Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Wojskowy Sąd Okręgowy w Warszawie (an Pholainn) a taisceadh an 9 Samhain 2023 – Imeachtaí coiriúla i gcoinne R. S.

(Cás C-661/23, Jeszek 1 )

Teanga an cháis: an Pholainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Wojskowy Sąd Okręgowy w Warszawie

Páirtithe sna príomhimeachtaí

R. S., Prokuratura Rejonowa Warszawa-Ursynów w Warszawie

Na ceisteanna a tharchuirtear:

An gcaithfear dlí an Aontais, lena n-áirítear Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus luach an smachta reachta a chumhdaítear ann, agus Airteagal 19(1), an dara fomhír, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a léiriú sa chaoi go gcuirtear bac ar fhorálacha an dlí náisiúnta, amhail:

Airteagal 233 den ustawa z dnia 11 marca 2022 r. o obronie Ojczyzny (Dlí an 11 Márta 2022 maidir le Cosaint na Tíre Dúchais), arna leasú le ustawa z dnia 28 lipca 2023 r. o zmianie ustawy – Kodeks cywilny oraz niektórych innych ustaw (Dlí an 28 Iúil 2023 lena leasaítear an Cód Sibhialta agus dlíthe áirithe eile) (Dziennik Ustaw (Iris Dlíthe) 2023, mír 1615), ar dá mbun a ndéanfar Breitheamh Cúirte Míleata Náisiúnta a fhágáil gan a cheart fanacht ina phost mar bhreitheamh cúirte tar éis scaoileadh leis ó sheirbhís mhíleata ghairmiúil (lena n-áirítear mar thoradh ar a dhearbhú go bhfuil sé neamhoiriúnach go buan chun seirbhíse míleata gairmiúla), lena n-áirítear an ceart chun suí ar phainéil breithnithiúcháin na cúirte sin i gcásanna a shanntar air roimh theacht i bhfeidhm na bhforálacha sin;

Airteagal 13 de Dhlí an 28 Iúil 2023 lena leasaítear an Cód Sibhialta agus dlíthe áirithe eile (Dziennik Ustaw, 2023, mír 1615), ar dá bhun, ar theacht i bhfeidhm na bhforálacha dá dtagraítear i bpointe (a) thuas, ní mór do Bhreitheamh Cúirte Míleata Náisiúnta a scaoileadh ó sheirbhís mhíleata ghairmiúil sna himthosca a léirítear thuas dul ar scor le hoibriú an dlí?

An bhfuil tionchar ar an bhfreagra le tabhairt ar an gceist seo nach mbaineann na forálacha dá dtagraítear i mír (b) ach le Breitheamh aonair atá ina shuí ar phainéal na cúirte a rinne an tarchur (dlí ad hominem), agus gur leis amháin a mbeidh siad bainteach amach anseo, agus ag an am céanna gur choinnigh na hionchúisitheoirí a gceart chun fanacht ina bpost mar ionchúisitheoirí um ghnóthaí míleata, d’ainneoin gur scaoileadh iad óna seirbhís mhíleata ghairmiúil?

An gcaithfear dlí an Aontais, lena n-áirítear na forálacha a thugtar sa chéad cheist, a léiriú sa chaoi go bhfuil scor breithimh de Chúirt Mhíleata Náisiúnta le hoibriú an dlí, sna himthosca a luaitear sa cheist sin, neamhéifeachtach, rud a fhágann go bhféadfadh an breitheamh sin leanúint ar aghaidh ag suí ar phainéal breithnithiúcháin na cúirte a rinne an tarchur, agus go bhfuil sé d’oibleagáid ar gach comhlacht stáit é a chur ar a chumas leanúint ar aghaidh ag suí ar an bpainéal sin, i gcomhréir leis na rialacha a bhí ann roimhe?

An gcaithfear dlí an Aontais – lena n-áirítear (i) Airteagal 2 CAE agus luach an smachta reachta a chumhdaítear ann, Airteagal 4(3) CAE agus prionsabal an chomhair dhílis a chumhdaítear ann, Airteagal 19(1) an dara fomhír, CAE, Airteagal 267 CFAE, agus prionsabal na héifeachtachta agus prionsabal na tosaíochta, agus (ii) Airteagal 2 CAE agus luach an daonlathais a chumhdaítear ann, Airteagal 4(2) CAE, agus prionsabal scaradh na gcumhachtaí – a léiriú sa chaoi go n-eascraíonn an chumhacht nó an oibleagáid atá ar an gcúirt náisiúnta cur i bhfeidhm forálacha den dlí náisiúnta a chur ar fionraí, lena n-áirítear forálacha reachtúla is ábhar do tharchur chun réamhrialú go díreach as dlí an Aontais?

An bhfuil tionchar ar an bhfreagra le tabhairt ar an gceist seo nach bhforáiltear sa dlí náisiúnta go bhféadfadh an chúirt a rinne tarchur chun réamhrialú cur i bhfeidhm forálacha den dlí náisiúnta a chur ar fionraí, agus go bhfuil rialú lena n-ordaítear an fhionraí sin, go dtí go gcuireann an chúirt a rinne a tarchur san áireamh na heilimintí léirmhínithe de dhlí an Aontais atá i bhfreagra na Cúirte ar an tarchur sin, riachtanach in imthosca an cháis sna príomhimeachtaí?

____________

1 Is ainm bréige é ainm an cháis seo agus ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.