Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Landesgericht Korneuburg (an Ostair) arna taisceadh an 9 Feabhra 2022 – TT v AK

(Cás C-87/22)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Landesgericht Korneuburg

Páirtithe sna príomhimeachta

Achomharcóir: TT

Freagróir: AK

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gcaithfear Airteagal 15 de Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 an 27 Samhain 2003 ón gComhairle maidir le dlínse agus maidir le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair maidir le pósadh agus le freagracht tuismitheora, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1347/2000 1 a léirmhíniú sa chaoi go gciallaíonn sé go gceadaítear do na cúirteanna i mBallstát a bhfuil dlínse acu maidir leis an tsubstaint, má mheasann siad go mbeadh cúirt i mBallstát eile, a bhfuil ceangal sonrach ag an leanbh sin leis, i riocht níos fearr chun an cás a éisteacht, nó cuid shonrach den chás, a iarraidh ar an gcúirt sin dlínse a ghlacadh fiú sa chás ina bhfuil gnáthchónaí ar an leanbh sa Bhallstát eile sin i ndiaidh aistriú éagórach?

Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 1:

An gcaithfear Airteagal 15 de Rialachán Uimh. 2201/2003 a léirmhíniú sa chiall go bhfuil na critéir maidir le haistriú dlínse a leagtar amach san Airteagal sin rialaithe go huilechuimsitheach, gan gá le tuilleadh critéar a mheasúnú i bhfianaise na n-imeachtaí arna dtionscnamh faoi Airteagal 8(f) de Choinbhinsiún na Háige an 25 Deireadh Fómhair 1980 ar na Gnéithe Sibhialta a bhaineann le Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí?

____________

1     IO 2003 L 338, lch. 1.