomhtar don tréimhse téimh geimhridh i gcónaí dhá oiread níos mó ná an méid a ríomhtar sa samhradh?

4.    An gcuirtear cosc le hAirteagal 13 de Threoir 2006/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2006 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh críochúsáide agus seirbhísí fuinnimh agus lena leasaítear Treoir 93/76/CEE ón gComhairle, le hAirteagal 9(3) de Threoir 2012/27 agus le hAirteagal 169 CFAE ar an bhféidearthacht go n-éileoidh soláthróir téamh ceantair comaoin, ar bhonn reachtaíocht náisiúnta, le haghaidh tomhaltas teasa ó shuiteáil foirgnimh faoi chomhúinéireacht i gcoibhneas leis an toirt is féidir a théamh sna hárasáin de réir an phlean urláir, gan cainníocht an fhuinnimh theirmigh radaithe i gcomhréir le toilleadh teicniúil na gcóras téimh sna hárasáin faoi seach a chur san áireamh?

Chun an cheist sin a fhreagairt, an bhfuil sé ábhartha faoin reachtaíocht náisiúnta go bhfuil fuinneamh teirmeach suiteála foirgnimh ina chuid den algartam chun an méid deiridh a bheidh le híoc ag úsáideoirí as an teas iomlán (suim na méideanna fuinnimh theirmigh radaithe ó shuiteáil an fhoirgnimh, le haghaidh téimh agus uisce te) a ríomh, ar dá réir a bhaintear an méid chun árasán a théamh as an difríocht idir an fuinnimh teirmeach iomlán (mionann) agus suim an fhuinnimh theirmigh ón tsuiteáil, an fuinneamh teirmeach radaithe ó na radaitheoirí sna codanna roinnte den fhoirgneamh agus an fuinneamh teirmeach le aghaidh uisce te (dealann)?

5.    Le reachtaíocht náisiúnta faoina n-íocann tomhaltóirí as soláthar fuinnimh theirmigh a astaítear ó shuiteáil foirgnimh i gcoibhneas leis an toirt is féidir a théamh sna hárasáin aonair, de réir an phlean urláir, gan an méid teasa a astaítear iarbhír chuig na hárasáin aonair a chur san áireamh, an sáraítear an toirmeasc ar mhí-úsáid ceannasachta faoi Airteagal 101 CFAE, agus an toirmeasc ar chabhair Stáit neamhdhleathach a dheonú faoi Airteagal 107 CFAE[?]

____________

1 Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna príomhimeachtaí.

1 IO 2012 L 315, lch. 1.

1 Treoir 2006/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2006 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh críochúsáide agus seirbhísí fuinnimh agus lena leasaítear Treoir 93/76/CEE ón gComhairle (IO 2006 L 114, lch. 64).