Language of document : ECLI:EU:T:2023:833

Caingean arna tabhairt an 1 Márta 2024 – An Coimisiún Eorpach v an Phoblacht Heilléanach

(Cás C-169/24)

Teanga an cháis: an Ghréigis

Páirtithe

Iarratasóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: E. Sanfrutos Cano, S. Kamperas)

Cosantóir: An Phoblacht Heilléanach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt:

a dhearbhú gur mhainnigh an Phoblacht Heilléanach a hoibleagáidí faoi Airteagail 14(2) agus 15(1) de Threoir 2007/60/CE1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le measúnú agus bainistiú rioscaí tuilte a chomhlíonadh, toisc nach ndearna sí athbhreithniú nó, más gá, nár nuashonraigh sí na léarscáileanna guaise agus riosca tuilte faoin 22 Nollaig 2019 agus nár chuir sí ar fáil don Choimisiún an leagan athbhreithnithe agus más gá, nuashonraithe, faoin 22 Márta 2020;

a ordú don Phoblacht Heilléanach na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Measann an Coimisiún Eorpach nach ndearna an Phoblacht Heilléanach na léarscáileanna guaise tuilte agus riosca tuilte a athbhreithniú agus, más gá, a nuashonrú laistigh de na teorainneacha ama atá leagtha síos.

Measann an Coimisiún Eorpach freisin nár chuir an Phoblacht Heilléanach an leagan athbhreithnithe agus, más gá, nuashonraithe de na léarscáileanna guaise tuilte agus riosca tuilte ar fáil don Choimisiún laistigh de na spriocdhátaí atá leagtha síos.

Ar na cúiseanna sin, sháraigh an Phoblacht Heilléanach Airteagal 14(2) agus Airteagal 15(1) de Threoir 2007/60/CE.

____________

1 IO 2007, L 288, lch. 27