Language of document :

Caingean arna tabhairt an 31 Márta 2023 – an Coimisiún Eorpach v Ríocht na Danmhairge

(Cás C-214/23)

Teanga an cháis: an Danmhairgis

Páirtithe

Iarratasóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: J. Samnadda agus C. Vang, Gníomhairí)

Coasantóir: Ríocht na Danmhairge

An t-orú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

a dhearbhú gur mhainnigh Ríocht na Danmhairge a hoibleagáidí faoi Airteagal 29 de Threoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach a chomhlíonadh agus lena leasaítear Treoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE 1 , trí mhainneachtain na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin uile is gá chun an Treoir a chomhlíonadh a ghlacadh faoin 7 Meitheamh 2021 ar a dhéanaí, nó i gcás ar bith, trí mhainneachtain an Coimisiún a chur ar an eolas faoi na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin sin;

a ordú do Ríocht na Danmhairge cnapshuim EUR 3 642 a íoc leis an gCoimisiún in aghaidh an lae ón lá tar éis an spriocdháta chun an Treoir a chur chun feidhme, eadhon an 8 Meitheamh 2021, agus go dtí an lá a dtiocfaidh deireadh leis an mainneachtain oibleagáidí a chomhlíonadh, nó, mura gcomhlíontar é, dáta arna thabhairt an breithiúnas sa chás seo, agus nach lú ná EUR 1 456 000;

má chinneann an Chúirt mainneachtain oibleagáidí a chomhlíonadh dá dtagraítear i mír 1 agus má leanann sí ar aghaidh tar éis an breithiúnas a thabhairt sa chás seo, a ordú do Ríocht na Danmhairge íocaíocht phionósach EUR 21 840 a íoc leis an gCoimisiún in aghaidh gach lae moille ó dháta arna thabhairt an breithiúnas go dtí an dáta a chomhlíonann Ríocht na Danmhairge a hoibleagáidí faoin Treoir;

a ordú do Ríocht na Danmhairge na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Le Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoir 96/9/CE agus Treoir 2001/29/CE, nuashonraítear na rialacha cóipchirt chun na teicneolaíochtaí digiteacha a chur san áireamh a bhfuil an bealach ina ndéantar ábhar cruthaitheach a tháirgeadh, a dháileadh agus a rochtain athraithe ó bhonn. Is léir ó Airteagal 29(1) den Treoir go bhfuil an Treoir sin le trasuí sa dlí náisiúnta faoin 7 Meitheamh 2021, agus go bhfuil ar na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas faoi sin láithreach.

Níor chomhlíon Ríocht na Danmhairge an oibleagáid sin. An 24 Meitheamh 2021, chuir Ríocht na Danmhairge in iúl don Choimisiún gur thrasuí sí Airteagail 15 agus 17 den Treoir, ach níor thrasuí sí an chuid eile den Treoir. Dá bhrí sin, an 23 Iúil 2021, sheol an Coimisiún litir fógra fhoirmiúil chuig an Danmhairg. An 24 Meán Fómhair 2021, thug Rialtas na Danmhairge freagra ar an litir fógra fhoirmiúil agus d’admhaigh sé nach ndearnadh an Treoir a thrasuí go hiomlán i ndlí na Danmhairge. An 19 Bealtaine 2022, chuir an Coimisiún tuairim réasúnaithe ar aghaidh chuig an Danmhairg, ar thug Rialtas na Danmhairge freagra uirthi an 30 Meitheamh 2022. Sa fhreagra sin, chuir Rialtas na Danmhairge in iúl nach ndearnadh an Treoir a thrasuí ina hiomláine go fóill i ndlí na Danmhairge. Chuir Rialtas na Danmhairge in iúl go deireanach i mí an Mhárta 2023 nach raibh na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin uile is gá chun an Treoir a chomhlíonadh glactha fós ag Ríocht na Danmhairge.

Glacadh an Treoir i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus, dá bhrí sin, tagann an cás faoi raon feidhme Airteagal 260(3) CFAE. Níor chomhlíon an Danmhairg an oibleagáid a leagtar amach in Airteagal 29 den Treoir na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin uile is gá chun an Treoir a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 7 Meitheamh 2021 agus an Coimisiún a chur ar an eolas faoi sin láithreach. Dá bhrí sin, comhlíontar na coinníollacha maidir le hAirteagal 260(3) CFAE a chur i bhfeidhm.

I bhfianaise an mhéid sin, iarrann an Coimisiún ar an gCúirt ordú a thabhairt do Ríocht na Danmhairge cnapshuim agus íocaíochtaí pionóis a íoc de bhun Airteagal 260(3) CFAE, agus na smachtbhannaí sin a leagan síos i gcomhréir leis an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le smachtbhannaí eacnamaíocha i nósanna imeachta um shárú.

____________

1 IO 2019 L 130, lch. 92.