Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 17 Eanáir 2024 – Athlet v EUIPO – Heuver Banden Groothandel (ATHLET)

(Cás T-650/22)1

(Trádmharc an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí neamhbhailíochta – Trádmharc an Aontais Eorpaigh ‘ATHLET’ – Dearbhfhoras le diúltú – Meon mímhacánta – Airteagal 52(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 (arb é Airteagal 59(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois é))

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Athlet Ltd (Londain, an Ríocht Aontaithe) (ionadaí: S. Reinhard, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: D. Hanf, Gníomhaire)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, idiragraí os comhair na Cúirte Ginearálta: Heuver Banden Groothandel BV (Den Ham Ov, an Ísiltír) (ionadaithe: R. Kunze, F. Tyra agus E. Beer, Dlíodóirí)

Ábhar

Lena chaingean bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfear an cinneadh ón gcéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 8 Lúnasa 2022 (Cás R 2214-2019-1) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

Déantar an chaingean a dhíbhe.

Ordaítear do Athlet Ltd a chostais féin, mar aon le costais Heuver Banden Groothandel BV a íoc.

Ordaítear do EUIPO a chostais féin a íoc.

____________

1     IO C 35, 30.1.2023.