Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 28 Feabhra 2024 – Drinks Prod v EUIPO – Wolff agus Illg (IGISAN)
(Cás T-164/23) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh IGISAN – Focalmharc níos luaithe de chuid an Aontais Eorpaigh IGNISAN – Foras coibhneasta le diúltú – Baol mearbhaill – Airteagal 8(1) (b) de Rialachán (AE) 2017/1001)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Drinks Prod SRL (Păntășești, an Rómáin) (ionadaí: I. Speciac, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: I. Stoycheva agus D. Gája, Gníomhairí)
Páirtithe eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt ós comhair na Cúirte Ginearálta: Siegfried Wolff (Beirlín, an Ghearmáin), Matthias Illg (Beirlín) (ionadaí: R. Kunz-Hallstein, Dlíodóir)
Ábhar
Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí cinneadh an Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 19 Eanáir 2023 (Cás R 982/2022-2) a chur ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
Diúltaítear don chaingean.
Ordaítear do Drinks Prod SRL a chostais féin, agus na costais arna dtabhú ag Siegfried Wolff agus Matthias Illg, a íoc.
____________
1 IO C 179, 22.5.2023.