Language of document :

Caingean arna tabhairt an 22 Eanáir 2024 – OMV v EUIPO (Meascán de na dathanna gorm agus glas)

(Cás T-38/24)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: OMV AG (Vín, an Ostair) (ionadaithe: C. Schumacher agus B. Kapeller-Hirsch, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Trádmharc atá faoi cheist: Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach i ndáil leis an dathmharc (Meascán de na dathanna gorm agus glas) – Iarratas ar chlárú Uimh. 1 593 116

Cinneadh atá faoi cheist: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 8 Samhain 2023 i gcás R 798/2023-5

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi cheist a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Easpa réasúnaíocht leordhóthanach.

Sárú ar phrionsabail ghinearálta na deimhneachta dlíthiúla, na córa comhionainne agus an dea-riaracháin.

____________