Caingean arna tabhairt an 14 Feabhra 2024 – Golden Support v EUIPO – Sky International (Skyliner)
(Cás T-78/24)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Golden Support s. r. o. (Prág, Poblacht na Seice) (ionadaí: P. Cink, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Sky International AG (Zürich, an Eilvéis)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘Skyliner’ - Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 17 152 943
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cúlghairm
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 14 Nollaig 2023 i gCás R 421/2023-4
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
iarratas le haghaidh dearbhú neamhbhailíochta de thrádmharc cláraithe Uimh. 17 152 943.
Saincheisteanna dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
Sárú ar Airteagal 16 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
____________