Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Hof van Cassatie (an Bheilg) arna taisceadh an 9 Samhain 2023 – Intervlees NV v Sump & Stammer GmbH

(Cás C-660/23, Intervlees)

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Hof van Cassatie

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Intervlees NV

Cosantóir: Sump & Stammer GmbH

An cheist a tharchuirtear

An bhfuil forálacha Iarscríbhinn III, Cuid I, Caibidil VII, pointe 4 de Rialachán Uimh. 853/2004 1 le léiriú sa chaoi nach mbaineann an tréimhse chobhsaíochta ach leis an ngearrthréimhse i ndiaidh an mharaithe ina bhfuaraítear an fheoil d’fhonn an pH ceart agus cobhsú teirmeach a bhaint amach, sa chaoi nach mór an fheoil atá ceaptha lena reo a reo go díreach ina dhiaidh sin, agus nach mbaineann sé leis an tréimhse fuaraithe níos déanaí chun ligean don fheoil teacht chun tuilleadh aibíochta, sa chaoi nach féidir le feoil a ceapadh lena reo a reo tar éis aibiú?

____________

1 Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha maidir le rialuithe oifigiúla a eagrú i dtaca le táirgí de bhunadh ainmhíoch atá ceaptha le caitheamh ag an duine (IO 2004 L 139, lch. 55).