Language of document :

Caingean arna tabhairt an 8 Aibreán 2024 – Association des producteurs de sel marin de l’Ile de Ré v an Coimisiún

(Cás T-192/24)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Association des producteurs de sel marin de l’Ile de Ré (Ars en Ré, an Fhrainc) (ionadaithe: T. Lacacinski agus F. Fajgenbaum, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a dhearbhú go bhfuil dlínse aici;

iarratas an iarratasóra ar neamhniú Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/423 1 ón gCoimisiún an 31 Eanáir 2024 lena gcláraítear ainm sa chlár um ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (Sel de Camargue / Fleur de sel de Camargue (TGFC)) a ghlacadh;

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/423 ón gCoimisiún an 31 Eanáir 2024 lena gcláraítear ainm sa chlár um ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (Sel de Camargue / Fleur de sel de Camargue (TGFC)) a chur ar neamhní;

a ordú don Choimisiún na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí atá, go bunúsach, comhionann nó cosúil leo sin a maíodh i gCás T-190/24, Comptoir Sel Solaire v an Coimisiún.

____________

1 Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/423 ón gCoimisiún an 31 Eanáir 2024 lena gcláraítear ainm sa chlár um ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (Sel de Camargue / Fleur de sel de Camargue (TGFC) (IO L, 2024/423).