Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Corte suprema di cassazione (an Iodáil) a taisceadh an 23 Eanáir 2024 – Imeachtaí coiriúla i gcoinne GE

(Cás C-40/24, Derterti1 )

Teanga an nós imeachta: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Corte suprema di cassazione (an Iodáil)

Iarratasóir

GE

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gá Airteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach a léiriú sa chaoi go bhfuil an ceart atá ag an gcúisí chun cosanta teicniúla i dtriail choiriúil ar cheann de na cearta atá cumhdaithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh an 7 Nollaig 2000 agus na cearta bunúsacha arna ráthú leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint agus mar a eascraítear as na traidisiúin bhunreachtúla is coiteann do Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, lena n-aithnítear mar phrionsabail ghinearálta dhlí an Aontais agus nach mór Cinneadh Réime 2002/584/CGB 1 ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir na Ballstáit a urramú?

Más amhlaidh atá, an féidir a mheas gur urramaíodh an ceart atá ag an gcúisí chun cosanta teicniúla i dtriail choiriúil má tugadh  breithiúnas lena bhforchuirtear pianbhreith  i gcoinne duine cúisithe atá as láthair agus nach bhfuil cúnamh aige ó dhlíodóir, ceachtar dá rogha féin nó a cheap an chúirt a éisteann an cás, cé go bhfuil sé faoi réir cheart an duine chúisithe, a luaithe a bheidh sé tugtha suas, go mbeidh ráthaíochtaí cosanta ag gabháil le hathdhéanamh na n-imeachtaí?

Dá bhrí sin, an gá Airteagal 4a de Chinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle, a tugadh isteach le Cinneadh Réime 2009/299/CGB1 ón gComhairle an 26 Feabhra 2009, a léiriú sa chaoi is go bhfuil an chumhacht ag an Stát iarrtha tabhairt suas barántas gabhála Eorpach a fhorghníomhú, ar barántas é a eisíodh chun pianbhreith choimeádta nó ordú coinneála a fhorghníomhú, más rud é nach raibh an duine lena mbaineann i láthair go pearsanta ag an triail a raibh an cinneadh mar thoradh uirthi, fiú má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 4a (1) (d), ach nach bhfuair an duine lena mbaineann cúnamh ó dhlíodóir arna cheapadh aige nó uaithi féin ag cúirt na trialach?

____________

1     Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

1     IO 2002 L 190, lch. 1.

1     Cinneadh Réime 2009/299/CGB ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 lena leasaítear Cinntí Réime 2002/584/CGB, 2005/214/CGB, 2006/783/CGB, 2008/909/CGB agus 2008/947/CGB,  lena ndéantar, ar an gcaoi sin, cearta nóis imeachta daoine a fheabhsú agus cur i bhfeidhm phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chothú maidir le cinntí a dhéantar gan an duine lena mbaineann a bheith as láthair ag an triail (IO 2009 L 81, lch. 24).