Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesverwaltungsgericht (an Ostair) an 16 Feabhra 2024 – Umweltorganisation VIRUS – Verein Projektwerkstatt für Umwelt und Soziales agus páirtithe eile v Amt der Niederösterreichischen Landesregierung, Abteilung Landesstraßenplanung – ST3

(Cás C-131/24, VIRUS agus páirtithe eile)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesverwaltungsgericht

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: Umweltorganisation VIRUS – Verein Projektwerkstatt für Umwelt und Soziales, Bürgerinitiative ‘Nein zur Spange Wörth’, A.H. agus páirtithe eile, Umweltorganisation Verein Lebenswertes Traisental, Umweltorganisation FG LANIUS – Forschungsgemeinschaft für regionale Faunistik und angewandten Naturschutz

Cosantóir: Amt der Niederösterreichischen Landesregierung, Abteilung Landesstraßenplanung – ST3

An t-údarás a ghlac an cinneadh atá faoi chonspóid: Amt der Niederösterreichischen Landesregierung, Gruppe Wirtschaft, Sport und Tourismus, Abteilung Anlagenrecht – WST1

Páirtithe eile sna himeachtaí : Autobahnen- und Schnellstraßen-Finanzierungs-Aktiengesellschaft (ASFINAG), Stadt St. Pölten, Marktgemeinde Ober-Grafendorf

Na ceisteanna a tharchuirtear

An bhfuil Airteagal 5 de Threoir 2009/147/CE 1 le léiriú sa chaoi nach bhfuil suaitheadh d’aon ghnó, de réir bhrí Airteagal 5(d), i gcás inar féidir go gcuirfí isteach ar eiseamal de speicis áirithe ach go gcuirfear cosc ar aon éifeacht ar chuspóir Airteagal 2 den Treoir sin trí bhearta arna gcur chun feidhme in am trátha agus go cuí?

Más freagra dearfach a thabharfar ar an gcéad cheist: an gcaithfear gach amhras eolaíochta maidir le héifeachtacht na mbeart a chur as an áireamh, arna léiriú le measúnú cuí-réasúnaithe proifisiúnta ó shaineolaí arna cheapadh ag an gcúirt, nó an gcaithfidh taighde eolaíoch a bheith ann lena léirítear taithí phraiticiúil ar na bearta sin?

____________

1     Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO 2010 L 20, lch. 7).