Language of document :

Caingean arna tabhairt an 15 Nollaig 2023 – AS agus páirtithe eile v SEGS

(Cás T-1160/23)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóirí: AS agus 28 n-iarratasóir eile (ionadaí: A. Tymen, Dlíodóir)

Cosantóir: An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí

An t-ordú atá á lorg

Iarrann na hiarratasóirí ar an gCúirt Ghinearálta:

cinneadh ó Ard-Stiúrthóir SEGS um Bainistiú Acmhainní an 21 Nollaig 2022 a chur ar neamhní, ar cinneadh é dar tagairt ADMIN(2022)76, lena socraítear liúntas dálaí maireachtála 2023 le haghaidh na hIordáine ag 10%;

cinneadh ó Ard-Rúnaí SEGS an 7 Meán Fómhair 2023 a chur ar neamhní, ar cinneadh é dar tagairt Ares(2023)6075736, lena ndiúltaítear do ghearán na n-iarratasóirí;

a ordú don chosantóir na costais a íoc ina n-iomláine.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear neamhrialtacht an nós imeachta a leanadh agus an liúntas dálaí maireachtála á shocrú le haghaidh 2023, sáruithe ar na treoirlínte lena leagtar amach an mhodheolaíocht chun liúntas dálaí maireachtála a shocrú agus chun saoire sosa a dheonú agus sárú ar an dualgas cúraim a bheith ann i leith leas na foirne.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear earráid fhollasach mheasúnaithe, ar an bhforas gur measadh faoina luach na paraiméadair ‘slándáil’, ‘an timpeallacht sláinte agus ospidéil’, ‘aeráid’, ‘an leibhéal leithlise’ agus ‘dálaí eile maireachtála’ ar shannadh an scóir dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de na treoirlínte thuasluaite.

____________